YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 31

31
XXXI Psalm.
1Ionnadsa, Dhia, ghnídhimse dóig,
Naire orm na léig go bráth;
Dean fuasgladh dhamh ad ionracas,
Ó bhuaidhreadh a’s o chrádh.
2Do chluas a m’íonnsuidhe crom a nuas,
A’s furtuigh orm le séun;
Ad’ charruig dhaingean bíse dhamh,
’Tigh‐tearmonn chum mo dhion.
3Óir ’stu is carruicc dhilios dhamh,
A’s mo dhaingean laidir thréun;
A’s uime sin as ucht hainme féin,
Treóruigh a’s stiúir mo chéim.
4Saor as an lín a dfoluigh siad,
Bain mise ’mach a Dhé;
Do bhrígh gur tusa an ti ’mháin,
Is neart ’sas treóir dhamh féin.
5A’d’ láimhse ámháin ’Dhia na ndúl,
Mo spiorad tiomnui’m suas;
A Dhia na firinne ’smo Thriath,
’Stu fhuasclas me óm chrua’s.
6Is fuath liom iad a bheir fa ndear’,
Na bréuga diomháoineach;
Ach mo dhóchas a nDia na ngrás,
Chuirim go muiníneach.
7Ad thrócair’ bí’m go haoibhineach áit,
Oir thug tu, a Dhé, fa ndear;
Mo bhuáireadh a’s m’ánam a mbrón,
Bhi tusa faireach air.
8Ni rinneadh leat mo dhúnadh suas,
A lámh mo namhud thréin;
Ann áitibh fairsing shocruigh tu,
Mo chosa a’s mo chéim.
9O ta me’ Dhé a mubaireadh mhór,
Déan trócaire orm go cas;
Mo shúile, m’ánam a’s mo bholg,
Le brón air seargadh as.
10Oir chlaóidheadh m’anam as le brón,
A’s mo bhliadhna le caóidh;
Do bhrigh mo loicht, chuaidh as mo neart,
Mo chnámha air na cclaóidh.
11Mar bhall maguidh ata me fós,
Dom eascáirdibh go léir;
Go háiridhe do mo chómharsanuibh,
Mar mhasladh ta me féin.
A’s do lucht m’éoluis fos a taim,
Mar adhbhar sgeig a’s fuath;
Gach néach a chidheas me ’san tsráid,
A teitheadh uaim go luath.
12Mar dhuine marbh dul as cuimhne,
Mar shoightheach bhriste taim;
13Óir chualadh toibheim mhorán daóin,
’S eagal gach taobh da mbím.
A m’ aghuidh nuair a chruinig siad,
’Smuain mo bheatha a sgrios;
14Ach ionadsa a Dhe, chuireas mo dhóigh,
Is tu mo Dhiá deir mis’.
15Ta m’aimsir a’d’ láimhse a Dhé,
Orm furtuigh agus fóir;
Ó lámh mo namhud a’s on ndream,
Ta ’leanmhuin orm san tóir.
16Do ghnuis a’s d’aghuidh dealruigheadh,
Air d’óglach dhileas féin;
As ucht do ghrása charthanuigh,
Mo shaoradh déan go tréun.
17Na léig fuidh náire mhasluigh mé,
A Dhia, óir gairim ort;
Ach náire cuir air lucht an uilc,
Biodh siad san uaigh na ttosd.
18Cuir béul na bréige ’Dhé, na ttamh,
Labhras go hárdánach;
’Naghuidh na bhfiréun go géar cruaidhe,
Gho spídeamhuil tarcuisneach.
19Cia mheud an mhaith a thaisgis dóibh,
D’ar eagal thu maraon;
A’s doibrighis dod mhuintir féin,
A bhfiadhnuis’ chlann na ndaóin’.
20O uabhar dhaóin’ ni tu a ndíon,
Fo dhiomhaireacht do ghnúis;
A bpáilliun fós ó cháin’ na tteang’,
Ni didean dóibh a ccúis.
21Go mbeannuighthear ar nDia go bráth,
Oir d’foillsigh se dhamh féin;
A cháoimhneas chairdeamhuil iongantach,
A ccaithir laidir thréuin.
22Dubhárt me am’ dheithfir ta me,
Gearrtha ód shúil amach
Ach chualais ’nuair do ghláoidh me ort,
Guth m’urnuidhe ghearánach.
23Grádhuighe Dia a náoimh air fad,
Oir Dia don tréibh dhíreach;
Do ghnidh sár‐dhi’on, a’s diol go luath,
Don uaibhreach ailgheasach.
24Sibhse a chuir a nDia na ngrás,
Bhur ndóchas mar is cóir;
Bidh meisneamhuil a’s cuirfidh se,
Neart ann bhur ccroidhe a’s treóir.

Currently Selected:

Psalm 31: PSA1836

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in