YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 72

72
Salm 72.
Deus, judicium.
1Tabhair do bhreithiúnais don rí, a Dhia: agus tabhair dʼfhíréantacht do mhac an rí.
2Tabharfaidh sé ansin ceartbhreithiúnas ar do phobal: agus cosnóidh sé na bochta.
3Beidh na sléibhte fós ag tabhairt na síochána: agus na cnocáin ag iompar na fíréantacht a chun an phobail.
4Tabharfaidh sé a gceart do na daoine simplí: agus cosnóidh sé clann na mbocht, agus cuirfidh sé pionós ar an té dhéanas an t‑olc.
5Beidh eagla orthu romhat, chomh fada agus fhanas grian agus gealach: ó ghlúin go chéile.
6Tiocfaidh sé anuas mar fhearthainn ar an bhféar gearrtha: mar na braonta a shileas uisce ar an talamh.
7Lena linn beidh an fíréan faoi bhláth: agus fós beidh an tsíocháin fairsing, choinh fada is a fhanas an ghealach.
8Beidh a réim ó mhuir go muir: ón abhainn mhór go deireadh an domhain.
9Beidh áitreabhaigh an fhásaigh ag umhlú roimhe: beidh a naimhde ag lí na luaithe.
10Tabharfaidh ríthe Thairsis agus ríthe na n‑oileán bronntanais: beidh ríthe na hAráibe agus Sába ag iompar tabhartas.
11Beidh na ríthe uile ag titim síos roimhe: beidh na náisiúin go léir ag déanamh seirbhíse dó.
12Óir fuasclóidh sé an bocht nuair a ghlaos sé: agus an dearóil agus an té atá gan chúntóir.
13Beidh sé go maith don duine shimplí agus don dearóil: agus cumhdóidh sé anamacha na mbocht.
14Fuasclóidh sé a n‑anamacha ón mbréag agus ón éagóir: agus is daor a bheidh a bhfuil ina shúile.
15Mairfidh sé, agus beifear ag tabhairt cuid dʼór na hAráibe dó: beifear ag guí i gcónaí ar a shon, agus beifear á bheannú gach lá.
16Beidh cruach cruithneachta ar an talamh, go hard ar na cnoic: beidh a thoradh ag creathadh mar Liabháin, agus beidh lucht na cathrach ag fás mar fhéar ar dhroim an talaimh.
17Mairfidh a Ainm go brách; fanfaidh a Ainm faoin ngrian idir na glúna a thiocfas: a dtiocfaidh beannacht orthu tríd; agus beidh na págánaigh go léir á mholadh.
18Go mbeannaítear an Tiarna Dia, mar tá, Dia Iosrael: nach mbíonn ach é ag déanamh na n‑iontas;
19Agus go mbeannaítear go deo dʼAinm a mhórgachta: agus líontar an domhan ar fad dá mhórgacht. Áiméan, Áiméan.

Currently Selected:

Na Sailm 72: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in