Marcas 9
9
1Agus dúirt sé leo: “Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh ríocht Dé feicthe acu agus í tagtha i gcumhacht.”
An Claochlú
2Sé lá ina dhiaidh sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. Agus tháinig claochlú air os comhair a súl, 3agus mʼéirigh a chuid éadaigh dealrach, iad gléigeal thar cuimse, nach bhfuil úcaire ar domhan a dhéanfadh chomh geal iad. 4Agus chonacthas dóibh Maois mar aon le hÉilias agus iad ag comhrá leis. 5Agus labhair Peadar le hÍosa: “A Mháistir, “ ar sé, “is maith mar a tharla anseo sinn: déanaimis trí bhoth, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann dʼÉilias”– 6mar ní raibh a fhios aige cad ba mhaith dó a rá óir tháinig uamhan orthu. 7Agus tháinig scamall ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi: éistigí leis!” 8Agus go tobann, ar dhearcadh dóibh ina dtimpeall, ní fhaca siad duine ar bith níos mó ach Íosa in éineacht leo ina aonar.
9Ar a slí anuas dóibh ón sliabh, chuir sé mar acht orthu gan a raibh feicthe acu a insint do dhuine ar bith nó go mbeadh Mac an Duine éirithe ó mhairbh. 10Agus choinnigh siad an scéal chucu féin ach go mbídís ag fiafraí dá chéile cad ba chiall leis an éirí úd ó mhairbh. 11Agus chuir siad ceist air: “Cén fáth a ndeir na scríobhaithe go gcaithfidh Éilias teacht ar dtús?” 12Dúirt sé leo: “Tiocfaidh Éilias ar dtús gan amhras chun an uile ní a chur ina cheart arís. Agus conas atá sé scríofa i dtaobh Mhac an Duine nach foláir dó mórán a fhulaingt agus a bheith faoi dhrochmheas? 13Ach deirim libh: tá Éilias tagtha, agus dʼimir siad a dtoil air de réir mar atá scríofa mar gheall air.”
Ógánach dá Leigheas
14Ar theacht dóibh go dtí na deisceabail, chonaic siad slua mór ina dtimpeall, agus scríobhaithe ag argóint leo. 15Agus an túisce a chonaic siad é, bhí an slua go léir le hiontas, agus rith siad chuige ag beannú dó. 16Dʼfhiafraigh sé díobh: “Cén argóint atá agaibh leo?” 17Agus dʼfhreagair duine den slua é: “A Mháistir, thug mé chugat mo mhac a bhfuil spiorad balbh ann: 18agus cibé uair a bheireann sé air, teilgeann sé ar lár é, agus bíonn cúr lena bhéal agus díoscán ar a fhiacla agus é stalctha righin. Dʼiarr mé ar do dheisceabail é a chaitheamh amach agus chuaigh sé díobh.” 19Dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Ó a ghlúin dhíchreidmheach, cá fhad a bheidh mé faraibh? Cá fhad a bheidh mé ag cur suas libh? Tugaigí chugam é.” 20Thug siad chuige é, agus an túisce a chonaic an spiorad é, bhain sé rachtanna as an ógánach, agus thit sé ar an talamh dá únfairt féin agus cúr lena bhéal. 21Dʼfhiafraigh Íosa dá athair: “Cá fhad atá sé seo air?” Dúirt seisean: “Ó bhí sé ina pháiste, 22agus bíonn sé dá chaitheamh isteach sa tine go minic agus san uisce freisin chun é a mhilleadh. Ach má fhéadann tú rud ar bith a dhéanamh bíodh trua agat dúinn agus cuidigh linn.” 23Dúirt Íosa leis: “Má fhéadann tú!–Is féidir an uile ní don té a chreideann.” 24Ghlaoigh athair an pháiste amach láithreach: “Creidim, tar i gcabhair ar mo dhíchreideamh.” 25Nuair a chonaic Íosa slua ag bailiú go tapa, labhair sé go bagrach leis an spiorad míghlan agus dúirt leis: “A spioraid bhailbh bhodhair, táim dá ordú duit, gabháil amach as agus gan teacht ann go deo arís.” 26Scread sé amach, bhain sé rachtanna as go dolba, agus dʼimigh amach as; agus bhí sé mar a bheadh duine marbh, sa chaoi go ndúirt a bhformhór: “Tá sé marbh.” 27Ach rug Íosa ar láimh air agus thóg sé suas é, agus mʼéirigh sé ina sheasamh. 28Ar dhul isteach sa teach dó, dʼfhiafraigh a chuid deisceabal de ar leithligh: “Cén fáth nárbh fhéidir dúinne é a chaitheamh amach?” 29Agus dúirt sé leo: “Ní féidir leis an sórt seo dul amach trí ní ar bith ach amháin trí ghuí (agus trí throscadh).”
