YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 2

2
Caibidil II.
Ġeiḃ na deisciobail an Spiorad Naoṁ. Seanmóir Ṗeadair do’n ṗobal. Cráiḃṫeaċt na gcéad daoine a ṫionntuiġ ċun creidiṁ.
1Agus nuair a ḃí laeṫe na Cingcíse cóiṁlíonta, ḃí siad uilig i dteannta a ċéile san aon áit aṁáin:
2Agus go tobann ṫáinic tormán ó neaṁ, mar ġaoiṫ an-láidir ag teaċt, agus líon sé iomlán an tiġe mar a raiḃ siad ina suiḋe.
3Agus taisbeánaḋ dóiḃ teangaċa scoilte aṁail de ṫeiniḋ, agus ṡuiḋ ar gaċ aoinneaċ acu:
4Agus líonaḋ leis an Spiorad Naoṁ#Mait. 3, 11.; Marc. 1, 8; Lúc. 3, 16; Eoin 7, 39. iad uilig, agus ṫoisiġ siad uilig a laḃairt le teangaċa éagsaṁla, do réir mar ṫug an Spiorad Naoṁ dóiḃ le laḃairt.
5Agus ḃí Iúdáiġ ina gcóṁnaiḋe i n-Ierusalem, fir ċráiḃṫeaċa as gaċ náisiún faoi’n spéir.
6Agus nuair a ċuaiḋ a ġáir seo amaċ, ċruinniġ an sluaġ i gcionn a ċéile, agus ḃí a meaḃair ina cíorṫuaṫail acu, de bríġ gur ċuala gaċ duine acu iad ag cainnt ina ṫeangaiḋ féin.
7Agus ḃí uaṫḃás agus iongantas orṫa uilig, agus duḃairt siad: Féaċ, naċ Gaililéiġ iad seo uilig atá ag cainnt,
8Agus cad é mar ċualamar gaċ duine againn a ṫeanga féin ina rugaḋ sinn?
9Pairtiġ, agus Méidiġ, Elamítiġ, agus muinntir na Meaṡ-potáime, Iudaia, Na Capadóige, an Ṗontuis, agus na h-Aisia,
10Na Frige, agus na Pampaille, ina h-Éigipte, agus ċeanntar libia ṫart fá’n Ċuiréin, agus coiṁiġṫiġ na Róiṁe,
11Iúdaiġ fosta, agus Cóṁaltaí nua, Créidiġ, agus Arabaiġ: ċualamar iad ag laḃairt i n-ár dteangaċa féin ar oibreaċa longantaċa Dé.
12Agus ḃí uaṫḃás agus iongantas orṫa uilig, agus duḃairt siad le n-a ċéile: Cad é is ciall le seo?
13Aċt duḃairt tuilleaḋ, ag déanaṁ fonaṁaide: Is lán d’ḟíon úr atá siad seo.
14Aċt ag éirġe ina ṡeasaṁ do Ṗeadar i gcuideaċta an aoin déag, d’árduiġ sé a ġuṫ, agus laḃair leo: A ḟeara Iudaia, agus siḃ-se uilig a ċóṁnuiġeas i n-Ierusalem, bíoḋ a ḟios seo agaiḃ, agus taḃairigiḋ cluas do mo ḃriaṫra.
15Óir ní ḟuil siad seo ar meisce, mar a ṡíleas siḃ-se, nuair naċ ḃfuil sé aċt an tríoṁaḋ h-uair de’n lá:
16Aċt is é seo an níḋ a duḃraḋ tríd an ḟáiḋ, Ióel:#Isaias 44, 3; Ióel 2, 28.
17Agus tiocfaiḋ sé ċun críċe ins na laeṫe deireannaċa (deir an Tiġearna), doirtfiḋ mé de mo Spiorad ar an uile ḟeoil: agus ḋéanfaiḋ ḃur mic agus ḃur n-inġeanaċa fáiḋeadóireaċt, agus tċífiḋ ḃur n-óigḟir aislingṫe, agus ḋéanfaiḋ ḃur seandaoine brionglóidí.
