YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 51

51
Salm 51.
Miserere mei, Deus.
1Bí trócaireach dom, a Dhia, de réir do mhórmhaitheasa: de réir méid do thrócaire, scrios amach mo chionta.
2Nigh mé ar fad óm urchóid: agus glan mo pheaca díom.
3Óir admhaím mo lochta: agus bíonn mo pheaca de shíor os mo choinne.
4Is i dʼaghaidhse amháin a pheacaigh mé, agus a rinne mé an ní is olc i do shúile: ar mhodh go mbʼfhíréanta do bhriathar, agus nach mbeadh smúid ar do bhreithiúnas.
5Féach, is in urchóid a dealbhaíodh mé: is i bpeaca a ghabh mo mháthair ina broinn mé.
6Ach nach n‑iarrann tú an fhírinne sa chroí istigh: agus nach múinfidh tú eagna dom os íseal!
7Sciúrfaidh tú le niosóp mé, agus is glan a bheas mé: nífidh tú mé, agus beidh mé níos gile ná an sneachta.
8Cuirfidh tú dea‑scéal áthais agus lúcháire chugam: ionas go mbeidh gairdeas ar na cnámha atá briste agat.
9Tiontaigh do ghnúis ó mo pheacaí: agus scrios amach mo mhíghníomhartha uile.
10Cruthaigh croí glan ionam, a Dhia: agus cuir sprid cheart ionam as an nua.
11Ná díbir ó do láthair mé: agus ná tóg do naomhspiorad uaim.
12Tabhair do chabhair arís mar shólás dom: agus neartaigh le do spiorad saor mé.
13Múinfidh mé do shlite do lucht an oilc agus iompófar na peacaigh chugat.
14Fuascail mé ó choir na fola, a Dhia, ós tú Dia mo shlánaithe: agus canfaidh mo theanga dʼfhíréantacht.
15Osclóidh tú mo bheola, a Thiarna: agus foilseoidh mo bhéal do mholadhsa.
16Óir ní iarrann tú aon tsaicrifís, dá n‑iarrtá thabharfainn duit í: ach ní bhíonn dúil agat in íobairtí loiscthe.
17Sprid bhuartha is ea íobairt Dé: croí briste comhbhrúite, a Dhia, ní beag do bheann air.
18Bí caradach fialmhar le Síón déan ballaí Iarúsalem a thógáil.
19Is san uair sin a ghlacfaidh tú go fonnmhar le híobairtí na fíréantachta, idir íobairtí loiscthe agus toirbhirtí: agus san uair sin beidh na daimh óga á n‑ofráil ar dʼaltóir.

Currently Selected:

Na Sailm 51: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in