YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 42

42
Salm 42.
Quemadmodum.
1Mar is mian leis an bhfia tarraingt ar na toibreacha fíoruisce: is amhlaidh bíonn mʼanam do do shantú, a Dhia.
2Tá tart Dé, tart an Dé bhí, ar mʼanam: ca fhad go dtiocfaidh mé agus go bhfeicfear mé i láthair Dé?
3Ba iad mo dheora ba bhia dom lá aʼs oíche: agus iad á rá liom gach lá, anois cá bhfuil an Dia sin agat?
4Nuair a bhím ar na smaointe sin, ligim le racht mo chroí im aonar: óir théinn leis an slua, agus thug mé iad isteach i dteach Dé;
5Le hardfhuaim an mholta agus an altaithe: i measc an dreama bhíos ag comóradh féile.
6Cad í an tuirse seo ort, a mhʼanam: cad é an mórbhuaireamh seo ort i mo lár?
7Bíodh dóchas as Dia agat: óir tabharfaidh mé buíochas dó go fóill ar son cabhrach a ghnúise.
8A Dhia liom, tá buaireamh ar an anam atá i mo lár: dá bhrí sin beidh mé ag cuimhneamh ort ó Thír Iornáin, ó Hermon agus ón gcnocán.
9Bíonn na doimhneachta ag glaoch ar a chéile, as tormán do thuilte: chuaigh do thonnta agus do dhoineanna uile os mo chionn.
10Beidh an Tiarna ag deonú a charthanachta grámhaire dom sa lá: agus san oíche fós beidh mé ag canadh dó, agus ag guí Dé mo bheatha.
11Déarfaidh mé le Dia mo chumhachta, cad chuige a ndearna tú dearmad orm: cad chuige dom imeacht faoi thuirse, ó dhian smacht an namhad?
12Mar bhuille claímh ag coscairt mo chnámh: bíonn mo naimhde a bhíos do mo buaireamh á chaitheamh suas liom;
13Mar tá, bíonn siad á rá liom gach lá: cá bhfuil do Dhia‑sa anois?
14Cad í an tuirse seo ort, a mhʼanam: cad chuige duit bheith chomh buartha sin i mo lár?
15Bíodh dóchas as Dia agat: óir tabharfaidh mé buíochas dó go fóill, ós é cuidiú mo ghnúise agus mo Dhia é.

Currently Selected:

Na Sailm 42: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in