YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 18

18
XVIII Psalm.
1Mo ċionn ort féin a Ḋé mo neirt,
2Mo ċarruicc Dia go ceart,
Mo ḋaingion a’s mo ṡlanuiġṫeoir:
Mo Ṫiġearna a’s m’feart:
Ionadsa ċuirim mo dóċas fós,
Mo ṫearmonn a’s mo sgiaṫ,
Aḋarc mo ṡláinte é go beaċt,
An m’ionad árd se Dia.
3Nois gairim air an dTiġearna,
Da ndliġṫear molaḋ síor;
Mar sin ó m’eascáirdiḃ go léir,
Coiṁéadfear me go fíor.
4Ċuir tuilte ḋroċ ḋáoine sgáṫ orm,
Le dóilġeas gus an éug:
5Pianta ifrinn a’s lion a ḃáis,
Róṁam an ’sgaċ áit, féuċ.
6A’m éigin ġoir me ort mo Ṫriaṫ,
D’éiġeas go hard lem’ ġláoiḋ:
Is as do ṫeampoll náoṁṫa féin,
D’éist tu mo ġuiṫ go cáoiṁ.
Ann ḟiaḋnuise ’sa néisteaċd féin,
Mo ġláoiḋ do rainiġ suas;
7An talaṁ air gaċ céim an sin,
Do ċriṫ, ’sdo ċraṫuiġ ġluais:
Ioċtar na ccnoc agus na mbeann,
Do ġluaiseadar go garg,
Do ċrioṫadar do ċraṫaiġ iad,
Do ḃriġ go raiḃ ort fearg.
8Ċuaiḋ deataċ as a ṡróin amaċ,
A’s teine loisgeaċ ṁór,
Ċuaiḋ as a ḃéul a’s lasaḋ leis
Do éiḃliḃ niḋ ba leór.
9Do lúb se fós na neaṁa fuiḋ,
’Sa nuas do ṫuirling se,
Fior‐ḋorċadas a’s duiḃeagán,
Do ḃi fa ċosuiḃ Dé.
10Air Ċerub ṁarcaiġ se go hárd,
Air eitiḃ fos do ċuaiġ:
A’s ḃi se luaṫ ag eiteallúġ’,
Air sgiaṫánaiḃ na gaoiṫ’.
11An dorċadas mar ḋiaṁaireaċt,
Do ċuir se uime féin;
Buḋ ṗailliún do na huisgeaḋ dorċ’,
A’s néulla tiúġ na spéir.
12Lé ċéile d’imṫiġ a néuill tiuġ,
A’s an ċloċ‐ṡneaċta fós,
Agus gual teine marangcéadn’
On deallraḋ ḃí ’na ġnúis.
13Rin Dia ’sna spéiriḃ tóirneaċ ċruaiġ,
Do leig an ti as aird’,
Le cloċ‐ṡneaċta a ġuṫ amaċ,
A’s gual teine ’sgaċ ait.
14A ṡaiġde leig se ċuca ’maċ,
A’s spréiġ se iad air fad,
Teine d’ feair orṫa, ṫeilg go mór,
A’s ċláoí iad go grad.
15Aigéin na nuisgeaḋ ċonncas ris,
’S ioċtar an doṁ’n do noċt;
Led’ anál as do ṡróin a Ḋé,
Led’ aċṁusán as smaċt.
16A’s ionad ard do ċuir se’ nuas,
A’s ḃain se me amaċ,
Is rinn mo ṫarruing marangcéadn’
Ó uisgeaḋaiḃ iomarcaċ.
17Om’ naṁuid neartṁar agus tréun,
Ṫug ḋaṁsa fuasglaḋ deas,
A’s ó luċt mo ṁiorúin a’s m’fuaṫ,
Buḋ ro ṫreise na mis’.
18La mo ṫruaiġṁéile a’s mo ḃróin,
Ṫangadar orm gan ḟios
Aċt ḃi mo Ḋia ’na ṫaca treóin
Ni ṡleaṁnóċaḋ mo ċos.
19Go hionad ḟairsing agus réiḋ
Do ṫug se me amaċ;
M’fuasclaḋ go sáor do rinne se,
Oir ionam ġaḃ se tlaċt.
20’Réir m’ionracuis a’s ġloine láṁ,
Dioluiġeaċd ṫug Dia ḋam:
21Air seaċrán uaiḋ ni ḋeaċuiḋ me,
A ṡliġe coiṁéadaiġ leam.
22’Oir uile ḃreiṫ ta os mo ċó’ir.
A ḋliġeaḋ uaim nior ċuir.
23Buḋ ḋíreaċ iona laṫair me:
’O m’aingiḋeaċt rinneas sguir.
24’Réir m’firéuntaċd a’s ġlaine láṁ,
A seallaḋ beaċt a ṡúl,
Do rinné mise luaṫġair taṁ
Go cáoiṁ le Dia na ndúl.
25Don trócaireaċ teasbainfeáḋ tú,
