YouVersion Logo
Search Icon

Salm 40

40
Is Fearr an Umhlaíocht ná an Íobairt
1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
A
2 Dʼfhan mé go foighneach leis an Tiarna
agus chrom sé chugam
gur éist sé le mo ghuí.
3 Tharraing sé mé as díog na díthe,
as láib an bhogaigh;
chuir sé mo chosa ina seasamh ar charraig
agus dhaingnigh mo chois-céimeanna.
4Chuir sé amhrán nua i mo bhéal:
duan dár nDia.
Feicfidh a lán é agus beidh eagla orthu,
agus beidh a ndóchas sa Tiarna acu.
5 Is aoibhinn don té a chuireann
a dhóchas sa Tiarna;
an té nach gcloíonn le huaibhrigh
ná le déithe bréige.
6Nach iomaí sin éacht a rinne tú,
a Thiarna is mo Dhia!
Níl aon neach in-churtha leat-sa
sna comhairlí a cheap tú dúinn.
Dá mbʼáil liom a n‑insint nó a n‑áireamh
rachadh a gcomhaireamh díom.
7Íobairt ná ofráil níor thoil leat,
ach dʼoscail tú mo chluasa.
Uileloscadh ná íobairt pheaca níor theastaigh uait;
8ach féach, dúirt mé: “Seo ag teacht mé!
i rolla an leabhair tá sé scríofa fúm
9go ndéanfainn do thoilse.
A Dhia, is áil liom do dhlí
i ndiamhair mo chroí.”
10Rinne mé dʼfhíréantacht a fhógairt
sa chomhdháil mhór.
Cosc níor chuir mé le mo bhéal
mar is eol duit, a Thiarna.
11Níor fholaigh mé dʼfhíréantacht i mo chroí
ach dʼfhógair mé do chabhair dhílis;
níor cheil mé do bhuan-ghrá ná do fhírinne
ar an gcomhdháil mhór.
B
12A Thiarna, ná coinnigh do thruamhéil
uaim go brách.
Go ndéana do bhuan-ghrá agus dʼfhírinne
mo chaomhnú choíche.
13Tá mórán olc i mo thimpeall,
oilc gan áireamh.
Tá mé chomh mór sin i ngreim ag mo chionta
nach bhfeicim dada;
ní lia ribí mo chinn ná iad
agus teipeann mo mhisneach orm.
14Go mba toil leat, a Thiarna, mé a fhuascailt;
brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom.
15Go raibh náire agus ceann faoi ar gach aon neach
ar a bhfuil fonn mo mharaithe;
go gcuirtear ar gcúl faoi náire
a bhfuil ag dréim le mo mhilleadh.
16Go ndalltar le náire an drong
a deir liom: “Há! há!”
17Go ndéana a mbíonn ar do lorg
ríméad agus gairdeas ionat.
Go ndeire an dream lenarb áil do chúnamh:
“Moladh leis an Tiarna!”
18Cé gur dealbh agus gur dearóil mise
déanann an Tiarna cúram díom.
Is tú mo chabhair agus mʼfhuascailteoir;
ná moilligh, a Dhia liom.

Currently Selected:

Salm 40: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in