Maitiú 26
26
Caibidil XXVI
Na h-Iúdaiġ ag ceapaḋ ceilge i n-aġaiḋ Ċríost. Críost dá ungaḋ ag Máire. Feall Iúdais. An suipéar deireannaċ. An urnaiġe san ġarrḋaḋ. Beirtear ar Íosa; agus ġeiḃ sé droċ-íde i dtiġ Ċaiṗais.
1Agus ṫárla, nuair a ċríoċnuiġ Íosa na briaṫra seo uilig, duḃairt sé le n-a ḋeisciobail:
2Tá a ḟios agaiḃ go mbéiḋ an Ċáisc ann#Marc. 14, 1; Lúc. 22, 1. i gcionn ḋá lá, agus ḃéarḟar suas Mac an Duine ċun a ċéasta.
3Annsin ċruinniġ uaċtaráin na sagart agus seanóirí an ṗobail isteaċ go halla an árdṡagairt, darḃ ainm Caiṗas:
4Agus ġlac siad cóṁairle le ċéile ċun breiṫ ar Íosa le ceilg, agus é ċur ċun báis.
5Aċt duḃairt siad: Ná déantar é lá na féile, ar eagla go mbéaḋ gleo imeasc na ndaoine.
6Agus nuair a ḃí Íosa i mBetánia, i dtiġ Ṡíomoin, loḃar,
7Ṫáinic bean ċuige, a raiḃ bocsa alabastair d’ungaḋ luaċṁar aice, agus ḋoirt sí ar a ċionn é, agus é ag cáiṫeaṁ bíḋ.#Marc. 14, 8; Eoin 11, 2, agus 12, 3.
8Ar a ḟeiceáil sin dá ḋeisciobail, ḃí fearg orṫa, agus duḃairt siad: Cad ċuige an cur amuġa seo?
9Óir d’ḟéadfaiḋe seo a ḋíol ar ṁórán, aguṡ é ṫaḃairt do na boċta.
10Agus ar a ṫuigsin seo do Íosa, duḃairt sé leo: Cad ċuige a mboḋrann siḃ an ḃean seo? Óir tá déaġ-obair déanta aice orm.
11Óir bíonn na boċta agaiḃ i gcóṁnaiḋe#26, 11 Ní ḃíonn mise agaiḃ i gcóṁnaiḋe. Is é sin le ráḋ, i rioċt duine mar a ḃí sé san am sin ar talaṁ; béiḋ na boċta acu i gcóṁnaiḋe go so-ḟaicsionnaċ, agus tiocfaiḋ leo caḃair agus faoiseaṁ a taḃairt dóiḃ gaċ uile lá dá saoġal., aċt ní ḃíonn mise agaiḃ i gcóṁnaiḋe.
12Óir ar ḋortaḋ an ungṫa seo ar mo ċorp dí, is ċun m’aḋlaicṫe a rinne sí é.
13Amén adeirim liḃ, cibé áit ar fud an doṁain go h-iomlán a ndéanfar an soiscéal seo a ṡeanmóir ann, an níḋ seo a rinne sí, mnseoċar mar an gcéadna é mar ċuiṁne uirṫí.
14Annsin ċuaiḋ duine de’n dáréag, arḃ ainm dó Iúdas Iscariot,#Marc. 14, 10; Lúc. 22, 3. ċuig uaċtaráin na sagart,
15Agus duḃairt leo: Cad é is toil liḃ a ṫaḃairt daṁ, agus braiṫfiḋ mé díḃ é? Agus ṡocruiġ siad-san leis ar ḋeiċ bpíosaí fiċead airgid.
16Agus ó’n am sin amaċ ḃíoḋ sé ar lorg caoi ċun é a ḃraṫ.
17Agus ar an ċéad lá d’ḟéile an aráin gan deascaiḋ, ṫáinic na deisciobail ċuig Íosa, ag ráḋ:#Marc. 14, 12; Lúc. 22, 7. Cá h-áit ar toil leat go ndéan-famaois fá réir duit leis an Ċáisc#26, 17 Ċáisc. An t-uan cásca. a ċaiṫeaṁ?
