YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 11

11
Salm 11.
In Domino confido.
1Is sa tiarna a chuirim mo dhóchas: conas adeir sibh lem anam teitheadh chun an chnoic mar éan?
2Óir siúd lucht an oilc ag lúbadh a mbogha, agus ag ullmhú bolgán na saighead: go scaoile siad os íseal le lucht an chroí fhír.
3Óir leagfar na buna atá fúinn: agus cad é is féidir leis an bhfíréan a dhéanamh?
4Tá an Tiarna ina theampall naofa: tá cathaoir an Tiarna ar neamh.
5Breathnaíonn a shúile na bochta: scrúdaíonn a roisc Síol Ádhaimh.
6Promhann an Tiarna na fíréin: ach is fuath anama leis fear an oilc, agus an té a mbíonn dúil aige i ndrochghníomhartha.
7Fearfaidh sé dola ar lucht an oilc, tine agus ruibh, gaoth mhór agus doineann: sin an deoch a bheas acu le n‑ól.
8Óir bíonn grá ag an Tiarna fíréan ar an bhfíréantacht: ní fheicfidh a ghnúis ach an ní atá ceart.

Currently Selected:

Na Sailm 11: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in