Rómhánaigh 12
12
Fíoradhradh Dé
1Ar an ábhar sin, a bhráithre, táim dá iarraidh oraibh as ucht thrócaire Dé, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n-íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n-adhradh spioradálta. 2Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí ath-nuachan aigne ar shlí go n-aithneoidh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.
Is Baill den aon Chorp Sibh
3De bhrí an ghrásta a tugadh dom, is é a deirim leis an uile dhuine agaibh gan meas thar ceart a bheith ag aon duine air féin ach é féin a mheas go cothrom de réir thomhas an chreidimh a roinn Dia leis. 4Faoi mar atá mórán ball san aon chorp amháin againn agus gan an cúram céanna ar aon bhall díobh, 5is é an dála céanna againn féin é: dá líonmhaire atáimid is aon chorp amháin sinn i gCríost agus gach duine againn ina mbaill dá chéile.
6Na tíolacthaí atá againn tá siad éagsúil le chéile de réir an ghrásta a tugadh dúinn. Mar sin, an té a fuair bua na fáistine déanadh sé fáistine de réir an chreidimh. 7An té a fuair bua freastail, déanadh sé freastal: bíodh an múinteoir ag múineadh 8agus an comhairleoir ag comhairliú; bíodh an t-almsóir go fial, an fear ceannais go dúthrachtach agus an té a thugann lámh chúnta go gealgháireach.
Grá Bráthar
9Bíodh bhur ngrá saor ón gcur i gcéill; bíodh fuath agaibh don olc agus cloígí leis an maith. 10Bíodh grá bráthar agaibh dá chéile agus tugaigí tús urraime dá chéile; 11bígí dúthrachtach gan leisce, ar lasadh leis an Spiorad, agus ag seirbhís don Tiarna. 12Bígí suairc le dóchas, seasmhach faoi thrioblóid, ag guí gan staonadh, 13ag tabhairt riar a gcáis do na naoimh, agus ag cleachtadh na féile.
14Beannaígí bhur ngéarleantóirí–is ea, bíodh an bheannacht agaibh dóibh in áit na mallachta. 15Bígí lúcháireach le lucht na lúcháire agus dobrónach le lucht an dobróin. 16Bígí báúil le cách agus in ionad a bheith ardnósach déanaigí caidreamh leis na daoine ísle. Ná héirígí teann as bhur gcuid gaoise féin. 17Ná himrígí cor in aghaidh an chaim ar aon duine ach an rud uasal a bheith mar aidhm agaibh os comhair an tsaoil. 18Más féidir é, chomh fada le bhur ndícheall, mairigí go síochánta le cách uile. 19Agus, a mhuintir na páirte, ná hagraígí díoltas ar dhuine ar bith; fágaigí an agairt faoi fhearg Dé de réir mar atá scríofa: “Fúmsa an díoltas,” deir an Tiarna, “mise a chúiteoidh.” 20Ach “má bhíonn ocras ar do namhaid tabhairse rud le hithe dó, agus má bhíonn tart air tabhair dó rud le hól. Má dhéanann tú amhlaidh beidh tú ag carnadh aibhleoga tine ar a cheann”. 21Ná faigheadh an t-olc an lámh uachtair ort ach faighse an lámh uachtair ar an olc leis an maith.
Currently Selected:
Rómhánaigh 12: ABN2012
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.