YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 4

4
IV Psalm.
1Ṫusa mo Ḋia mo ḟiréuntaċd,
Tráṫ ġoir’mse, bíse dluiṫ;
’Stu ’dfuasguil me as cuiḃreaċ ṫeann;
Déan trócair’ ’s éisd go luaṫ.
2Ca fad, mo ġlóir a ċlann na ndáoin’,
Ċum naire iompuiġios siḃ?
Ag taḃairt gráḋ do ḋioṁáoineas,
Air lorg na mbreug go tiuḃ?
3Bioḋ ’guiḃse fios gur ṫoġ ar nDia
Do féin an duine náoṁ’;
An tan do ġoireas air leam’ ġuṫ
’Sar éisteaḋ leis mo ġláoiḋ.
4Bioḋ eagla oruiḃ ’sna déanuiḋe olc:
Lé ḃur ccroiḋe laḃruiḋe féin;
Go huaigneaċ ann ḃar leabuiḋ fós
Biḋ tostaċ mar an cceadn’.
5Deaġ‐ioḋbairt ṫaitneṁaċ tuguiḋe uaiḃ,
Don ḟiréuntaċt do ġnaṫ;
Cuiriḋe ḃar ndóiġ san Tiġearna Dia,
Ḃar muiniġin ann gaċ la.
6Rod maiṫ, cia ḋuinne ṫaisbeanas?
Ta móran ag da ráḋ;
Aċ solas glan do ġnúise, Ḋé,
Tóg oruinn suas do ġnáṫ.
7’Smo ċuir tu luaṫġair ann mo ċroiḋe,
Na’n uair ta’n tarḃar páilt,
No aca súd tráṫ ḃion se fíon,
Air meuduġaḋ gan airc.
8A sioṫċain luiġfiḋ me maráon,
A’s codóluiḋ me le suan:
O’s tusa ’ṁáin ḃeir ḋaṁ, a Ḋia
Cóṁnuiḋe ta daingean buan.

Currently Selected:

Psalm 4: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy