Rómhánaigh 16:25-27
Rómhánaigh 16:25-27 ABN2012
Moladh leis an té úd atá in ann sibh a dhaingniú de réir an dea-scéil a chraobhscaoilimse, agus an fhorógra faoi Íosa Críost, an dea-scéal ina bhfoilsítear an rúndiamhair a bhí folaithe ar feadh na gcianta ach atá nochta anois agus curtha in iúl, ar ordú an Dé shíoraí le cabhair scríbhinní na bhfáithe, do na náisiúin uile dʼfhonn iad a thabhairt chun géillsine an chreidimh. Moladh le Dia, an t-aon Dia eagnaí, trí Íosa Críost le saol na saol. Áiméan.