YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 5

5
V Psalm.
1Dom’ bhriathruibh tabhair, cluas, a Dhé,
Mo smuaintighe meas go buan.
2Eist fuaim mo ghláoidh, mo righ, ’smo Dhia,
Oir guidhim ort gach uain,
3Cluinfir mo ghuth ’Thigearna Dé
Air maidin gach áon la:
Déanfad m’urnuighe riot go moch
A’s dearcfad ort do ghnath.
4Ni tu an Dia le’r mian an tolc;
Urchóid ni bhrostuighion tu,
5An tamaoán, ni sheasan leat,
Is fuath leac an dáoi cuil.
6Sgriosfuighear leatsa lucht na mbréug,
Is fuath leat iad maráon;
An duine fuilteach a’s an tí,
Ta meabhlach fós no cláon.
7Ach mise, thiocfas chum do thigh;
’S tre mheud do thrócaire cháoimh:
An d’eagla mhór adhróchuidh me,
Go nuige do theampall náomh’.
8Do bhrigh mo namhud, treóruigh me,
Chum d’firéuntacht, a Dhé,
A m’fiadhnuise déansa ann ’sgach ball,
Do shlighse direach réidh.
9Ni bhfuil dísleacht ann a mbéul,
Acht urchóid ionta fás;
Mur uaigh mhurcuidhe, a sgórnach bidh,
Labhruigh a tteangtha cnáid.
10Le na ccómhairle féin tuitidis,
Sgrios iad a Dhia ’na locht:
’Na bpeacuidhibh lionmhar fuaduigh iad,
Oir meabhal rinn siad ort.
11Ach áoibhneas ag gach neach go raibh,
A dhóigheas ’nDia do ghnath:
A’s déanadh siad luathgháire bhuan,
A’s gairdeachus gach la:
Biodh sólás dóibh le’r ionmhuin d’ainm,
12Oir beannuigh’n tu a Dhé,
An firéun; ghnidh tu le do ghrás,
A chumhdach mar le sgéith.

Currently Selected:

Psalm 5: PSA1836

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in