YouVersion Logo
Search Icon

Salm 38

38
Urnaí Aithrígh le linn Tinnis
1 Salm Dháiví. Mar chuimhneachán.
2 A Thiarna, ná lochtaigh mé i dʼfhearg;
ná déan mo smachtú i do chuthach.
3 Tá do shaigheada greamaithe go domhain ionam
agus tháinig do lámh anuas orm.
4Ní slán do mo cholainn de dheasca dʼfheirge
níl folláine i mo chnámha de thoisc mo pheaca.
5 Óir dʼéirigh mo chionta os mo chionn
agus luíonn siad ina n‑ualach róthrom orm.
6Tá mo chréachta ina mbracha is boladh bréan uathu
de dheasca mo dhíchéille féin.
7Tá mé crom; tá mé craptha go dearfa;
triallaim timpeall go dobrónach ar feadh an lae.
8Tá mo leasracha arna líonadh dʼothras,
níl folláine ar bith i mo cholainn.
9Tá mé traochta; tá mé brúite as cuimse,
is mé ag cneadaíl le céasadh mo chroí.
10Is feas duit, a Thiarna, mo mhianta,
níor ceileadh ort mʼosnaí ach oiread.
11Tá mo chroí ag preabadh; dʼimigh mo neart uaim,
agus tá solas mo shúl tar éis teip orm.
12Seachnaíonn mo chomhluadar is mo chairde mé,
agus fanann mo ghaolta i bhfad uaim,
mar gheall ar mo chréachtaí.
13An dream ar a bhfuil fonn mo mharaithe cuireann siad ribe romham–
an dream a iarrann mo dhochar agus mo mhilleadh,
beartaíonn siad feall i mo choinne ar feadh an lae.
14Is cosúil mé le bodhrán nach gcluineann
le balbhán nach n‑osclaíonn a bhéal;
15amhail duine nach gcluineann dada ar bith
ʼs nach bhfuil oiread agus focal ina phluc aige.
16Óir is ionat atá mo dhóchas, a Thiarna,
is tú a thabharfaidh freagra, a Dhia liom.
17Óir deirim: “An dream a bhíonn ag maíomh orm
an uair a shleamhnaíonn mo chos uaim,
nár dhéana siad gairdeas mar gheall orm.”
18Óir táim-se ar tí titim faoi láthair;
bíonn mo bhrón as mo chomhair de ghnáth.
19Admhaím mo chion is mo pheaca;
is buartha go fíor mé dá dheasca.
20Is cumhachtach iad mo naimhde gan ábhar
agus is líonmhar lucht mʼfhuatha gan fáth,
21a thugann an t‑olc uathu i gcúiteamh na maithe
agus a chuireann i mʼaghaidh toisc go leanaim den mhaith.
22Ná tréig mé, a Thiarna, a Dhia liom!
nábí-se i bhfad uaim choíche!
23Brostaigh, a Dhia, chun mo chúnaimh,
a Thiarna, is tú mo shlanú.

Currently Selected:

Salm 38: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in