YouVersion Logo
Search Icon

Salm 7

7
Urnaí an Fhíréin atá faoi Ghéarleanúint
1 Amhrán éagaointeach (Siggayon) de chuid Dáiví a chan sé don Tiarna mar gheall ar Chuis an Biniáimineach.
2 A Thiarna, a Dhia liom, is tú mo dhídean;
saor mé ar mo ghéarleantóirí agus fuascail mé,
3 sula mbeiridís ar mʼanam mar leon,
do mo sciobadh leo gan fear mo tharrthála ann.
4 A Thiarna Dia, má rinne mé an ní seo,
má rinne mé urchóid le mo lámha,
5 má thug mé an t‑olc in aghaidh na maitheasa do mo chara,
má chreach mé mo namhaid gan chúis–
6 go leana mo namhaid mé is go mbeire sé orm,
go ngabha sé de chosa i mʼanam,
is go leaga sé mʼoineach sa luaithreach.
7 Éirigh, a Thiarna, le corp feirge:
éirigh in aghaidh buile mo namhad (a Dhia liom),
dúisigh, ó dʼfhógair tú breithiúnas.
8 Tagadh comh-thionól na gciníocha i do thimpeall:
bí i do shuí os a gcionn in airde.
9 Is é an Tiarna breitheamh na gciníocha.
Tabhair breith orm, a Thiarna, de réir mʼfhíréantachta
agus de réir an ionracais atá ionam.
10 Cuir deireadh le hurchóid na n‑éagráifeach
agus daingnigh na fíréin;
os tú a thriaileann croí agus áranna,
a Dhia na fíréantachta.
11 Is é Dia mo sciath is mo dhídean
a shaorann lucht an chroí dhírigh.
12 Breitheamh ceart cóir é Dia,
Dia a smachtaíonn in aghaidh an lae.
13 Mura leasaíonn siad, cuirfidh sé faobhar ar a chlaíomh;
teannfaidh sé agus díreoidh sé a bhogha;
14tá uirlisí marfacha gléasta aige
agus saigheada mar chaora tine.
15Bhí an t‑urchóideach torrach ar an olc
ghabh sé an mhioscais agus shaolaigh an feall.
16Dʼoscail sé clais agus thochail í
ach thit sé sa pholl a rinne sé.
17Fillfidh a mhioscais ar a bhaithis féin:
ar a cheann féin a fhillfidh a fheall.
18Molfaidh mé an Tiarna as ucht a fhíréantachta:
ceolfaidh mé don Tiarna, an Neach is Airde.

Currently Selected:

Salm 7: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in