Rómhánaigh 3:25-26
Rómhánaigh 3:25-26 ABN2012
an té ar leag Dia amach dó a bheith in shás peacaí a ghlanadh lena chuid fola ach creideamh a bheith ann, chun fíréantacht Dé a thaispeáint agus a rá gur lig sé thairis le barr a fhoighne na seanpheacaí a bhí déanta; agus lena thaispeáint san am i láthair chomh maith go bhfuil sé fíréanta ann féin agus go bhfíréanaíonn sé gach duine a bhfuil a chreideamh in Íosa aige.