Lúcas 7:21-22
Lúcas 7:21-22 ASN1943G
Agus an uair ċéadna sin leiġeas sé mórán ó ġalair agus ó ċréaċta agus ó airspioraid, agus ṫug sé an t-aṁarc do ṁórán dall. Agus duḃairt sé leo, ġá ḃfreagairt: Imṫiġigiḋ agus innsigiḋ do Eoin na neiṫe a ċuala siḃ agus a ċonnaic siḃ, go ḃfuil raḋarc ag na daill, go ḃfuil siuḃal ag na bacaiġ, go nglantar na loḃair, go ḃfuil éisteaċt ag an boḋair, go n-éiriġeann na mairḃ, go ḃfuil an soiscéal dá ṫeagasc do na boċta.