YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 9

9
Salm 9.
Confitebor tibi.
1Tabharfaidh mé buíochas leat, a Thiarna, ó mo chroí go hiomlán: labhróidh mé ar dʼoibreacha iontacha.
2Beidh tú mar chúis áthais agus lúcháire agam: seinnfidh mé clú dʼAinm, ós tú an Té is Airde.
3Nuair a chuirtear mo naimhde ar gcúl: titfidh siad agus scriosfar iad i do láthair.
4Óir phléigh tú mo cheart agus mo chúis: shuigh tú sa ríchathaoir i do bhreitheamh fhíréanta.
5Bhagair tú ar na págánaigh, agus scrios tú lucht an oilc: scrios tú amach a n‑ainm go saol na saol.
6Tháinig an namhaid chun deiridh; táid scriosta go deo: agus na cathracha a scrios tú, chuaigh siadsan agus a gcuimhne as.
7Ach mairfidh an Tiarna go saol na saol: agus tá a ríchathaoir réidh aige le naghaidh breithiúnais.
8Óir tabharfaidh sé breithiúnas ar an domhan go fíréanta: agus tabharfaidh sé a gceart do na daoine de réir na fírinne.
9Agus beidh an Tiarna mar chrann cosanta ag a bhfuil faoi dhaorsmacht: agus mar dhídean an tráth a thagann an buaireamh.
10Agus cuirfidh an dream a bhfuil aithne acu ar dʼAinm a muinín ionat: óir níor theip tú riamh, a Thiarna, ar an dream bhíos dod iarraidh.
11Molaigí an Tiarna arb é Síón a chónaí: taispeánaigí a ghníomhartha do na daoine.
12Óir is cuimhin leis iad nuair a bhíos sé ag agairt fola: ní hé a dhearmad casaoid na mbocht.
13Déan trócaire orm, a Thiarna; breathnaigh mo bhuaireamh ó lucht mʼfhuatha: tusa a thógas mé ó dhoirse an bháis.
14Go bhfoilsí mé do mholadh uile idir geataí iníne Shíóin: beidh do shlánú mar ábhar áthais agam.
15Thit na págánaigh sa pholl a rinneadar: ceapadh a gcos sa líon a dʼfholaigh siad os íseal.
16Tá a fhios ag an saol go gcuireann an Tiarna an breithiúnas i bhfeidhm: ceaptar an drochdhuine le saothar a lámh féin.
17Scaoilfear lucht an oilc chun báis: agus an dream a dhéanas dearmad ar Dhia.
18Óir ní i gcónaí a dhéanfar dearmad den bhochtán: ní go síoraí a bheidh an duine ceansa ag fanacht go foighneach in aisce.
19Éirigh, a Thiarna, agus ná lig an bua leis an duine: tugtar breith ar na págánaigh i do láthair.
20Cuir uamhan orthu, a Thiarna: go mbí a fhios ag na págánaigh nach bhfuil iontu ach daoine.

Currently Selected:

Na Sailm 9: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in