YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 31

31
XXXI Psalm.
1Ionnadsa, Ḋia, ġníḋimse dóig,
Naire orm na léig go bráṫ;
Dean fuasglaḋ ḋaṁ ad ionracas,
Ó ḃuaiḋreaḋ a’s o ċráḋ.
2Do ċluas a m’íonnsuiḋe crom a nuas,
A’s furtuiġ orm le séun;
Ad’ ċarruig ḋaingean bíse ḋaṁ,
’Tiġ‐tearmonn ċum mo ḋion.
3Óir ’stu is carruicc ḋilios ḋaṁ,
A’s mo ḋaingean laidir ṫréun;
A’s uime sin as uċt hainme féin,
Treóruiġ a’s stiúir mo ċéim.
4Saor as an lín a dfoluiġ siad,
Bain mise ’maċ a Ḋé;
Do ḃríġ gur tusa an ti ’ṁáin,
Is neart ’sas treóir ḋaṁ féin.
5A’d’ láiṁse áṁáin ’Ḋia na ndúl,
Mo spiorad tiomnui’m suas;
A Ḋia na firinne ’smo Ṫriaṫ,
’Stu ḟuasclas me óm ċrua’s.
6Is fuaṫ liom iad a ḃeir fa ndear’,
Na bréuga dioṁáoineaċ;
Aċ mo ḋóċas a nDia na ngrás,
Ċuirim go muiníneaċ.
7Ad ṫrócair’ bí’m go haoiḃineaċ áit,
Oir ṫug tu, a Ḋé, fa ndear;
Mo ḃuáireaḋ a’s m’ánam a mbrón,
Ḃi tusa faireaċ air.
8Ni rinneaḋ leat mo ḋúnaḋ suas,
A láṁ mo naṁud ṫréin;
Ann áitiḃ fairsing ṡocruiġ tu,
Mo ċosa a’s mo ċéim.
9O ta me’ Ḋé a mubaireaḋ ṁór,
Déan trócaire orm go cas;
Mo ṡúile, m’ánam a’s mo ḃolg,
Le brón air seargaḋ as.
10Oir ċlaóiḋeaḋ m’anam as le brón,
A’s mo ḃliaḋna le caóiḋ;
Do ḃriġ mo loiċt, ċuaiḋ as mo neart,
Mo ċnáṁa air na cclaóiḋ.
11Mar ḃall maguiḋ ata me fós,
Dom eascáirdiḃ go léir;
Go háiriḋe do mo ċóṁarsanuiḃ,
Mar ṁaslaḋ ta me féin.
A’s do luċt m’éoluis fos a taim,
Mar aḋḃar sgeig a’s fuaṫ;
Gaċ néaċ a ċiḋeas me ’san tsráid,
A teiṫeaḋ uaim go luaṫ.
12Mar ḋuine marḃ dul as cuiṁne,
Mar ṡoiġṫeaċ ḃriste taim;
13Óir ċualaḋ toiḃeim ṁorán daóin,
’S eagal gaċ taoḃ da mbím.
A m’ aġuiḋ nuair a ċruinig siad,
’Smuain mo ḃeaṫa a sgrios;
14Aċ ionadsa a Ḋe, ċuireas mo ḋóiġ,
Is tu mo Ḋiá deir mis’.
15Ta m’aimsir a’d’ láiṁse a Ḋé,
Orm furtuiġ agus fóir;
Ó láṁ mo naṁud a’s on ndream,
Ta ’leanṁuin orm san tóir.
16Do ġnuis a’s d’aġuiḋ dealruiġeaḋ,
Air d’óglaċ ḋileas féin;
As uċt do ġrása ċarṫanuiġ,
Mo ṡaoraḋ déan go tréun.
17Na léig fuiḋ náire ṁasluiġ mé,
A Ḋia, óir gairim ort;
Aċ náire cuir air luċt an uilc,
Bioḋ siad san uaiġ na ttosd.
18Cuir béul na bréige ’Ḋé, na ttaṁ,
Laḃras go hárdánaċ;
’Naġuiḋ na ḃfiréun go géar cruaiḋe,
Ġo spídeaṁuil tarcuisneaċ.
19Cia ṁeud an ṁaiṫ a ṫaisgis dóiḃ,
D’ar eagal ṫu maraon;
A’s doibriġis dod ṁuintir féin,
A ḃfiaḋnuis’ ċlann na ndaóin’.
20O uaḃar ḋaóin’ ni tu a ndíon,
Fo ḋioṁaireaċt do ġnúis;
A bpáilliun fós ó ċáin’ na tteang’,
Ni didean dóiḃ a ccúis.
21Go mbeannuiġṫear ar nDia go bráṫ,
Oir d’foillsiġ se ḋaṁ féin;
A ċáoiṁneas ċairdeaṁuil iongantaċ,
A ccaiṫir laidir ṫréuin.
22Duḃárt me am’ ḋeiṫfir ta me,
Gearrṫa ód ṡúil amaċ
Aċ ċualais ’nuair do ġláoiḋ me ort,
Guṫ m’urnuiḋe ġearánaċ.
23Gráḋuiġe Dia a náoiṁ air fad,
Oir Dia don tréiḃ ḋíreaċ;
Do ġniḋ sár‐ḋi’on, a’s diol go luaṫ,
Don uaiḃreaċ ailġeasaċ.
24Siḃse a ċuir a nDia na ngrás,
Ḃur ndóċas mar is cóir;
Biḋ meisneaṁuil a’s cuirfiḋ se,
Neart ann ḃur ccroiḋe a’s treóir.

Currently Selected:

Psalm 31: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in