Marcus 12:29-31
Marcus 12:29-31 ASN1943G
Agus dʼḟreagair Íosa é: Is í seo an ċéad aiṫne acu uilig: Éist, a Israéil, is aon Dia aṁáin do Ṫiġearna Dia, Agus gráḋóċaiḋ tú do Ṫiġearna Dia le do ċroiḋe go h-iomlán, agus le dʼanam go h-iomlán, agus le dʼintinn go h-iomlán, agus le do neart go h-iomlán. Is í seo an ċéad aiṫne. Agus is cosaṁail léi an dara ceann: Gráḋóċaiḋ tú do ċóṁarsa mar ṫú féin. Ní ḟuil aiṫne eile ann is mó ná iad seo.