Ṫu féin ro ṫrócaireaċ.
26Don duine díreaċ a mbáo’l tú,
Ionad, seaḋ ḃeiṫ neaṁspla’ċ.
27Na dáoine ta fuiḋ ḃuaireaḋ ṁór,
Lan‐ṡaorfair a’s gaċ ait;
Aċt ḃeir tu ’nuas an ṁuintir sin,
Aig a ḃfuil na ruisg ard.
28Oir lasfuiġ tu mo ċoinnioll daṁ,
A’s ġniḋ mo Ḋia ’smo ríġ
Mo ḋorċadas á ṡoilseóċaḋ,
Cóṁ‐soiléir glan go mbí.
29Mór‐ḃuiḋin ṡlóiġ, led’ neart, a Ḋe!
Do briseaḋ leam air fad:
Le cóṁ’ċt mo Ḋia tar ḃalla ré’
Do ċuaiḋ me léim gan stad.
30Aċt Dia, ata a ṡliġe ro ċeart:
Is déarḃṫa focal Dé;
Don uile ḋuine ḋóiġios as,
Ċum di’on is sár‐sgiaṫ é.
31Oir cia is Dia, aċt ṫusa Ḋé?
Cia ’s carruicc aċt ar dTriaṫ?
32An neaċ ullṁuiġeas mo ṡliġe ceart,
’Sa ḃeir Ḋaṁ neart, se Dia.
33Mar ċosa fiaḋ, ta luaṫ ċum rioṫ,
Mo ċosa rinne se,
Air m’áitiḃ ard ḋam ṡocarúġaḋ
Ċum naċ ngluaisfiḋ me.
34Ċum cóṁraic ṫeagaisg se mo láṁ,
Ionnus go ḃfuaras buaiḋ.
Go mbrisfiḋ le mo ḃracuiḃ‐se
Boġa don iaran ċruaiḋe.
35Ṫug tusa sgiaṫ do ṡláinte ḋaṁ,
Do ḋeaslaṁ ċoing’ me suas;
Ṫug orm do ċáoinneas a’s do ġráḋ
Go hinḃe ṁór gur ḟás.
36Mo ċéim’ne rinnis fairsing fúm,
Sin ḋaṁ mur ḃi tu féin,
Ionnus go socair seasfaḋ me,
’Sni ṡleaṁnóċaḋ mo ċéim.
37Lean me mo naṁuid annsa tóir,
A’s orra rug go cas;
A’s no gur cláoiḋeaḋ iad go léir
Nior ḟill me féin air m’ais.
38Gan neárt ċum eirġe, loiteas iad,
A’s ṫuit siad sios fom’ ċois.
39Le neart ċum caṫa ċrioslais me;
’Néireóġ am’ aiġ’ ’stu ċlaoi’s.
40Air ḃrá’id do ṫugais ḋáṁ mo náṁ’d
Luċt m’fuaṫ’ go gcláoiḋfiḋ tu,
41Gláoiḋ siad ’sda ḃḟurtaċt ní raiḃ neaċ:
Air Ḋia, ’snior ṗreagair se.
42Aṁuil, luaiṫreaḋ a dul re gáoiṫ,
Go mion do bruiġ me iad;
A’s ṫeilg me iad amaċ arís
Mar laṫaċ air an tsráid.
43Ó ġliaḋ na ndáoine ṡáorfair me;
Rinn ceann na ccineaċ ḋiom.
Na dáoine ’ṁain nar ḃ’aiṫne ḋam,
Ann uṁlaċt ḋáṁ do ċím.
44Air ċloisinn dóiḃsean iomráḋ orm
Géilliḋ siad ḋaṁ gan stad
Agus ġniḋ coigcriċ mar an ccéadn’
Géilliḋ ḋaṁsa air fad.
45Seargfuiġear a’s cuirfear air feóḋ,
Na coigċrioċa go léir;
A teaċt le heagla ’s uṁan mór
Amaċ as ’ndaingniḃ féin.
46Dia beo ata, beanuiḋe go raiḃ,
Mo ċarruicc féin go bráṫ;
Agus Dia mo ṡláinte biaiḋ se
Air árduiḃ ṡuas do ġnáṫ.
47Mo ḋioġaltas a’s mo leasuġaḋ,
’Se Dia do ḃeir amaċ;
’Se fós a ċuirfiḋ ḋaṁ fo smaċt
Na slóiġ go hiomadaċ.
48’Se ḟuasglas me o meascáirdiḃ:
’S do ṫóg me ṫar gaċ neaċ,
A d’éirġiḋ riom a’s ṫug me sáor
O ḟear na heugóraċ.
49’Measg na ccineaḋaċ uime sin,
Ḃeirimse ḋuit a Ḋé,
Mór‐ḃuiḋeaċas dod ainmse fós,
Ard‐ṁolaḋ seinnfiġ me.
50Ḃeir seisean fuasglaḋ mór dá rig:
Le trócair’ ḃeir se grás
Do Ḋaiḃi neaċ do úngaḋ leis,
Agus da ṡlioċt go bráṫ.

Currently Selected:

Psalm 18: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in