YouVersion Logo
Search Icon

Rómhánaigh 16

16
Beannachtaí Éagsúla
1Fágaim cúram ár siúrach Féibé oraibh. Feidhmeannach san eaglais i gCeinchré is ea í. 2Fáiltígí roimpi ar son an Tiarna mar is dual do na naoimh agus cuidigí léi in aon ní a mbeidh gá aici libh: mar is iomaí duine ar sheas sí leis agus liom féin chomh maith. 3Beannaígí do mo chomhoibrithe in Íosa Críost, do Phriosca agus dʼAcúbas, 4a chuir a gceann i mbaol ar son mʼanama-sa; agus ní mise amháin atá buíoch díobh ach eaglaisí uile na ngintlithe chomh maith. 5Beannaígí freisin don eaglais ina dteachsan. Beannaígí do mo chara ionúin, Eapaenatas, an chéad duine san Áise a ghabh le Críost. 6Beannaígí do Mháire, bean a shaothraigh go dian in bhur measc. 7Beannaígí dʼAndronacas agus dʼIúinias, comhthírigh agus comhchimí liom féin, a bhfuil iomrá orthu i measc na n-aspal agus a bhí i gCríost romhamsa. 8Beannaígí dʼAimpliatas, mo chara ionúin sa Tiarna. 9Beannaígí dʼUrbánas ár gcomhoibrí i seirbhís Chríost, agus do mo chara ionúin Stachas. 10Beannaígí don Chríostaí tofa úd, Apallaes, agus do theaghlach Arastabúlas. 11Beannaígí do mo chomhthíreach, Héaróidión, agus dá bhfuil de Chríostaithe i dteaghlach Nairciseas. 12Beannaígí do Thriofáíne agus do Thriofósa, beirt atá ag saothrú ar son an Tiarna. Beannaígí do Pheirsis ionúin, bean a shaothraigh go dian ar son an Tiarna. 13Beannaígí do Rufas atá tofa sa Tiarna, agus dá mháthair, bean ar máthair dom-sa leis í. 14Beannaígí dʼAsancratas, do Fhleagón, do Heirméas, do Phatrabas, do Hearmás, agus do na bhráithre ina dteannta; 15dʼFhiolólagas, dʼIúilia, do Néireas agus dá dheirfiúr; dʼOilimpeas, agus do na naoimh go léir ina dteannta. 16Beannaígí dá chéile le póg naofa. Cuireann eaglaisí uile Chríost a mbeannacht chugaibh.
Rabhadh
17Achainím oraibh, a bhráithre, súil a choimeád orthu sin a adhnann achrainn agus a dhéanann deacrachtaí in éadan an teagaisc a múineadh daoibh. Seachnaígí iad, 18mar ní do Chríost ár dTiarna atá a leithéidí sin ag fónamh ach dá gcraos féin agus meallann siad croí na neamhurchóideach lena gcuid bladair agus plámáis. 19Rud eile, tá a fhios ag an saol a dhílseacht atá sibh, agus is mé atá ríméadach asaibh. Mar sin féin ba mhaith liom sibh a bheith eolgaiseach ar an maith agus dall ar an olc. 20Agus déanfaidh Dia na síochána Sátan a bhrú faoi bhur gcosa gan mhoill. Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh.
Beannachtaí Breise
21Cuireann mo chomhoibrí, Tiomóid, a bheannacht chugaibh, agus mo chomhthírigh, Lúicias agus Iasón agus Sósapataer. 22Agus cuirimse, Teirtias, an té a scríobh síos an litir seo, mo bheannacht chugaibh sa Tiarna chomh maith. 23Beannacht chugaibh ó Gháias, fear an tí seo atá ina dhea-thíosach don eaglais go léir; beannacht ó Earastas, cisteoir na cathrach, agus ón mbráthair Cuartas. (24Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh go léir.)
Moladh go deo le Dia
25Moladh leis an té úd atá in ann sibh a dhaingniú de réir an dea-scéil a chraobhscaoilimse, agus an fhorógra faoi Íosa Críost, an dea-scéal ina bhfoilsítear an rúndiamhair a bhí folaithe ar feadh na gcianta 26ach atá nochta anois agus curtha in iúl, ar ordú an Dé shíoraí le cabhair scríbhinní na bhfáithe, do na náisiúin uile dʼfhonn iad a thabhairt chun géillsine an chreidimh.
27Moladh le Dia, an t-aon Dia eagnaí, trí Íosa Críost le saol na saol. Áiméan.

Currently Selected:

Rómhánaigh 16: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in