Lúcas 17
17
Caibidil XVII
Seaċnaḋ scainnéil; éifeaċt ċreidiṁ, ⁊c. Na deiċ loḃair. An dóiġ a dtiocfaiḋ Críost.
1Agus duḃairt sé le n-a ḋeisciobail:#Mait. 18, 7; Marc. 9, 41. Ní féidir gan scainnéil a ṫeaċt; aċt is mairg do’n té tré n-a dtig siad.
2B’ḟeárr dó dá gcuirtí bró fá n-a ṁuinéal agus go dteilgṫí san ḟairrge é, ná go dtaḃaraḋ sé scainneal do ċionn de na rudaí beaga seo.
3Taḃairigiḋ aire díḃ féin: Má ċionntuiġeann do ḃráṫair i d’aġaiḋ,#Leiḃ. 19, 17; Eccl. 19, 13; Mait. 18, 15. taḃair aċṁusán dó, agus má ġní sé aiṫriġe, taḃair maiṫeaṁnas dó.
4Agus má ċionntuiġeann sé i d’aġaiḋ seaċt n-uaire san lá, agus é tionntóḋ ṫar ais ċugat seaċt n-uaire san lá, ag ráḋ: Tá aiṫreaċas orm: taḃair maiṫeaṁnas dó.
5Agus duḃairt na h-Abstail leis an Tiġearna: Méaduiġ creideaṁ dúinn.
6Agus duḃairt an Tiġearna: Má ḃíonn creideaṁ agaiḃ mar ġráinnín de ṡíol ṁustáird,#Mait. 17, 19. agus ráḋ leis an ċrann ṁaoilḋearg seo: Tógtar as do ḟréaṁaċa agus cuirtear san ḟairrge ṫú, béiḋ sé uṁal díḃ.
7Agus cé agaiḃ, a ḃfuil seirḃíseaċ aige ag treaḃaḋ nó ag aoḋaireaċt, a deir leis, ar ṗilleaḋ ó’n ġort dó: Imṫiġ leat láiṫreaċ, agus suiḋ síos ċun bíḋ?
8Aċt an é naċ n-abrann sé leis: Déan réiḋ mo ṡuipéar, agus cuir do ċrios ort agus déan freastal orm nó go n-iṫiḋ, agus go n-ólaiḋ mé, agus ina ḋiaiḋ sin íosaiḋ agus ólfaiḋ tusa?
9An mbíonn buiḋeaċas aige ar an tseirḃíseaċ sin de ḃríġ go ndearna sé na neiṫe a d’órduiġ sé dó?
10Ní dóiġ liom é. Agus siḃ-se mar an gcéadna, nuair a ḃíos gaċ níḋ dár h-órduiġeaḋ díḃ déanta agaiḃ, abraigiḋ: Is seirḃísiġ gan ṁaiṫ#17, 10 Seirḃísiġ gan ṁaiṫ. De ḃríġ naċ mbíonn tairḃe an biṫ dár Máiġistir san tseirḃís a ġnímíd dó; agus éiliġeann sé an tseirḃís sin de ċeart mar ḋualgas uainn. Aċt giḋ naċ ḃfuil tairḃe ar biṫ ionainn dó-sar, bíonn tairḃe ṁór dúinn féin san tseirḃís a ġnímíd dó: óir is é a ṫoil ár ndéaġ-o breaċa a ḋéanaṁ luaċṁar le n-a ġrásta, ionnas go dtuilleann siad luaċ saoṫair síorraiḋe, as uċt na geallaṁna a ṫug sé dúinn. sinn; rinneamar an rud a raiḃ sé d’ḟiaċaiḃ orainn a ḋéanaṁ.
11Agus ṫárla, ag dul go h-Ierusalem dó, go ndeaċaiḋ sé fríd lár na Samáire agus na Gailile.
12Agus ag dul isteaċ i mbaile áiriṫe dó, casaḋ air deiċneaḃar loḃar, a ṡeasuiġ i ḃfad uaiḋ,
13Agus d’árduiġ a nguṫ, ag ráḋ: A Íosa, a Ṁáiġistir, déan trócairme orainn.
14Agus nuair a ċonnaic sé iad, duḃairt sé: Imṫiġigiḋ, tais-beánaigiḋ siḃ féin do na sagairt.#Leiḃ. 14, 2. Agus ṫárla, ag imṫeaċt dóiḃ, gur glanaḋ iad.