18Agus ins na laeṫe sin go dearḃṫa, doirtfiḋ mé de mo Spiorad ar mo ṡeirḃísiġ, agus ar mo ḃaintseirḃísiġ, agus ḋéanfaiḋ siad fáiḋeadóireaċt:
19Agus noċtfaiḋ mé tuarṫa san spéir ṫuas, agus cóṁarṫaí ar talaṁ aḃus, fuil, agus teine, agus gal toite:
20Tionntóċar an ġrian ina dorċaḋas, agus an ġealaċ ina fuil, sul a dtigiḋ lá mór soiléir an Tiġearna.
21Agus tiocfaiḋ sé ċun críċe, go slánóċar cibé ar biṫ a scairtfeas ar ainm an Tiġearna.#Ióel 2, 32; Róṁ. 10, 13.
22A ḟeara Israéil, éistigiḋ leis na briaṫra seo: Íosa as Nasair, fear a fuair dearḃaḋ ó Ḋia eadraiḃ, leis na cuṁaċtaí, na h-iongantaisí, agus na míorḃailte a rinne Dia tríḋ i ḃur measc, mar is eol díḃ féin fosta:
23Nuair a tugaḋ suas é sin le cóṁairle ċinnte#2, 23 Cóṁairle ċinnte. Ṫug Dia suas a Ṁac, agus ṫug a Ṁac suas é féin, le gráḋ dúinne, agus cun ár slánuiġṫe. Ba ġníoṁ naoṁṫa, mar sin, toirḃirt Ċríost, agus ċinn Dia é. Aċt ba ġníoṁ peacṫaċ a rinne na daoine a ḃriait agus a ċéas é, óir ġá ḋéanaṁ sin dóiḃ, ḃí siad ag leanaṁaint: claonaḋ na h-urċóide ionnta féin, agus ag géilleaḋ do ċaṫuġaḋ an diaḃail. Níorḃ é an níḋ a ṫoiliġ agus a ċinn Dia a rinne siad, óir níorḃ eisean ar ċor ar biṫ a b’uġdar le n-a n-urċóid. Aċt ċeaduiġ sé a n-urċóid, de ḃríġ go raiḃ sé ar a ċumas a leiṫéid de ḋéag-ṫoraḋ a ḃaint aiste, slánuġaḋ an ċiniḋ daonna., agus le réiṁeolas Dé, d’imir siḃ-se cráḋ agus bás air tré láṁa ḋaoine urċóideaċ:
24Agus ṫóg Dia suas é, ar scaoileaḋ dóláis ifrinn dó#2, 24 Ar scaoileaḋ dóláis ifrinn dó. Ḃuaiḋ sé ar ṗianta ċoscarṫa an ḃáis, agus ar ċuṁaċt ifrinn go h-iomlán., ar an aḋḃar nárḃ ḟéidir dó sin é a ċongḃáil.
25Óir deir Dáiḃiḋ fá dtaoiḃ de:#Sailm 15, 8. Ċonnaic mé an Tiġearna i gcóṁnaiḋe ós mo ċóṁair: óir tá sé ar mo ḋeis ċun naċ gcorruiġtear mé:
26Ar a ṡon sin ḃí áṫas ar mo ċroiḋe, agus rinne mo ṫeanga lúṫġáir, agus le n-a ċois sin béiḋ m’ḟeoil go suaiṁneaċ fá ḋóċas:
27De ḃríġ naċ ḃfágfaiḋ tú m’anam i n-ifreann, agus ní leigfiḋ tú do do Neaċ Naoṁṫa truailliuġaḋ d’ḟeiceáil.
28D’ḟoillsiġ tú sliġṫe na beaṫa daṁ: agus ḋéanfaiḋ tú lán de lúṫġáir mé le do ġnúis.
29A ḟeara, agus a ḃráiṫre, bíoḋ sé ina ċead agam laḃairt go dáná liḃ ar an árdaṫair Dáiḃiḋ,#3 Ríġ. 2, 10. go ḃfuair sé bás, agus gur h-aḋlacaḋ é: agus tá a ṫuamba againn go dtí an lá atá indiu ann.
