YouVersion Logo
Search Icon

Salm 25

25
Treoir agus Maithiúnas dá Lorg
1 Le Dáiví.
1 Is chugat a thógaim mʼanam, a Thiarna:
2Is ionat a chuirim mo dhóchas,
nár dhéantar mo náiriú, a Dhia;
ná maíodh mo naimhde a mbua orm.
3Ní náireofar a gcuireann a ndóchas ionat
ach an dream a fheallann gan ábhar ar iontaoibh.
4Taispeáin do shlite dom, a Thiarna,
agus déan do chosáin a mhúineadh dom.
5Déan mo threorú i dʼfhírinne, tabhair teagasc dom,
óir is tú mo Dhia agus mo shlánaitheoir.
Is ort-sa a bhím ag feitheamh feadh an lae
6Bí ag cuimhneamh, a Thiarna, ar do thrócaire
agus ar an ngrá a thaispeáin tú riamh.
7Ná cuimhnigh ar chionta mʼóige
7b ach amháin ar do bhuan-ghrá féin.
7c mar gheall ar do chineáltas, a Thiarna.
8Is grásmhar agus is ionraic é an Tiarna,
taispeánann sé an tslí do na peacaigh.
9Díríonn sé dream na huirísle san fhíréantacht
agus múineann a shlí don duine cneasta.
10Buanghrá is dílse cosáin uile an Tiarna
dá gcomh-líonann a chonradh agus a aithne.
11Ar mhaithe le dʼainm-se, a Thiarna,
maith dom mo pheaca, óir is mór é.
12Cé hé an fear lenarb eagal an Tiarna?
Déanfaidh sé eolas na slí is tofa dó.
13Mairfidh a anam faoi shéan agus faoi shonas
agus gheobhaidh a shliocht an talamh.
14Tá gean an Tiarna ar lucht a eaglaithe
agus is dóibh a fhoilsíonn sé a chonradh.
15Bíonn mo shúile ar an Tiarna de shíor
óir scaoilfidh seisean mo chosa as an líon.
16Iompaigh i leith orm le trócaire,
óir táim-se i mʼaonarán angarach.
17Tabhair faoiseamh don chroí atá cráite
agus beir mé slán ón anacair.
18Tabhair do dʼaire mo bhrón is mo bhuairt
agus maith dom mo pheacaí go léir.
19Féach a líonmhaire atá mo naimhde,
a bhfuil fuath thar fóir acu dom.
20Déan mʼanam a chosaint, agus fuascail mé;
nár náirítear mé toisc mo thriall a bheith ort.
21Go gcumhdaí an neamhurchóid is an t‑ionracas mé,
óir is ionat atá mo dhóchas, a Thiarna.
22A Dhia, saor Iosrael ar a chúngaigh go léir!

Currently Selected:

Salm 25: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in