YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 32

32
XXXII Psalm.
1Is beannuighe an duine sin a fuair,
Ionna chiontuibh maitheamhnas;
Fuair le trócaire folach air,
A pheachuibh easáontach.
2Sh beannuidhe an ti nar agair Dia,
A sheachránuibh nis mó;
Agus ann a spíorad nach bhfuil,
Cláon‐chealgaireacht na gó.
3Trath bhi me seall fada a’m’ thamh,
Luigh air mo chnámha áois;
A’s b’amhluidhe sin gach la mo chor,
Le dol dom bhuirfeadh suas.
4Oir ormsa bhi do lamh go trom,
Air feadh gach oidhch’ a’s lá;
Mo bhríogh, go tart an tsamhruigh theith,
Air atharughadh ata.
5D’admhaidheas féin mo pheacuidhe dhuit,
Níor cheil me m’aingidheacht;
A dubhras d’admhoin sin do Dhia,
A’s mhaith tu cron mo locht.
6So fáth f’a nguidhean ort gach náomh,
’Sa dtráth air bhfaghthar thu;
A ttuiltibh na ndilion mór fíor,
Ni thigean siad go dluith.
7Ta tu mar ionad foluigh dhamh,
Coiseonfair me o bhrón;
Do ghnidhthir leat mo chuartughadh,
Le habhrán sáoirse binn.
8Teagosgfa agus muinfid duit,
An bealach ceart a shiu’l;
Le ttigheadh leamsa triall go ceart,
’S dod sheoladh le mo shúil.
9Na bi mur mhuille no mur each,
Na hainmhidhean gan chéill;
Iadhta cuirir, nach ttigid ort,
Teannaill teann na mbéul.
10Is lionmhar brón ag lucht a nuilc,
Ach neach dar dóigh leis Dia;
Ta trócáre dul na thimchioll san,
Da dhíonadh mar ghnidh sgiath.
11A dháoine fíréunta a nDia,
Bidheadh luathgháreach a’s ait;
A’s déanuidhe gairdeachus gach neach,
Aga bhfuil an cróide ceart.

Currently Selected:

Psalm 32: PSA1836

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in