Páis agus Aiséirí:
Tairngreacht Eile
30Ag imeacht as an áit sin dóibh, ghabh siad tríd an nGailíl agus níorbh áil leis go mbeadh fios ag aon duine, mar bhí sé ag teagasc a dheisceabal, a rá leo: 31“Tabharfar Mac an Duine ar láimh do dhaoine agus cuirfidh siad chun báis é, agus tar éis a mharaithe, éireoidh sé tar éis trí lá.” 32Ach níor thuig siad an focal, agus bhí eagla orthu ceist a chur air.
An Té is Mó
33Tháinig siad go dtí Cafarnáúm, agus sa teach dó dʼfhiafraigh sé díobh: “Cad a bhí dá chur trí chéile agaibh sa tslí?” 34Ach ní raibh focal astu, óir bhí siad ag díospóireacht le chéile, ar an tslí, féachaint cé acu ba mhó. 35Shuigh sé agus ghlaoigh chuige an dáréag agus dúirt leo: “Más mian le haon duine a bheith ar tosach, ní foláir dó a bheith ar deireadh cách agus ina sheirbhíseach ag cách.” 36Agus ag breith ar leanbh dó, chuir sé é ina sheasamh i lár baill eatarthu, agus, ag tabhairt barróige dó, dúirt sé leo: 37“Cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son mʼainm-se, mise a ghlacann, agus cibé a ghlacfaidh mise, ní mise a ghlacann sé, ach an té a chuir uaidh mé.”
Ainm Íosa
38Dúirt Eoin leis: “A mháistir, chonaiceamar duine nach leanann sinn ag caitheamh deamhan amach i dʼainm-se, agus chuireamar cosc leis mar níor lean sé inár mbuíon.” 39Dúirt Íosa: “Ná cuirigí aon chosc leis; níl aon duine a dhéanfaidh míorúilt i mʼainm-se agus a fhéadfaidh, go luath, an droch-fhocal a bheith aige orm; 40óir an té nach bhfuil inár n-aghaidh, tá sé ar ár son.
Déirc
41“Má thugann duine ar bith cupán dʼfhíoruisce daoibh as ucht gur le Críost sibh, deirim libh go fírinneach nach mbeidh sé gan a thuarastal a fháil.
Scannail
42“Ach má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, bʼfhearr dó go gcuirfí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a chaitheamh sa bhfarraige. 43Más siocair pheaca duit do lámh, gearr anuas í; is fearr duit dul isteach sa bheatha i do mhairtíneach ná an dá láimh a bheith agat agus tú a dhul go hIfreann, an tine nach féidir a mhúchadh 44an áit nach n-éagann an phéist acu agus nach múchtar an tine. 45Agus más siocair pheaca duit do chos, gearr anuas í; is fearr duit dul isteach sa bheatha bacach ná an dá chos a bheith agat agus tú a chaitheamh in Ifreann (46an áit nach n-éagann an phéist acu agus nach múchtar an tine). 47Agus más siocair pheaca duit do shúil, caith uait í; is fearr duit a bheith ar leathshúil ag dul isteach i ríocht Dé ná an dá shúil a bheith agat agus tú a chaitheamh in Ifreann, 48an áit nach n-éagann an phéist acu agus nach múchtar an tine. 49Saillfear cách le tine. 50Is maith an rud salann, ach má éiríonn an salann leamh cad a chuirfidh sibh mar anlann leis? Bíodh salann agaibh ionaibh agus bíodh síocháin eadraibh.”
Currently Selected:
Marcas 9: ABN2012
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapi.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.