18Agus duḃairt Íosa: Téiġigiḋ isteaċ ċun na caṫraċ ċuig fear áiriṫe, agus abraigiḋ leis: Deir an Máiġistir: Tá m’am buailte liom; is i do ṫiġ-se a ġním an Ċáisc mar aon le mo ḋeisciobail.
19Agus rinne na deisciobail mar a d’órduiġ Íosa dóiḃ, agus d’ullṁuiġ siad an Ċáisc.
20Agus nuair a ḃí sé ina ṫráṫnóna, ṡuiḋ sé síos#Marc. 14, 17; Lúc. 22, 14. le n-a ḋá ḋeisciobal déag.
21Agus le linn dóiḃ a ḃeiṫ ag iṫe, duḃairt sé: Amén adeirim liḃ, go ḃḟuil duine agaiḃ ar tí mé a ḃraṫ.#Eoin 13, 21.
22Ṫáinic buaiḋreaṁ an-ṁór orṫa, agus ṫoisiġ gaċ duine acu a ráḋ: An é mise é, a Ṫiġearna?
23Aċt d’ḟreagair seisean, agus duḃairt: An té a ṫomas a láṁ san ṁéis liom-sa, is é sin a ḃraiṫḟeas mé.
24Go ḋeiṁin téid Mac an Duine do réir mar atá scríoḃṫa fá dtaoiḃ de:#Sailm 40, 10. aċt is mairg do’n té sin le n-a mbraiṫfear Mac an Duine: ba ṁaiṫ do’n ḟeár sin dá mbéaḋ sé gan a ṫeaċt ar an tsaoġal ariaṁ.
25Aċt d’ḟreagair Iúdas, a ḃraiṫ é, agus duḃairt: An é mise é, a Rabbi? Deir sé leis: Duḃairt tú é.
26Agus le linn dóiḃ a ḃeiṫ ag suipéar, ġlac Íosa arán,#1 Cor. 11, 24. agus ḃeannuiġ, agus ḃris, agus ṫug dá deisciobail é, agus duḃairt: Glacaigiḋ, agus iṫigiḋ: Is é seo mo ċorp#26, 26 Is é seo mo ċorp. Ní abrann sé: Is é seo figiúir mo ċuirp, act: Is é seo mo ċorp. (Cóṁairle na Neice, 2 Aċt 6.) Agus ní abrann sé: Tá mo ċorp annseo, na ina ṫeannta seo; aċt deir sé gan aon ċoinġeall: Is é seo mo ċorp. Léiriġeann na focla sin go soiléir gur tárla bríoġ-atruġaḋ..
27Agus ag breiṫ ar an ċailís dó, ṫug sé buiḋeaċas, agus ṫug dóiḃ, ag ráḋ: Ólaigiḋ uilig dí seo#26, 27 Ólaigiḋ uilig dí seo. Ba leis an dáréag abstal a duḃraḋ seo, óir b’iad-san aṁáin a ḃí i láṫair: agus d’ól siad uilig dí, deir N. Marc. 14, 23. Aċṫ ní cóir a ṫuigḃeáil ó na briaṫra seo a duḃraḋ leis na h-Abstail, go ḃfuil órduġaḋ ag na creroṁiġ uilig an ċailís d’ól; ní ḟuil, aċt oiread agus tá órduġaḋ acu an coisreacaḋ a ḋéanaṁ agus an t-Aifreann d’ofráil, nó an tSacramaint a ṫabairt, as siocair gur órduiġ Críost do na hAbstail an an ócáid seo, agus ag an am seo, an méro sin a ḋéanaṁ: Déanaigiḋ seo mar ċuiṁne orm-sa. (Lúc. 22, 19.).
28Óir is í seo m’ḟuil na tiomna nua#26, 28 ḟuil na tiomna nua. Mar a rinne Maoise an Sean Tiomna, nó an connraḋ eadar Dia agus a ṗobal, a séaluġaḋ agus a ṫoirḃirt i ḃfuil na n-íoḋbairt a h-ofráileaḋ, leis na briaṫra seo: Is í seo fuil an ċonnarṫa (Eaḃ. 9, 20); mar an gcéadna, ṡéaluiġ agus ḃunuiġ Críost an Tiomna Nua le n-a ċuid fola féin, fuil a doirteaḋ annseo go rúindiaṁraċ, leis na focla seo: Is í seo m’ḟuil na tiomna nua, ⁊c. a ḋoirtfear ar son móráin ċun maiṫeaṁnas na bpeacaiḋe.
