YouVersion Logo
Search Icon

Salm 17

17
Urnaí in aghaidh Lucht Géarleanúna
1 Urnaí Dháiví.
Éist le cúis chóir, a Thiarna;
tabhair aird ar mo ghlór;
tabhair cluas do mʼurnaí nach dtagann
as béal bréagach.
2Gurab uaitse a gheobhaidh mé breithiúnas;
feiceann tusa an fhírinne.
3Cuardaigh mo chroí, tabhair cuairt orm san oíche,
déan mo thástáil le tine agus ní bhfaighidh tú coir ionam.
4Níor pheacaigh mo bhéal de réir nós an duine;
sheachnaigh mé an foréigean de réir bhriathra do bhéil.
5Ghreamaigh mo chéimeanna go daingean de do shlite,
ní dheachaigh mo chosa ar fán ná ar fuaidreamh.
6Gáirim ort, a Dhia, agus tabharfaidh tú freagra orm:
claon do chluas agus éist le mo bhriathar.
7Taispeáin dom do bhuan-ghrá ró-iontach, a Thiarna,
a shaorann a dtriallann ort le neart do dheasláimhe.
8Déan mo chosaint mar mhac imreasan do shúile;
folaigh mé faoi scáth do sciathán
9ar na peacaigh a imríonn éigean orm.
Tá mo naimhde i mo thimpeall go feargach fraochta;
10a ndúrchroí dúnta, a mbéal ag déanamh mórtais.
11Éiríonn siad i mʼéadan, bailíonn siad i mo thimpeall,
táid ag faire na faille dʼfhonn mé a leagan ar lántalamh.
12Is cosúil iad le leoin ar thóir a gcreiche,
le coileáin leoin i bhfolach sa dorchacht.
13Éirigh ina n‑aghaidh, dá dtreascairt, a Thiarna;
saor mʼanam ón éagráifeach le faobhar do chlaímh.
14Go saora do lámh mé, a Thiarna, ó dhaoine
a bhfuil mian a gcroí i nithe an tsaoil seo.
Líonann tú a mbolg as do líonmhaireacht
go mbíonn díol a sáithe ag a gclann,
agus go bhfágann siad fuíoll ag a leanaí.
15Feicfidh mise, áfach, do aghaidh i bhfíréantacht,
agus ag dúiseacht dom sásófar mé le radharc do ghnúise.

Currently Selected:

Salm 17: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in