YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 25

25
XXV Psalm.
1’Thi’arna tóguim m’anam chughad,
Mo dhia ta shuas air neamh;
Am’ íonsuidhe na léig adhbhar náir
Ó’m’ naimhde ta go leamh.
2Fuidh naire a’s mhasladh na léig neach,
A ghnáthas feitheamh ort:
Ach náire go raibh air a ndream,
A ghnídh gan adhbhar locht.
3Foillsigh, Thi’arna, do shlighthe dhamh:
Ad’ chasáin teagaisg mé,
4A’s treóruidh me ad fhirinn ghlain,
’S mo theagasg déan, a Dhé:
5Óir ’s tu is Ti’arna ann go dearbh,
’S tu is sláinte do ghnáth;
Is ortsa ta me feitheamh fós,
Le foighid mhór gach lá.
6Cuimhnigh, Dhe, do thrócaire cháoimh,
Do mhuintreas lán do ghrádh:
O chian na ccian ata siad ann,
San aimsir fhad o’n lá.
7Na cuimhnigh peacaidh m’oige dhamh,
Na cortha rinne me:
’Réir do thrócaire cuimhnigh orm,
As uchd do ghrás, a Dhé.
8Is maith ’sas díreach Dia na ndúl:
Is air an adhbhar úd,
Do ghnidhthear leis na peacuidh truagh
A theagasg annsa ród.
9Treóróchuigh se na ceannsuighthe,
A mbreitheamhnuis go ceart:
Na daoine ceansa muinfigh se,
A slighthibh Dhé na bhfeart.
10Is trócaire ’sas firinne,
Slíghe ar nDé an ’sgach ball;
Don dream a chongmhas cunnradh ris,
’Snach léig a theist air cáll.
11Ar son h’ainme mo chionta maith,
Óir ta siad mór, a Dhé;
12Cia hé eagluighios Dia? san tslígh,
Thoghfuigh, muínfigh se é.
13A seasgaireacht ghnidh anam tamh,
’S lé’ na shliochd le ceart an tír;
14Tha rún an Ti’earna ag an dream,
Eagluighios é go fíor.
A’s ghnidhthear leis a chunnradh fós,
’Fhoillsiúghadh dhóibh go ceart:
15Ata mo shúile féin do ghnáth,
Le Ti’arna mór na bhfeart.
Do bhrígh go mbeirthear leis mo chos,
Go haithghearr as an rib;
16Fill chugam ’s déan trócaire orm,
Am’ aonar taim san ttrip.
17Tha Lot mo chróidhe ag dul a méad,
Sáor me om amhgar géur;
18Amhairc mo phéin a’s m’anacar,
’S mo pheacuidhe maith go léir.
19Mo naimh’d fuathfar tabhair fa ndear.
Oir táid ro lionmhair ann;
Fuath nimhneach chum foiréigin;
Ta aca dhamh nách gann.
20’Dhia, fair m’anam, a’s fortuigh orm,
A Dhia na nairigh me;
Mo dhóchas uile leigim ort,
Do bhrígh gur tu mo Dhia.
21’Nis déanuigh ionracus a’s ceart,
Mo dhi’n a’s m’feitheamh ort;
22Dhia fuasguil air chlainn Isaréil,
Ó’n uile amhgar ghoirt.

Currently Selected:

Psalm 25: PSA1836

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in