29Agus deirim liḃ, ní ólfaiḋ mé feasta de’n toraḋ seo na fíneaṁna#26, 29 Toraḋ seo na fíneaṁna. Do réir ċunntas N. Lúc. 22, 18, ní ṫagrann na focla seo do ċailís na Sacramainte, aċt do’n ḟíon a h-ólaḋ leis an uan cásca. San am ċéadna, d’ḟéadfaiḋe toraḋ na fíneaṁna a ṫaḃairt an an tSacramaint san ċailís fosta, de ḃríġ gur fíon a bí annsin ar dtús, agus go maireann cosaṁlaċt, aicídí, agus cáilí an ḟíona san tSacramaint., go dtí an lá sin nuair a ólḟas mé go nua mar aon liḃ-se é i ríoġaċt m’Aṫar.
30Agus i ndiaiḋ dán a ġaḃáil, d’imṫiġ siad amaċ go Sliaḃ na gCrann Ola.
31Annsin deir Íosa leo: Ġeoḃaiḋ siḃ uilig scainneal#26, 31 Ġeoḃaiḋ siḃ uilig scainneal. De ḃríġ go dtaḃarḟaiḋ mo ġaḃáil oraiḃ uilig teiċeaḋ agus mé a ṫréigin.#Marc. 14, 27; Eoin 16, 32. ionnam-sa anoċt. Óir tá sé scríoḃṫa:#Sac. 13, 7. Buailfiḋ mé an t-aoḋaire, agus scaipfear caoiriġ an tréada.
32Aċt i ndiaiḋ m’eiséirġe, raċaiḋ mé róṁaiḃ go dtí an Ġailile.#Marc. 14, 28, agus 16, 7.
33Aċt duḃairt Peadar leis, ġá ḟreagairt: Bíoḋ go ḃfaġaḋ gaċ aoinneaċ scainneal ionnat, ní ḟuiġiḋ mise scainneal a ċoiḋċe.
34Duḃairt Íosa leis: Amén adeirim leat, go séanfaiḋ tú mé tri h-uaire anoċt ḟéin sul a scairtiḋ an coileaċ.#Marc. 14, 30; Eoin 13, 38.
35Deir Peadar leis:#Marc. 14, 31; Lúc. 22, 33. Bíoḋ go mb’éigean daṁ bás d’ḟaġáil i n-aoinḟeaċt leat, ní ṡéanḟaiḋ mé ṫú. Agus ba mar an gcéadna a laḃair na deisciobail go h-uile.
36Annsin ṫáinic Íosa leo go dtí an áit, dá ngoirtear Getsemani; agus duḃairt sé le n-a deisciobail: Suiḋigiḋ annseo, go dtéiġiḋ mise anonn annsiúd a ḋéanaṁ urnaiġe.
37Agus ṫug sé leis Peadar agus beirt ṁac Sebede, agus ṫoisiġ sé a éirġe buaiḋearṫa agus brónaċ.
38Annsin deir sé leo: Tá brón an ḃáis féin ar m’anam; fanaigiḋ annseo, agus déanaigiḋ faire liom.
39Agus ar dul giota beag ċun tosaiġ dó, ṫuit sé ar a aġaiḋ, ag guiḋe, agus ag ráḋ: A Aṫair, má’s féidir é, gaḃaḋ an ċailís seo ṫarm. Aċt ciḋeaḋ, ná bíoḋ mar is toil liom-sa, aċt mar is toil leat-sa.
40Agus tig sé ċuig a ḋeisciobail, agus ġeiḃ sé ina gcodlaḋ iad, agus deir sé le Peadar: An aṁlaiḋ naċ dtiocḟaḋ leat ḟaire a ḋéanaṁ liom ar feaḋ aon uaire aṁáin?