15Agus nuair ba léir do ḋuine acu go raiḃ sé glanta, ṫáinic sé ṫar ais, ag taḃairt ġlóire do Ḋia de ġuṫ árd,
16Agus ċaiṫ sé é féin ar a aġaiḋ ag a ċosa, ag taḃairt ḃuiḋeaċais; agus ba Samáiriteánaċ an fear seo.
17Agus d’ḟreagair Íosa, agus duḃairt: An é nár glanaḋ deiċneaḃar? Agus cá ḃfuil an naonḃar?
18Naċ ḃfuarṫas aoinneaċ le pilleaḋ, agus le glóir a ṫaḃairt do Ḋia, aċt an coiṁiġṫeaċ seo?
19Agus duḃairt sé leis: Éiriġ, imṫiġ: óir rinne do ċreideaṁ slán ṫú.
20Agus d’ḟiafruiġ na Fairisíniġ de: Cá h-uair a ṫiocfas ríoġaċt Dé? Agus duḃairt sé, ġá ḃfreagairt: Ní ṫiocfaiḋ ríoġaċt Dé le coiṁéad,
21Ná ní abróċaiḋ siad: Féaċ, seo í, nó: Féaċ, siúd í. Óir féaċ, tá ríoġaċt Dé i ḃur measc.
22Agus duḃairt sé le n-a ḋeisciobail: Tiocfaiḋ na laeṫe, nuair a ḃéas fonn oraiḃ aon lá aṁáin de Ṁac an Duine d’ḟeiceáil, agus ní ḟeicfiḋ siḃ é.
23Agus déarfaiḋ siad liḃ: Féaċ, seo é,#Mait. 24, 23; Marc. 13, 21. agus: Féaċ, siúd é. Ná téiġigiḋ agus ná leanaigiḋ iad.
24Óir mar ṡoillsiġeas an splannc, a lasas faoi’n spéir, ar na neiṫe atá faoi’n spéir: is aṁlaiḋ ḃéas Mac an Duine ina lá féin.
25Aċt is éigean dó ar dtús mórán neiṫe d’ḟuilstin, agus diúltaḋ d’ḟaġáil ó’n ġlúin seo.
26Agus mar a ṫárla i laeṫe Naoi,#Gein. 7, 7; Mait. 24, 37. is aṁlaiḋ fosta a ḃéas i laeṫe Ṁic an Duine:
27Ḃí siad ag iṫe agus ag ól, ag pósaḋ ban agus ġá dtaḃairt lé pósaḋ, go dtí an lá ina ndeaċaiḋ Naoi isteaċ san airc, agus go dtáinic an díle gur scrios sí iad uilig.
28Mar an gcéadna, mar a ṫárla i laeṫe loit:#Gein. 19, 25. ḃí siad ag iṫe agus ag ól, ag ceannaċ agus ag díol, ag cuaraiḋeaċt agus ag tógáil ciġte;
29Agus an lá a d’imṫiġ Lot amaċ as Sodom, fearaḋ teine agus brumstan ó neaṁ gur scriosaḋ iad go léir.
30Is dá réir sin a ḃéas an lá ina ḃfoillseoċar Mac an Duine.
31An uair sin, an té a ḃéas ar ṁullaċ an tiġe agus a ṁaoin san tiġ, ná tuirlingeaḋ sé le h-iad a ḃreiṫ leis, agus mar an gcéadna, an té a ḃéas san ġort, ná pilleaḋ sé ṫar ais.
32Cuiṁniġigiḋ ar ṁnaoi Loit.
33Cibé a iarrfas a anam a ṡáḃáil, caillfiḋ sé é,#Mait. 10, 39; Marc. 8, 35; Eoin 12, 25. agus cibé a ċaillfeas é, congḃóċaiḋ sé beo é.
34Deirim liḃ:#Mait. 24, 40. An oiḋċe sin béiḋ beirt i n-aon leabaiḋ: tógfar duine acu, agus fágfar an duine eile.
35Béiḋ beirt ḃan ag meilt i n-aoinḟeaċt: tógfar bean acu, agus fágfar an ḃean eile; béiḋ beirt san ġort: tógfar duine acu, agus fágfar an duine eile.
36Deir siad leis, ġá ḟreagairt: Cá h-áit, a Ṫiġearna?
37Agus duḃairt seisean leo: Cibé ar biṫ áit a mbéiḋ an corp, is annsin fosta a ċruinneoċas na h-iolair le ċéile.
Currently Selected:
Lúcas 17: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland