YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 19

19
XIX Psalm.
1Foilisiġid na neaṁḋa glóir Dé
’Sna spéurṫa gnioṁ, a láṁ.
2Ta la ag déanaṁ sgéil do la,
’S oiḋċe d’ oiḋċe gan taṁ.
3A’ teagasg eóluis an ’sgaċ áit,
Oir ni ḃfuil ionad ann
No caint no focal fós air biṫ;
Ná’r ċual’ a nguṫ gaċ am.
4Ċuaiḋ a ḋoruḃa air feaḋ gaċ tír,
A ḃfocal ’ḃfad a ccéin
Go críc na cruinne, ċuir se ’ċeart,
Buan‐ṗailliún árd don ġréin:
5Neaċ ta mar nuaḋ‐ḟear pósda teaċt,
O na ṡeómra féin amaċ,
Ta ait mar ġaisgiḋeaċ tréan a’rioṫ,
Ċóiṁling go togaraċ.
6A’ dul amaċ o ċríċ na spéar,
Fa ccuart na ccrioċ do ġnáṫ:
’S ni foilliġear ó ṫeas na gréin,
Einniḋ ’sa ccruinne tá.
7Is iomlan reaċt Iehoḃa ṁóir,
An t’anam iompuiġion se:
Fiaḋnuis’ an Tiġearna ta se dearḃ:
An tsimpliḋ glic do ġniḋ.
8Ta dliġeaḋ fós ar tTiġearna ceart,
’Cur áoiḃneas annsa ccroiḋe:
Glan‐áiṫeanta dé ag foillsiuġaḋ,
An tsúil naċ maiṫ do ċí.
9Eagla an Tiġearn’ fíorġlan í
Buan‐marṫanaċ do ġnaṫ:
Fíor agus cóṁṫromaċ air fad,
A ḃreiṫeaṁnais a ta.
10Is fearr le n’iarruiġ iad na ór,
An tór is fearr air biṫ:
Nios mílse na mil a ta siad,
’S na cíor ṁeala re hiṫ’,
11Ag faġuil raḃaḋ fós ata,
T’óglaċsa uaḋ a ġnáṫ,
A’s ann do ċoiṁéad ċúramaċ,
Mór‐ṫuarasdal a tá.
12Cia ṫuigeas uile ṡeaċrán féin?
Glan o luċt diaṁair mé,
13O ṗeacuiġiḃ uaiḃreaċa air ais
Cuinniġ ṫ’ógluiġ féin a Ḋé;
Na bioḋ airdċeannas aca orm:
An sin ḃei’s me díreaċ,
A’s fós o’n bpeacaḋ ṁór bioḋ mé,
Fír‐ionruic neiṁċiontaċ.
14O Ḋia mo neirt ’smo ṡlánuiġṫeoir,
A ndeaġṫoil gaḃ uaim féin,
Na smuainte ta am ċroiḋe astiġ,
A’s briaṫra glan mo ḃéil.

Currently Selected:

Psalm 19: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in