41Coiṁéadaigiḋ agus guiḋigiḋ naċ dtéiġiḋ sib isteaċ i gcaṫuġaḋ. Tá an spioraḋ, leoga, toilteannaċ, aċt tá an ċolann lag.
42D’imṫiġ sé arís an dara h-uair, agus ġuiḋ sé, ag ráḋ: A Aṫair liom, muna féidir do’n ċailís seo dul ṫart, aċt go gcaiṫfiḋ mé a h-ól, go ndéantar do toil.
43Agus tig sé arís, agus ġeiḃ sé ina gcodlaḋ iad: óir ḃí a súla trom.
44Agus ġá ḃfágáil dó, d’imṫiġ sé arís, agus ġuiḋ sé an tríoṁaḋ h-uair, ag ráḋ an ḃriaṫair ċéadna.
45Annsin tig sé ċuig a ḋeisciobail, agus deir sé leo: Cod-luiġigiḋ anois, agus déanaigiḋ ḃur scíste: féaċ, tá an uair druiḋte linn, agus ḃéarḟar Mac an Duine isteaċ i láṁa na bpeacaċ.
46Éiriġigiḋ, téiġimís: féaċ, tá an té a ḃraiṫḟeas mé i n-aice linn.
47Agus le linn é a ḃeiṫ ag cainnt, féaċ, ṫáinic Iúdas,#Marc. 14, 43; Lúc. 22, 47; Eoin 18, 3. duine de’n dáréag, agus i n-aoinḟeaċt leis sluaġ mór a ċuir uaċtaráin na sagart agus seanóirí an poḃail, agus claiḋṁe agus bataí leo.
48Agus an té a ḃraiṫ é, ṫug sé cóṁarṫa dóiḃ, ag ráḋ: Cibé a dtaḃarḟaiḋ mé póg dó, is é sin é: beirigiḋ air.
49Agus ar an ḃall ṫáinic sé ċuig Íosa, agus duḃairt: Go mbeannuiġṫear duit, a Rabbi. Agus ṗóg sé é.
50Agus duḃairt Íosa leis: A ċaraid, cad ċuige a dtáinic tú? Annsin ṫáinic siad-san ar aġaiḋ, fuair greim ar Íosa, agus ġaḃ siad é.
51Agus ḟéaċ, duine acu suíd a ḃí le h-Íosa, ṡín sé a láṁ, agus ṫarraing amaċ a ċlaiḋeaṁ: agus ag bualaḋ seirḃíseaċ an árdṡagairt dó, ġearr sé an ċluas de.
52Annsin deir Íosa leis: Cuir do ċlaiḋeaṁ ṫar ais ina áit féin: óir gaċ aoinneaċ a ġlacḟas an ċlaiḋeaṁ, is leis an ċlaiḋeaṁ a ṫuitfeas sé.#Gein. 9, 6; Taiḋḃ. 13, 10.
53An síleann tú naċ dtig liom larraiḋ ar m’Aṫair, agus ḃéarfaiḋ sé daṁ ar an ḃomaite níos mó ná ḋá léiguín déag aingeal?
54Cad é an dóiġ, mar sin, a gcóiṁlíonfar na Scrioptúirí,#Isaias 53, 10. óir is mar sin is éigean a ḃeiṫ?
55San uair sin duḃairt Íosa leis na sluaiġte: Ṫáinic siḃ amaċ aṁail ċuig gadaiḋe le claiḋṁe agus bataí le breiṫ orm; ḃí mé mo ṡuiḋea gaċ lá i ḃur measc ag teagasc san teampall, agus ní rug siḃ orm.
56Agus ṫárla seo uilig ionnas go gcóiṁlíontaí scrioptúirí na ḃfáiḋ.#Caointe 4, 20. Annsin d’ḟág a ḋeisciobail uilig é, agus ṫeiċ siad.#Marc. 14, 50.
57Aċt ċongḃuiġ siad-san greim ar Íosa, agus ṫug siad leo ċuig Caiṗas,#Lúc. 22, 54; Eoin 18, 24. an t-árdṡagart, é, áit a raiḃ na Scríoḃaiḋṫe agus na seanóirí cruinniġṫe.
