Na Sailm 48
48
Salm 48.
Magnus Dominus.
1Móraítear an Tiarna agus moltar go hard é: i gcathair ár nDé, agus ar a chnoc naofa féin.
2Áit álainn cnoc Shíóin, aoibhneas an talaimh uile: ar an taobh ó thuaidh atá suí cathrach an Ardrí; tá a dhea‑fhios acu ina cúirteanna go bhfuil Dia ina dhídean dhaingin.
3Óir bʼshiúd ríthe an talaimh: ag slógadh, agus ag siúl tharainn le chéile.
4Chuir a bhfacadar iontas orthu: tháinig tocht orthu, agus cuireadh ar lár go tobann iad.
5Tháinig eagla orthu, agus tháinig brón: mar thagann ar bhean in aistear chlainne.
6 # 48:6 Le canadh gan sos láir. Bíonn loingis na farraige agat á mbriseadh leis an ngaoth a noir.
7Mar chualamar, is amhlaidh a chonaiceamar i gcathair Tiarna na slua, i gcathair ár nDé: a mbíonn Dia á cosaint go deo.
8Táimid ag fanacht le carthanacht ghrámhar uait, a Thiarna: i gceartlár do theampaill.
9A Dhia, mar is dual do dʼAinm, bítear do do mholadh go deireadh an domhain: is lán do lámh dheas den fhíréantacht.
10Bíodh lúcháir ar Chnoc Shíóin, agus áthas ar in íonacha Iúda: de bharr do bhreithiúnais.
11Siúlaigí faoi Shíón, agus timpeallaígí í: agus comhairigí a túir.
12Tabhair beann ar a babhúin cosanta, agus tabhair aire ar a tithe: go n‑insí sibh don ghlúin a thiocfas.
13Óir is é ár nDia le saol na saol an Dia sin: is é an treoraí a bheas againn go bás.
Currently Selected:
Na Sailm 48: OC1965
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965