YouVersion Logo
Search Icon

Salm 12

12
A Iarraidh Coimirce Dé
1 Do stiúrthóir an chóir. Ar chláirseach na n‑ocht dtéad. Salm Dháiví.
2 Fóir orm, a Thiarna, óir níl fíréan le fáil,
tá an fhírinne ar iarraidh i measc na hÁdhamhchlainne.
3 Insíonn gach aon duine bréaga dá chomharsa
le beola bladair is le croí calaoiseach.
4 Go dteasca an Tiarna gach aon bhéal bréagach,
gach teanga a bhíonn ag maíomh go sotalach díomasach;
5 gach dream a deir: “Inár dteanga atá ár neart,
linn féin ár mbéal, cé a dhéanfaidh ár smachtú?”
6 “Toisc dearóile na ndealbh agus osnaíl na mbocht
éireoidh mé féin anois,” arsa an Tiarna.
“Tabharfaidh mé dóibh an slánú is mian leo.”
7 Briathra glana iad briathra an Tiarna,
airgead ath-leáite a scar le slaidhreadh,
airgead a triaileadh is a glanadh faoi sheacht.
8 Is tú a Thiarna, a dhéanfaidh cúram dínn:
déanfaidh tú ár gcosaint ar an nglúin seo go brách.
8 Tá triall na n‑éagráifeach inár dtimpeall do gach leith
agus daoscar na ndaoine faoi mheas ag clann Ádhaimh.

Currently Selected:

Salm 12: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Free Reading Plans and Devotionals related to Salm 12

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy