Lúcás 11
11
1Agus ṫarla, agus é ag déanaṁ urnaiġe i n‐áit áiriṫe, go nduḃairt duine d’á ḋeisceablaiḃ leis, nuair do stad sé, A Ṫiġearna, múin dúinne urnaiġe do ḋéanaṁ, fá mar ṁúin Eoin d’á ḋeisceablaiḃ féin. 2Agus aduḃairt sé leo, Nuair do‐ġní siḃ urnaiġe, abraiḋ, A Aṫair, Go naoṁṫar t’ainm. Go dtigiḋ do ríoġaċt. 3Taḃair ḋúinn ár n‐arán le h‐aġaiḋ an lae. 4Agus maiṫ ḋúinn ár bpeacaiḋe; mar ṁaiṫimíd‐ne ḋóiḃ‐sean ar a ḃfuil fiaċa againn. Agus na seol i gcaṫú sinn.
5Agus aduḃairt sé leo, Cia aca ḋíoḃ‐se, go mbéiḋ cara aige, agus go raċaiḋ sé ċuige i lár na h‐oiḋċe, agus go n‐abróċaiḋ sé leis, A ċara, taḃair trí bollóga aráin ar iasaċt dom; 6óir ṫáinig cara ar turas ċugam, agus ní ḟuil éinniḋ agam le cur ’n‐a ċóṁair; 7agus go n‐abróċaiḋ seisean atá istiġ, Ná bí ag cur buaiḋearṫa orm; atá an doras dúnta anois, agus atá mo ċlann i n‐éinḟeaċt liom sa leabaiḋ; ní féidir liom éirġe agus rud do ṫaḃairt duit. 8Adeirim liḃ, Muna n‐éireoċaiḋ sé ċum rud do ṫaḃairt dó, toisc gur cara leis é, éireoċaiḋ sé mar ġeall ar a ṡíor‐ṫaṫant, agus do‐ḃéarfaiḋ sé ḋó cibé niḋ atá uaiḋ. 9Agus adeirim liḃ, Iarraiḋ, agus do‐ḃéarfar daoiḃ; loirgiḋ, agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ; buailiḋ, agus fosclóċar daoiḃ. 10Óir gaċ aoinneaċ iarras, glacann sé; agus an té loirgeas, ġeiḃeann sé; agus do’n té ḃuaileas, fosclóċar. 11Agus cia h‐é an t‐aṫair agaiḃ go n‐iarrfaiḋ a ṁac bollóg aráin air, agus gur cloċ ḃéarfas sé ḋó? nó iasc, agus i n‐ionad éisc gur naṫair niṁe ḃéarfas sé ḋó. 12Nó dá n‐iarraḋ sé uḃ, an scairp do‐ḃéaraḋ sé ḋó? 13Ar an aḋḃar sin, má’s eol daoiḃ‐se, agus siḃ go h‐olc, deaġ‐ṫaḃartais do ḃronnaḋ ar ḃúr gclainn, naċ mó go mór ḃronnfas ḃúr nAṫair atá ar neaṁ an Spiorad Naoṁ orṫa‐san iarras air é?
14Agus do ḃí sé ag caiṫeaṁ deaṁain do ḃí balḃ amaċ. Agus ṫarla, nuair do ḃí an deaṁan imṫiġṫe amaċ, gur laḃair an balḃán; agus do‐rinne an sluaġ iongnaḋ ḋe. 15Aċt do ḃí cuid aca aduḃairt, Is tré Ḃelsibub, prionnsa na ndeaṁan, ċaiṫeas sé na deaṁain amaċ. 16Agus d’iarr cuid eile aca cóṁarṫa ó neaṁ air, g‐á ṫriail. 17Aċt do b’eol dó a smaointe, agus aduḃairt sé leo, Gaċ ríoġaċt atá deiġilte ’n‐a coinniḃ féin, téiġeann sí ċum donaċta; agus líon tiġe atá deiġilte i gcoinniḃ lín tiġe, tuiteann sé. 18Agus má atá Sátan deiġilte ann féin, cionnas ṡeasfas a ríoġaċt? óir adeir siḃ‐se gur tré Ḃelsibub ċaiṫim‐se amaċ na deaṁain. 19Agus má’s tré Ḃelsibub ċuirim‐se na deaṁain amaċ, cia ṫríd ċaiṫeas ḃúr gclann féin amaċ iad? D’á ḃriġ sin is iad‐san ḃéarfas breiṫ oraiḃ. 20Aċt má’s le cuṁaċt Dé ċuirim‐se na deaṁain amaċ, annsin atá ríoġaċt Dé tagṫa ċugaiḃ. 21Nuair ḃíos fear tréan, gléasta i n‐arm ag cosaint a ċúirte féin, bíonn síoṫċáin ar a ḃfuil aige: 22aċt nuair ṫig duine is treise ’ná é g‐á ionnsaiġe, agus do‐ḃeir sé buaiḋ air, tógann sé uaiḋ a ċuid arm ar a raiḃ a ṡeasaṁ, agus roinneann sé a ċuid éadála. 23An té naċ ḃfuil liom atá sé im’ aġaiḋ; agus an té naċ ḃfuil ag cruinnuí mar aon liom, atá sé ag scaipeaḋ. 24Nuair ḃíos an spioraid neaṁ‐ġlan imṫiġṫe as an duine, gluaiseann sí tré áiteannaiḃ tiorma ar lorg suaiṁnis: agus nuair naċ mbíonn sin le fáġáil aici, adeir sí, Fillfead ċum mo ṫiġe as a dtáinig mé amaċ. 25Agus ar dteaċt dí, do‐ġeiḃ sí an teaċ scuabṫa, deisiġṫe. 26Imṫiġeann sí annsin agus do‐ḃeir sí léi seaċt spioraidí eile is measa ’ná í féin; agus téid siad‐san isteaċ agus do‐ġní siad cóṁnaiḋe ann: agus is measa staid an duine sin sa deireaḋ ’ná do ḃí a ċéad staid.
27Agus ṫarla, le linn cainnte ḋó, gur laḃair bean de ġuṫ árd as an sluaġ, agus aduḃairt sí, Is beannuiġṫe an ḃroinn d’iomċair ṫú, agus na cíoċa do ḋeolais. 28Aċt aduḃairt seisean, Abair ’n‐a ionad sin, Is beannuiġṫe iad‐san éisteas le briaṫar Dé agus ċoiṁéadas é.
29Agus nuair do ḃí na sluaiġte ag cruinniú ċuige, do ṫosnuiġ sé ar a ráḋ leo, Droċ‐ċineaḋ is eaḋ an cineaḋ so: atá sé ag tóraiḋeaċt cóṁarṫa; agus ní taḃarfar cóṁarṫa ḋó aċt cóṁarṫa Iónáis. 30Óir fá mar ḃí Iónás ’n‐a ċóṁarṫa do ṁuinntir Niniḃe, is mar sin ḃéas Mac an Duine ’n‐a ċóṁarṫa do’n ċineaḋ so. 31Éireoċaiḋ ríoġan an doṁain ṫeas sa mbreiṫeaṁnas i n‐aġaiḋ muinntire an ċiniḋ seo, agus ḃéarfaiḋ sí daoir‐ḃreiṫ orṫa: óir ṫáinig sise ó imeallaiḃ an doṁain ċum éisteaċta le h‐eagna Ṡolaiṁ; agus féaċ, atá duine is mó ’ná Solaṁ annso. 32Éireoċaiḋ muinntear Niniḃe sa mbreiṫeaṁnas i n‐aġaiḋ an ċiniḋ seo, agus ḃéarfaiḋ siad daoir‐ḃreiṫ air: óir do‐rinneadar‐san aiṫriġe ar ḟógairt Iónáis, agus féaċ, atá duine is mó ’ná Iónás annso.
33Aoinneaċ lasas lóċrann, ní i soiléar ċuireas sé é, ná fá ḃéal buiséil, aċt cuireann sé ar stáitse é, ċum go ḃfeicfiḋ siad‐san ṫigeas isteaċ an solas. 34Is í do ṡúil solas do ċuirp: nuair ḃíos do ṡúil glan, bíonn do ċorp uile soillseaċ, ċóṁ maiṫ; aċt nuair ḃíos sí go h‐olc, bíonn do ċorp sa dorċadas. 35Taḃraiḋ aire, d’á ḃriġ sin, naċ dorċadas an solas atá ionnat. 36D’á ḃriġ sin, má ḃíonn do ċorp uile soillseaċ, gan aon ċuid de ḃeiṫ dorċa, béiḋ sé soillseaċ go h‐iomlán, de réir mar ṡoillsiġeann lóċrann ṫú agus é ag deallrú go geal‐ġlan.
37Le linn na cainnte sin dó, d’iarr Fairisíneaċ air béile do ċaiṫeaṁ ’n‐a ḟoċair: agus do ċuaiḋ sé isteaċ, agus do ṡuiḋ sé síos ċum biḋ. 38Agus ba ṁór ba iongnaḋ leis an ḃFairisíneaċ, agus é ag féaċain air, nár niġ sé é féin roiṁ an mbéile. 39Agus aduḃairt an Tiġearna leis, Naċ breaġ mar ġlanann siḃ‐se, a Ḟairisíneaċa, an taoḃ amuiġ de’n ċupán agus de’n ṗláta; aċt bíonn siḃ líonta istiġ de ṡainnt agus de ċuirpṫeaċt. 40A ḋaoine gan ċiall, an té do‐rinne an taoḃ amuiġ, naċ ndearna sé an taoḃ istiġ mar an gcéadna? 41Aċt, i dtaoḃ a ḃfuil istiġ, taḃraiḋ déirc uaiḃ; agus féaċ, sin é gaċ uile niḋ glan daoiḃ.
42Aċt is mairg daoiḃ, a Ḟairisíneaċa! óir gearrann siḃ an deaċṁaḋ ar an miontas, agus ar an ruiḃ, agus ar gaċ uile luiḃ, agus ní ċuireann siḃ suim i mbreiṫeaṁnas ná i ngráḋ Dé: aċt ba ċeart daoiḃ aire do ṫaḃairt daoiḃ seo gan failliġe do ḋéanaṁ ionnta súd. 43Is mairg daoiḃ, a Ḟairisíneaċa! óir is breaġ liḃ na suiḋeaċáin uaċtaraċa ins na sionagógaiḃ, agus daoine ag beannú ḋaoiḃ i n‐áiteannaiḃ an ṁargaiḋ. 44Is mairg daoiḃ! óir is cuma siḃ nó na tuamaí naċ ḃfeictear, agus naċ eol dóiḃ‐sean ṡiuḃlas orṫa iad do ḃeiṫ ann.
45Agus d’ḟreagair duine de’n luċt dliġe, agus aduḃairt sé leis, A Ṁáiġistir, nuair adeirir an méid sin do‐ḃeirir masla ḋúinne, leis. 46Agus aduḃairt sé, Is mairg daoiḃ‐se, leis, a luċt dliġe! óir cuireann siḃ ualaiġe ar na daoiniḃ ṫar a rioċt, agus ní ċuireann siḃ féin oiread agus bárr méire ar aon ualaċ díoḃ. 47Is mairg daoiḃ! óir tógann siḃ tuamaí na ḃfáiḋ, agus gurḃ iad ḃúr sinnsir do ṁarḃ iad. 48Mar sin do‐ḃeir siḃ fiaḋnaise go ḃfuil siḃ ar aon inntinn le n‐ḃúr sinnsearaiḃ ’n‐a ngníoṁarṫaiḃ: do marḃadar‐san iad, agus tógann siḃ‐se leaċta. 49Ar an aḋḃar sin aduḃairt eagna Dé, Cuirfead fáiḋe agus abstail ċuca; agus marḃócaid cuid aca, agus do‐ġéanaid géirleanaṁain orṫa; 50ċum go n‐eileoċar ar an gcineaḋ so ar doirteaḋ d’ḟuil na ḃfáiḋ go léir ó ḃunaḋ an doṁain; 51ó ḟuil Aibéil go fuil Ṡaċariais do marḃaḋ idir an altóir agus an sanctóir: go fírinneaċ adeirim liḃ, éileoċar é ar an gcineaḋ so. 52Is mairg daoiḃ, a luċt na dliġe! óir do ṫógaḃar liḃ eoċair an eolais: ní ḋeaċaḃar féin isteaċ, agus do ċoisceaḃar iad‐san do ḃí ag dul isteaċ.
53Agus nuair do ḃí sé imṫiġṫe as an áit sin, do ṫosnuiġ na scríoḃaiḋṫe agus na Fairisíniġ ar aiġneas do ċur air go dian, g‐á spreagaḋ ċum cainnte ar ṁórán neiṫe, 54ag faire na faille air, le súil go ḃfaġfaidís focal ó n‐a ḃéal do ḃraiṫfeaḋ é.
Currently Selected:
Lúcás 11: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.