YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 71

71
Salm 71.
In te, Domine, speravi.
1Is ionat, a Thiarna, a chuir mé mo dhóchas, ná lig go gcuirtí díomua orm go deo: ach fuascail mé agus fóir orm id fhíréantacht; claon do chluas chugam, agus tabhair slán mé.
2Bí agam mar dhaingean, gur féidir liom tarraingt air i gcónaí: gheall tú go gcuideofá liom, óir is tú mo theach cosanta agus mo chaisleán.
3Fuascail mé, a Dhia liom, as láimh an drochdhuine: as láimh an duine éagóirigh mhíthrócairigh.
4Óir is tú, a Thiarna Dia, atá uaim: ba tú mo dhóchas anuas óm óige.
5Is leat a tógadh mé ó tháinig mé ar an saol: is tú a thug as broinn mo mháthar mé; ní bheidh á sheinm agam ach do mholadh.
6Is iomaí duine a rinne iontas díom: ach is asat atá mo dhóchas daingean.
7Líontar mo bhéal de do mholadh: go seinnfidh mé do ghlóir agus dʼonóir ar feadh an lae.
8Ná caith amach mé in am mo sheanaoise: ná tréig mé nuair a theipeann mo neart orm.
9Óir bíonn mo naimhde ag labhairt im aghaidh: agus tá an dream a bhíos ag faire na faille ar mʼanam ag cur a gcomhairle le chéile, ag rá.
10Thréig Dia é: cuir géarleanúint air, agus gabh é, óir níl aon duine lena fhuascailt.
11Ná himigh i bhfad uaim, a Dhia: deifríodh mo Dhia do chuidiú liom.
12Cuirtear buaireamh agus buanéag ar an dream atá in aghaidh mʼanma: bíodh an dream atá ag iarraidh mʼaimhleasa á gcumhdach le náire agus le heasonóir.
13Ach beidh mise de shíor ag feitheamh go foighneach: agus beidh do mholadh i gcónaí á mhéadú agam.
14Beidh mo bhéal gach lá ag cur síos ar dʼfhíréantacht agus ar do shlánú: óir ní aithním críoch ar bith leo.
15Imeoidh mé i neart an Tiarna Dia: agus ní bheidh á lua agam ach amháin dʼfhíréantacht.
16Ba tú, a Dhia, a thug teagasc dom óm óige go dtí an uair seo: dá bhrí sin beidh mé ag insint dʼoibreacha iontacha.
17Ná tréig mé, a Dhia, im sheanaois, nuair a bhím ceannliath: go dtaispeánfaidh mé do chumhacht don ghlúin seo, agus do neart dá bhfuil go fóill le teacht ar an saol.
18Is mór agus is ard í, a Dhia, dʼfhíréantacht: agus is mór na gníomhartha atá déanta agat; a Dhia, cé is cosúil leat?
19Cad é an mórbhuaireamh agus an mórchruatan a thaispeán tú dom! agus ina dhiaidh sin dʼfhill tú orm agus thug faoiseamh dom: dʼfhill, go deimhin, go dtug tú ar ais ó phoill íochtaracha an talaimh mé.
20Thug tú mé chun mór‑onóra: agus chuir tú sólás ar gach taobh díom.
21Dá bhrí sin molfaidh mé tú ar do dhílseacht, a Dhia, agus beidh mé ag seinm ar ghléas ceoil: is duit a chanfaidh mé leis an gcláirseach, a Naoimh Iosrael.
22Is fonnmhar a sheinnfidh mo bhéal duit: agus is fonnmhar a sheinnfidh mʼanam duit, ó dʼfhuascail tú í.
23Beidh mo theanga fós ag trácht ar dʼfhíréantacht dá mbʼfhada an lá: óir tugadh díomua agus náire ar an dream a bhíos lem aimhleas.

Currently Selected:

Na Sailm 71: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in