30Ar an aḋḃar sin, ó ḃí sé ina ḟáiḋ, agus fios aige gur ṁóidiġ Dia le mionna dó go suiḋfeaḋ duine dá ṡlioċt ar a ċaṫaoir ríoġḋa:#Sailm 131, 11.
31Ġá ḟeiceáil sin roiṁ ré dó, laḃair sé ar eiséirġe Ċríost, óir níor fágaḋ i n-ifreann é, ná ní ḟaca a ḟeoil truailliuġaḋ.#Sailm 15, 10.
32Ṫóg Dia suas an t-Íosa seo arís, agus támuid-ne uilig i n-ár ḃfiaḋnaisiġ aige.
33Ar an aḋḃar sin, nuair a tógaḋ suas é le láiṁ ḋeis Dé, agus fuair sé geallaṁaint an Spioraid Naoiṁ ó’n Aṫair, ḋoirt sé amaċ é seo atċí siḃ, agus a ċluin síḃ.
34Óir ní ḋeaċaiḋ Dáiḃiḋ suas ar neaṁ: aċt duḃairt sé féin: Duḃairt an Tiġearna le mo Ṫiġearna, suiḋ ar mo ḋeis,
35Nó go gcuiriḋ mé do náiṁde ina stól faoi do ċosa.#Sailm 109, 1.
36Ar an aḋḃar sin, bíoḋ a ḟios ag tiġ Israéil uilig go cinnte, go ndearna Dia Tiġearna agus Críost de’n Íosa seo a ċéas siḃ-se.
37Agus ar ċluinstin na neiṫe sin dóiḃ, ġaḃ dólás croiḋe iad, agus duḃairt siad le Peadar, agus leis na h-Abstail eile: Cad é tá le déanaṁ againn, a ḟeara, agus a ḃráiṫre?
38Agus deir Peadar leo: Déanaigiḋ aiṫriġe, agus baistear gaċ aoinneaċ agaiḃ i n-ainm Íosa Críost ċun maiṫeaṁnas ḃur bpeacaiḋe: agus ġeoḃaiḋ siḃ tioḋlacaḋ an Spioraid Naoiṁ.
39Óir is díḃ-se an ġeallaṁaint, agus do ḃur gcloinn, agus do gaċ aoinneaċ, dá ḃfuil i gcéin, ar a ngoirfiḋ ár dTiġearna Dia.
40Le cuid ṁóir eile cainnte fosta ṫug sé teagasc dóiḃ, agus ċóṁairliġ sé iad, ag ráḋ: Sáḃálaigiḋ siḃ féin ar an droċ-ġlúin seo.
41Ar an aḋḃar sin, baisteaḋ iad sin a ġaḃ ċuca a ḃriaṫar: agus cuireaḋ leo an lá sin tuairim ar ṫrí ṁíle anam.
42Agus ṁair siad seasṁaċ i dteagasc na n-Abstal, agus i gcumann an ḃriseaḋ aráin, agus i n-urnaiġṫe.
43Agus ġaḃ eagla gaċ uile anam: ḃí mórán iongantas agus míorḃail dá ndéanaṁ fosta ag na h-Abstail i n-Ierusalem, agus ḃí eagla ṁór ar an uile ḋuine.
44Agus an méid a ċreid, ḃíoḋ siad i ḃfoċair a ċéile, agus ḃíoḋ gaċ uile níḋ i gcóṁar acu.
45Ḋíolaḋ siad a maoin agus a gcuid de’n tsaoġal, agus rannaḋ siad ar gaċ aoinneaċ iad, do réir mar ḃíoḋ sé i riaċtanas.
46Agus ag fanaċt gaċ lá ar aon toil aṁáin san teampall, agus ag briseaḋ aráin ó ṫiġ go tiġ dóiḃ, ċaiṫeaḋ siad a gcuid bíḋ fá áṫas, agus fá simpliḋeaċt croiḋe,
47Ag molaḋ Dé, agus cion an ṗobáil go léir orṫa. Agus ṁéaduiġ an Tiġearna i gcionn a ċéile gaċ lá an méid a ḃí le slánuġaḋ.

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 2: ASN1943G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in