Lúcas 19
19
Caibidil XIX
Críost i dtiġ Ṡaċeuis. Fáiṫscéal na bpuntaí. Críost ag marcaiḋeaċt ar asal, agus ag gol ós cionn Ierusalem.
1Agus ċuaiḋ sé isceaċ gur ṡiuḃal fríd Ierico.
2Agus féaċ, ḃí fear ann darḃ ainm Saċeus, a ḃí ina uaċtarán ar na puibliocánaiġ, agus ḃí sé saiḋḃir.
3Agus ḃí sé ag iarraiḋ a ḟeiceáil cérḃ é Íosa, aċt ní ṫáinic leis mar ġeall ar an tsluaġ, óir ní raiḃ áirde ṁór ann.
4Agus ag riṫ ar aġaiḋ roiṁe dó, ċuaiḋ sé suas i gcrann ṡiceamóra ċun é d’ḟeiceáil, mar go raiḃ sé le dul ṫart an bealaċ sin.
5Agus ag aṁarc suas do Íosa, ag teaċt ċun na h-áite dó, ċonnaic sé é, agus duḃairt leis: A Ṡaċeuis, tar anuas go tapaiḋ, óir is éigean daṁ cóṁnaiḋe a ḋéanaṁ i do ṫiġ-se indiu.
6Agus ṫáinic sé anuas go tapaiḋ, agus ġaḃ sé ċuige é fá lúṫġáir.
7Agus nuair a ċonnaic na daoine uilig sin, rinne siad monaḃar, ag ráḋ go ndeacaiḋ sé ar aoiḋeaċt ċuig duine peacṫaċ.
8Agus ṡeasuiġ Saċeus agus duḃairt leis an Tiġearna: Féaċ, a Ṫiġearna, ḃeirim leaṫ mo ċoda do na boċta, agus má rinne mé ċagcóir ar aoinneaċ i n-aon níḋ, ḃeirim a ċeiṫre oiread dó ṫar ais.
9Duḃairt Íosa leis: Ṫárla slánuġaḋ do’n tiġ seo indiu, de bríġ go ḃfuil seisean fosta ina ṁac ag Abraham.
10Óir ṫáinic Mac an Duine a ċuartuġaḋ agus a ṡlánuġaḋ an níḋ a ḃí caillte.#Mait. 18, 11.
11Agus ag leanaṁaint de’n ċainnt dó, agus iad-san ag éisteaċt leis na neiṫe sin, laḃair sé fáiṫscéal, de bríġ go raiḃ sé cóṁgaraċ do Ierusalem, agus gur ṡíl siad go ḃfoillseoċaiḋe ríoġaċt Dé ar an ḃall.
12Ar an aḋḃar sin, duḃairt sé:#Mait. 25, 14. D’imṫiġ duine uasal áiriṫe go tír i ḃfad ó ḃaile ċun ríoġaċt a ġaḃáil dó féin agus a ṫeaċt ṫar ais.
13Agus ġoir sé ċuige deiċ seirḃísiġ leis, ṫug deiċ bpuntaí#19, 13 Deiċ bpuntaí. An píosa a dtugtar punta air annseo, ḃeirtear mna air san Ġréigis, agus b’ḟiú trí ṗunta agus leaṫ-ċoróin é. dóiḃ, agus duḃairt leo: Déanaigiḋ tráċtáil go dtigiḋ mé.
14Aċt ḃí fuaṫ ag a ċuid daoine air, agus ċuir siad teaċtaireaċt ina ḋiaiḋ, ag ráḋ: Ní h-áil linn an fear seo a ḃeiṫ ina ríġ orainn.
15Agus ṫárla, go dtáinic sé ṫar ais ar ġaḃáil a ríoġaċta dó, agus d’órduiġ sé na seirḃísiġ, a dtug sé an t-airgead dóiḃ, a ġairm ċuige, go mbéaḋ a ḟios aige cá ṁéad a ġnóṫuiġ gaċ aoinneaċ acu.
16Agus, ṫáinic an ċéad duine, agus duḃairt: A Ṫiġearna, ġnóṫuiġ do ṗunta deiċ bpuntaí.
17Agus duḃairt sé leis: Maiṫ ṫú, a ṡeirḃísiġ ṁaiṫ, de ḃríġ go raiḃ tú dílis san ḃeagán, béiḋ cuṁaċt agat ar ḋeiċ gcaṫraċa.
18Agus ṫáinic an dara duine agus duḃairt: A Ṫiġearna, rinne do ṗunta cúig ṗunta.
19Agus duḃairt sé leis-sean: Agus bí ṫusa ós cionn ċúig gcaṫraċ.
20Agus ṫáinic duine eile agus duḃairt: A Ṫiġearna, seo ḋuit do ṗunta, a ḃí i dtaisciḋ agam i n-éadaċ láṁ;
21Óir ḃí eagla orm róṁat, de ḃríġ gur duine cruaiḋ ṫú: tógann tú an rud nár leag tú síos, agus baineann tú an rud nár ċuir tú.
22Deir sé leis: As do ḃéal féin ḃeirim breiṫ ort, a ḋroċ-ṡeirḃísiġ. Ḃí a ḟios agat gur duine cruaiḋ mé, a ṫógas an ruḋ nár i leag mé síos, agus a ḃaineas an rud nár ċuir mé:
23Agus cad ċuige nár ċuir tú mo ċuid airgid san ḃainnc, ionnas, ar ṫeaċt daṁ, go n-éiliġinn é mar aon le biseaċ?
24Agus duḃairt sé leis an ṁuinntir a ḃí ina seasaṁ annsin: Beirigiḋ uaiḋ an punta agus taḃairigiḋ é do’n té ag a ḃfuil na deiċ bpuntaí.
25Agus duḃairt siad: A Ṫiġearna, tá deiċ bpuntaí aige.
26Aċt deirim liḃ, go dtaḃarfar do gaċ aoinneaċ ag a ḃfuil, agus béiḋ fairsingeaċ aige:#Mait. 13, 12, agus 25, 29; Marc. 4, 25. agus an té, naċ ḃfuil aige, tógfar uaiḋ fiú an rud atá aige.
27Aċt taḃairigiḋ annseo na náiṁde úd liom, nárḃ áil leo mé a ḃeiṫ i mo ríġ orṫa, agus cuirigiḋ ċun báis ós mo ċóṁair iad.
28Agus nuair a ḃí na neiṫe seo ráiḋte aige, ċuaiḋ sé ar aġaiḋ, ag dul suas go h-Ierusalem.
29Agus ṫárla, nuair a ḃí sé ag teaċt i ngaoḃar do Ḃetṗage agus do Ḃetánia,#Mait. 21, 1; Marc. 11, 1. i n-aice leis an tsliaḃ, dá ngoirtear Oliḃet, ċuir sé beirt dá ḋeisciobail uaiḋ,
30Ag ráḋ: Téiġigiḋ isteaċ san ḃaile sin ṫall ós ḃur gcóṁair: ag dul isteaċ ann díḃ, ġeoḃaiḋ siḃ searraċ asaile ceangailte, naċ ndearna duine ar biṫ marcaiḋeaċt air ariaṁ; scaoiligiḋ agus taḃairigiḋ annseo é.
31Agus má ḟiafruiġeann aoinneaċ díḃ: Cad ċuigé a ḃfuil siḃ ġá scaoileaḋ? Déarfaiḋ siḃ mar seo leis: De ḃríġ go ḃfuil feiḋm ag an Tiġearna air.
32Agus d’imṫiġ siad-san a cuireaḋ, agus fuair siad an searraċ ina ṡeasaṁ, mar a duḃairt sé leo.
33Agus nuair a ḃí siad ag scaoileaḋ an tsearraiġ, an ṁuinntir ar leo é, duḃairt siad leo: Cad ċuige a ḃfuil siḃ ag scaoileaḋ an tsearraiġ?
34Agus duḃairt siad-san: De ḃríġ go ḃfuil feiḋm ag an Tiġearna air.
35Agus ṫug siad ċuig Íosa é,#Eoin 12, 14. agus ar ċaiṫeaṁ a mbaill éadaiġ ar an tsearraċ dóiḃ, ċuir siad Íosa ar a ṁuin.
36Agus ag imṫeaċt dó spréiḋ siad a gcuid éadaiġ ar an ḃóṫar faoi.
37Agus nuair a ḃí sé ċeana féin ag teaċt i n-aice le fánaiḋ Ṡliaḃ na n-Ológ, ṫoisiġ sluaġ iomlán a ḋeisciobal a ṁolaḋ Dé go lúṫġáireaċ de ġuṫ árd ar son na míorḃailte go léir a ċonnaic siad,
38Ag ráḋ: Is beannuiġṫe an rí atá ag teaċt i n-ainm an Tiġearna; síoṫċáin ar neaṁ agus glóir ins na h-áird.
39Agus duḃairt cuid de na Fairisíniġ as an tsluaġ leis: A ṁáiġistir, cuir smaċt ar do ḋeisciobail.
40Agus duḃairt sé leo: Deirim liḃ, má ḃíonn siad seo ina dtost, béicfiḋ na cloċa.
41Agus nuair a ṫáinic sé cóṁgaraċ, ar ḟeiceáil na caṫraċ dó, ġoil sé faoiṫe, ag ráḋ:
42Dá mbéaḋ a ḟios agat, agus sin ins na laeṫe seo féin atá agat, na neiṫe atá ċun síoṫċána duit, aċt tá siad foluiġṫe ó do ṡúla anois.
43Óir tiocfaiḋ na laeṫe ort, agus cuirfiḋ do náiṁde díog timċeall ort, agus druidfiḋ siad ṫart ort, agus cuṁanglóċaiḋ siad ṫú ar gaċ taoiḃ,
44Agus buailfiḋ siad coṫrom leis an talaṁ ṫú féin, agus do ċlann atá ionnat, agus ní ḟágfaiḋ siad cloċ ós cionn cloiċe ionnat,#Mait. 24, 2; Marc. 13, 2. de ḃriġ nár aiṫin tú aimsir do ḟiosruiġṫe.
45Agus ag dul isteaċ san teampall dó,#Mait. 21, 12; Marc. 11, 15. ṫoisiġ sé a ṫiomáint amaċ na ndaoine a ḃí ag díol agus ag ceannaċ ann,
46Ag ráḋ leo: Tá sé scríoḃṫa:#Isaias 56, 7. Is teaċ urnaiġe mo ṫeaċ-sa. Aċt rinne siḃ-se uaṁaċ ġadaiḋṫe#Ier. 7, 11. de.
47Agus ḃí sé ag teagasc gaċ uile lá san teampall. Aċt ḃí uaċtaráin na sagart agus na Scríoḃaiḋṫe agus ceannairí an ṗobail ag dúil le n-a ċur ċun báis,
48Agus ní rarḃ a fios acu cad é ḋéanfaḋ siad leis. Óir ḃí na daoine uilig lán-aireaċ ag éisteaċt leis.
Currently Selected:
Lúcas 19: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland