YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 10

10
Caibidil X
Cuireann Críost an dáréag Abstal amaċ ar fud na tíre, agus ḃeir sé cuṁaċt dóiḃ míorḃailte a ḋéanaṁ. Ḃeir sé teagasc dóiḃ.
1Agus nuair a ġoir sé ċuige a ḋá deisciobal déag,#Marc. 3, 13; Lúc. 6, 13 agus 9, 1. ṫug sé cuṁaċt dóiḃ ar spioraid neaṁġlana, ċun iad a ṫeilgean amaċ, agus ċun gaċ galar agus gaċ tinneas a leiġeas.
2Agus is iad seo ammneaċa an dá Abstal déag: Síomon, dá ngoirtear Peadar, an ċéad duine, agus Aindrias, a ḋearḃráṫair.
3Séamus, mac Ṡebede, agus Eoin a ḋearḃráṫair, Pilip agus Parṫolán, Tomás agus Maitiú, an puibliocánaċ, agus Séamus, mac Alṗeuis agus Taddéus.
4Síomon, an Cananéaċ, agus fosta Iúdas Iscariot, an té a ḃraiṫ é.
5Agus ċuir Íosa uaiḋ an dáréag seo, agus ṫug sé aiṫne dóiḃ, ag ráḋ: Ná gaḃaigiḋ go bealaċ na gciniḋeaċ, agus ná téiġigiḋ isteaċ i gcaṫraċa na Samáiriteánaċ:
6Aċt ina ionad sin téiġigiḋ ċuig na caoiriġ seaċráin as tiġ Israéil.#Gníoṁ. 13, 46.
7Agus ar imṫeaċt díḃ, déanaigiḋ seanmóireaċt, agus abraigiḋ go ḃfuil ríoġaċt na ḃflaiṫeas druidṫe linn.
8Leiġeasaigiḋ na h-easláin, tógaigiḋ na mairḃ, glanaigiḋ na loḃair, teilgigiḋ amaċ deaṁain. I n-aisciḋ a fuair siḃ, taḃairigiḋ uaiḃ i n-aisciḋ.
9Ná soláṫruiġigiḋ ór, ná airgead geal, ná airgead ruaḋ i ḃur gcriosa,#Marc. 6, 8; Lúc. 9, 3 agus 10, 4.
10Ná mála le h-aġaiḋ an ḃóṫair, ná ḋá ċóta, ná bróga, ná bata: óir is fiú a ċuid bíḋ an t-oibriḋe.
11Agus cibé ar biṫ caṫair nó baile ina raċaiḋ siḃ isteaċ, cuirigiḋ tuairisc déaġ-ḋuine ann, agus fanaigiḋ annsin nó go ḃfágaiḋ siḃ.
12Agus ag dul isteaċ i dtiġ díḃ, beannuiġigiḋ dó, ag ráḋ: Go raiḃ síoṫċáin ag an tiġ seo.
13Agus má’s fiú é an teaċ sin, tiocfaiḋ ḃur síoṫċáin air; aċt munar fiú é, pillfiḋ ḃur síoṫċáin ṫar ais ċugaiḃ.
14Agus muna ḃfáiltiġiḋ duine róṁaiḃ, cibé ar biṫ é, agus muna n-éistiḋ sé le ḃur mbriaṫra, téiġigiḋ amaċ as an tiġ, nó as an ċaṫair sin, agus craiṫigiḋ an dusta de ḃur gcosa.
15Amén adeirim liḃ, béiḋ sócaṁal ag tír Ṡodoim agus Ġomorra ar lá an ḃreiṫeaṁnais ṫar mar ḃéas ag an ċaṫair sin.
16Féaċ, cuirim-se siḃ mar ċaoiriġ imeasc mac tíre.#Lúc. 10, 3. Ar an aḋḃar sin, bígiḋ glic mar na naiṫreaċa niṁe, agus soḋanta#10, 16 Soḋanta. Is é sin, gan ċoir, fíor, dá ríriḃ, agus gan ċeilg. mar na colmáin.
17Aċt bígiḋ ar ḃur gcoiṁéad ar na daoine. Óir ḃéarḟaiḋ siad ar láiṁ siḃ i gcóṁairleaċa, agus sciúrsálfaiḋ siad siḃ ina sineagóga:
18Agus ḃéarfar ós cóṁair uaċtarán, agus ós cóṁair ríġṫe siḃ ar mo ṡon-sa, mar ḟaiḋnaise dóḃṫa-san, agus do na ciniḋeaċa.
19Agus nuair a ḃéarfar ar láiṁ siḃ, ná bígiḋ imniḋeaċ ḟá’n dóiġ ná ḟá’n níḋ a laḃarfas siḃ:#Lúc. 12, 11. óir ḃéarfar díḃ an uair sin cad é a laḃarfas siḃ.
20Óir ní siḃ-se a laḃras, aċt Spiorad ḃur n-Aṫar, a laḃras ionnaiḃ.
21Agus ḃéarfaiḋ dearḃráṫair dearḃráṫair suas ċun báis, agus aṫair mac, agus éireoċaiḋ clann i n-aġaiḋ aiṫreaċ agus máiṫreaċ, agus cuirfiḋ siad ċun báis iad.
22Agus béiḋ fuaṫ ag an uile ḋuine oraiḃ ar son m’ainme se. Aċt an té a ḟulamgeoċas go dtí an deireaḋ, is é a ṡlánóċar.
23Agus nuair a ġéirleanfas siad siḃ san ċaṫair seo, teiċigiḋ go cionn eile. Amén adeirim liḃ, ní béiḋ caṫraċa Israéil críoċ-nuiġṫe agaiḃ go dtí go dtigiḋ Mac an Duine.
24Ní ḟuíl an deisciobal ós cionn a ṁáiġistir,#Lúc. 6, 40; Eoin 13, 16, agus 15, 20. ná an seirḃíseaċ ós cionn a ṫiġearna.
25Is leor do’n deisciobal a ḃeiṫ mar a ṁáiġistir, agus do’n cseirḃíseaċ mar a ṫiġearna. Má ṫug siad Beelsebub ar ḟear an tiġe, naċ luġa go mór sin a ṫaḃairt ar ṁuinntir a ṫiġe?
26Ar an aḋḃar sin, ná bíoḋ eagla oraiḃ rompa. Óir ní ḟuíl dadaṁ foluiġṫe naċ ḃfoillseoċar, ná aon níḋ fá ċeilt naċ mbéiḋ fios air.#Marc. 4, 22; Lúc. 8, 17, agus 12, 2.
27An rud a deirim-se liḃ san dorċadas, abraigiḋ é san tsolus, agus an rud a ċluin siḃ i gcogar, craoḃscaoiligiḋ é ó ṁullaiġ na dtiġṫe.
28Agus ná bíoḋ eagla oraiḃ rompa siúd a ṁarḃas an corp, agus naċ dtig leo an t-anam a ṁarḃaḋ; aċt go mba ṁó ḃur n-eagla roiṁ an té a dtig leis anam agus corp a ṁilleaḋ i n-ifreann.
29Naċ ndíoltar ḋá ġealḃán ar ḟeoirling? Agus ní ṫuitfiḋ aon ċeann acu ar an talaṁ gan ḃur n-Aṫair.
30Aċt tá cóṁáireaṁ#2 Ríġ. 14, 11; Gníoṁ. 27, 34. fiú ar ruibeaċa ḃur gcinn go h-uile.
31Ná bíoḋ eagla oraiḃ, dá ḃríġ sin; is feárr siḃ-se ná mórán gealḃán.
32Gaċ aoinneaċ, ar an aḋḃar sin, a adṁóċas mise ós cóṁair na ndaoine, adṁóċaiḋ#Marc. 8, 38; Lúc. 9, 26, agus 12, 8; 2 Tim. 2, 12. mise eisean fosta ós cóṁair m’Aṫar atá ar neaṁ.
33Aċt ciḃé a ṡéanfas mise ós cóṁair na ndaoine, séanfaiḋ mise eisean fosta ós cóṁair m’Aṫar atá ar neaṁ.
34Ná measaigiḋ go dtáinic mise#Lúc. 12, 51. a ċur síoṫċána ar an talaṁ: ní ṫámic mé a ċur síoṫċána, aċt claiḋeaṁ.
35Óir ṫáinic mé ċun duine a ċur i n-aċrann#10, 35 Ṫáinic mé ċun duine a ċur i n-aċrannic. Ní h-ionann sin agus a ráḋ gurḃ é sin an fáṫ go dtáinic ár Slánuiġṫeoir, aċt go mbéaḋ an toraḋ sin ar a ṫeaċt agus ar a ṫeagasc: óir ċuirfeaḋ mórán i n-aġaiḋ a ṫeagaisc agus ċuirfeaḋ siad géirleanaṁaint ar an méid a ġéillfeaḋ do Ċríost. le n-a aṫair, agus inġean le n-a máṫair, agus bainċliaṁain le máṫair a céile.
36 # Miċeas 7, 6. Agus is iad muinntir a ṫeaġlaiġ féin náiṁde an duine.
37An té ar annsa leis#Lúc. 14, 26. aṫair nó máṫair ná mise, ní fiú mise é; agus an té ar annsa leis mac nó mġean ná mise, ní fiú mise é.
38Agus an té naċ nglacann a ċros,#Marc. 8, 34; Lúc. 14, 27. agus naċ leanann mise, ní fiú mé é.
39An té a ġeiḃ a anam, caillfiḋ sé é, agus an té a ċaillfeas a anam ar mo ṡon-sa, ġeoḃaiḋ sé é.#Lúc. 9, 24, agus 17, 33; Eoin 12, 25.
40An té a ġlacas liḃ-se, glacann sé liom-sa,#Lúc. 10, 16; Eoin 13, 20. agus an té a ġlacas liom-sa, glacann sé leis an té a ċuir uaiḋ mé.
41An té a ġlacas le fáiḋ i n-ainm fáiḋ, ġeoḃaiḋ sé luaċ saoṫair fáiḋ, agus an té a ġlacas le fíréan i n-ainm fíréin, ġeoḃaiḋ sé luaċ saoṫair fíréin.
42Agus ciḃé ar biṫ a ḃéarfas fiú cupa uisce ḟuair#Marc. 9, 40. le h-ól do ċionn de na daoine is luġa acu seo i n-ainm deisciobail, amén adeirim liḃ, ní ċaillfiḋ sé a luaċ saoṫair.

Currently Selected:

Maitiú 10: ASN1943G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in