58Agus lean Peadar i ḃfad uaiḋ é, fiú go cúirt an árdṡagairt. Agus ag dul isteaċ dó, ṡuiḋ sé imeasc na searḃóntaí, go ḃfeiceaḋ sé an deireaḋ.
59Agus ḃí uaċtaráin na sagart agus an ċóṁairle go léir ag iarraiḋ fiaḋnaise ḃréige d’ḟaġáil i n-aġaiḋ Íosa, ċun é ċur ċun báis:
60Aċt ní ḟuair siad, giḋ go dtáinic mórán fiaḋnaiseaċ bréige i láṫair. Aċt ḟá ḋeireaḋ ṫáinic ḋá ḟiaḋnaiseaċ ḃréagaċa.
61Agus duḃairt siad-san: Duḃairt an fear seo: Tig liom-sa teampall Dé a leagan,#Eoin 2, 19. agus é ṫógáil arís i gcionn ṫrí lá.
62Agus ar éirġe ina ṡeasaṁ do’n árdṡagart, duḃairt sé leis: Naċ dtugann tú freagair ar biṫ ar na neiṫe fá n-a dtug siad seo fiaḋnaise i d’aġaiḋ?
63Aċt d’ḟan Íosa ina ṫost. Agus duḃairt an t-árdṡagart leis: Agraim ṫú as uċṫ an Dé Ḃí innse dúinn má’s tú an Críost, Mac Dé.
64Deir Íosa leis: Duḃairt tú é. Ciḋeaḋ deirim liḃ,#Róṁ. 14, 10; 1 Teas. 4, 15. ina ḋiaiḋ seo, tċífiḋ siḃ Mac an Duine ina ṡuiḋe ar ḋeas-láiṁ ċuṁaċt Dé, agus ag teaċt ar néallta neiṁe.
65Annsin réab an t-árdṡagart a ċuid éadaiġ, ag ráḋ: Rinne sé diaṁasla; cad é an feiḋm atá againn le n-a ṫuilleaḋ fiaḋnaiseaċ? Féaċ, ċuala siḃ an diaṁasla anois:
66Cad é ḃur mbaraṁail? Aċt d’ḟreagair siad-san, agus duḃairt: Is airiḋe air an bás.
67Annsin ċaiṫ siad seileogaí san aġaiḋ air,#Isaias 50, 6; Marc. 14, 63. agus ṫug siad duirn dó; agus ḃuail cuid eile acu le n-a mbosa san aġaiḋ é,
68Ag ráḋ: Tairngir dúinn, a Ċríost, cé h-é a ḃuail ṫú?
69Aċt ḃí Peadar ina ṡuiḋe amuiġ#Lúc. 22, 55; Eoin 18, 17. san ċúirt, agus ṫáinic cailín aimsire ċuige, agus duḃairt: Ḃí tusa fosta le h-Íosa, an Gaililéaċ.
70Aċt ṡéan seisean i láṫair a raiḃ ann, ag ráḋ: Ní ḟuil a ḟios agam cad é atá dá ráḋ agat.
71Agus ag dul amaċ ar an ġeafta dó, ċonnaic cailín eile é, agus deir sí leis na daoine a ḃí annsin: Ḃí an fear seo fosta le h-Íosa as Nasair.
72Agus ṡéan sé arís le mionna: Ní ḟuil aiṫne agam ar an ḟear.
73Agus i gcionn tamaill ḃig ṫáinic na daoine a ḃí ina seasaṁ ṫart i láṫair, agus duḃairt le Peadar: Ar ndóiġe is duine acu siúd ṫusa, óir noċtann do ċainnt féin ṫú.
74Annsin ṫoisiġ sé a ṁalluġaḋ agus a ṁionnuġaḋ naċ raiḃ aiṫne aige ar an ḟear. Agus ar an ball scairt an coileaċ.
75Agus ċuiṁniġ Peadar ar an ḟocal a duḃairt Íosa: Sul a scairtiḋ an coileaċ, séanfaiḋ tú mé trí h-uaire. Agus ċuaiḋ sé amaċ agus ġoil sé go géar.
Currently Selected:
Maitiú 26: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapi.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland