YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 28

28
XXVIII Psalm.
1A Dhia mo charruig éighim ort,
’Ad’ thost na bidhse uaim;
Air eagla tré sin gur chósmhuil me,
Le dream théid sios san uaigh.
2Guth m’athchuinge trath éighim riot,
Éist thusa ann sinn a Dhé;
’Nuair thógfadh me mo lámha suas,
’Ad’ theampoll náomhtha féin.
3Le lucht an uilc ’s na héaccóra,
Na tarruing me go bráth;
Re na ccómharsanuibh labhras sioth,
Ach olc na ccróidhe ata.
4Do réir a ngniomha tabhair doibh,
Do réir a rúin chum oilc;
A’s tabhair dóibh drochghniomh a lámh’,
Amhluidh mar thuill siad ort.
5Do bhrígh nar thuig siad oibre Dé,
No gniomh a lámha fós;
Do ghnidh se milleadh orra ’s cláoidh,
’S ni dhéan a ttógbhail suas.
6Arson ghuth m’athchuinge, oir d’éist,
Mór‐bheannuidhe go raibh Dia;
7Do chuir mo chroidhe dóchas ann,
Se Dia mo neart ’smo sgiath.
A ta me faghuil furtacht uaidh,
Mar sin le aoibhneas ait;
Mo chroidhe ta lan ’s le m’abhran binn,
Siór‐mholuim é gan stad.
8Se Dia is neart ’sas treis dhoibh,
Oir ta se féin go deas;
’Na neart ’sna spionnadh sláinte dhluith,
Don te do húngadh leis.
9A Dhia furtuigh do phoball cáoimh,
A’s beannuigh d’oighreacht féin;
Tabhair beath a’s oileamhuin dóibh.
Tóg iad go brath a Dhe.

Currently Selected:

Psalm 28: PSA1836

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in