YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 12

12
XII Psalm.
1Ó fóir a’s cuideaḋ linn a Ḋé,
Oir, créidṁeaċ ni ḃfuil ann;
Duine diaḋa ar measg ċlhann Á’ṁ,
Re faġuil ta ro ġann.
2Laḃruiġ gaċ neaċ ren’ ċóṁarsa
An ḃréug le meaḃuil ḃéil;
Le croiḋe cliseaċ lán do ċeilg,
Laḃruid araón le ċéil’.
3Gaċ béul ta lann do ṁeaḃuil ṫlaiṫ,
Do ġnáṫ biḋean leam ’s leat,
An teanga ḃrui’neaċ ardánaċ,
Sgaitf’ear le Dia na ḃfeart.
4Duiḃradar, orrṫa ḃearfam buaiḋ,
Le’r tteanguiḋ fein amaċ,
A’s linn fein ar mbéul; cia an triaṫ,
Do ċuirfeaḋ sinn fa smaċd.
5Ar son sáruiġṫe na ndeóruiḋe truaġ,
’Sosnuiḋe na ndáoineaḋ boċd;
’Nois eiróiġ me (ar Dia) ċum di’on,
Do ḃoiċd’ naġuiḋ na nolc.
6Is fiorġlan go de’in focal De:
Ċo gle le airgiod é,
Do leaġaḋ a’s do glanaḋ fós
Seaċd nuaire a soirn ċré.
7Coiṁeadfa tusa iad a Ḋia,
Cuiṁdeóċair iad do ġnáṫ,
An geinealaċ ata anois,
’So sin amaċ go bráṫ.
8Siu’lfaḋ na ciontaiġ air gaċ taóḃ,
A’s tógfuid suas a cceann;
An tan ċuirfiġṫear suas go hárd
Na dáoine is suaruiḋe ann.

Currently Selected:

Psalm 12: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in