YouVersion Logo
Search Icon

Marcas 7

7
Traidisiún na nGiúdach agus an Dlí
1Na Fairisínigh agus cuid de na scríobhaithe a bhí tar éis teacht ó Iarúsailéim, chruinnigh siad le chéile chuige, 2agus nuair a chonaic siad go raibh cuid dá dheisceabail ag caitheamh a gcoda le lámha neamh-ghlana, is é sin, le lámha nach raibh nite– 3óir, na Fairisínigh agus na Giúdaigh uile, ní chaitheann siad a gcuid gan a lámha a ní, ag coinneáil thraidisiún na sinsear; 4agus an rud a thagann ón margadh, ní itheann siad gan uisce a chroitheadh air, agus tá mórán nithe eile a choinníonn siad ó shinsearacht, cupáin a ní agus corcáin agus soithí práis– 5dʼfhiafraigh na Fairisínigh agus na scríobhaithe de: “Cén fáth nach siúlann do dheisceabail de réir thraidisiún na sinsear ach a gcuid bia a chaitheamh le lámha neamh-ghlana?” 6Dúirt sé leo: “Is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibhse, bréagchráifigh, mar atá scríofa:
‘Tugann an pobal seo onóir dom ó bheola
ach is fada uaim atá a gcroí;
7is díomhaoin dóibh a bheith do mʼadhradh
óir níl sa teagasc a mhúineann siad
ach aitheanta daonna.’
8“Fágann sibh aithne Dé agus coinníonn sibh traidisiún na ndaoine, níochán corcán agus cupán, agus déanann sibh mórán nithe eile den sórt sin.” 9Agus dúirt sé leo: “Is breá mar a chuireann sibh aithne Dé ar gcúl chun go gcoimeádfadh sibh bhur dtraidisiún. 10Óir dúirt Maois: ‘Tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair’; agus: ‘An té a labhraíonn go haithiseach lena athair nó lena mháthair, bíodh ciorrú an bháis air.’ 11Ach is é a deir sibh-se: Má deir duine lena athair nó lena mháthair: ‘Ní ar bith de mo chuid-se a dʼfhéadfadh dul chun sochair duit-se, is Corbán, is é sin, is tabhartas don Tiarna é’, 12ní ligeann sibh dó feasta rud ar bith a dhéanamh dá athair nó dá mháthair, 13ag cur Bhriathar Dé ar neamhní tríd an traidisiún seo agaibh a fhágann sibh ag bhur sliocht. Agus déanann sibh mórán nithe den sórt sin.”
Fíorghlaine agus Glaine Bhréige
14Ghlaoigh sé an slua chuige arís agus dúirt sé leo: “Éistigí sibh uile liom agus bainigí meabhair as an méid seo. 15Níl aon ní lasmuigh den duine a dʼfhéadfadh, trí dhul isteach ann, é a dhéanamh neamh-ghlan, ach is iad na nithe a thagann amach as an duine a dhéanann an duine neamh-ghlan. 16Má bhíonn cluasa chun éisteachta ar aon duine, éisteadh!” 17Agus ar dhul isteach sa teach dó, i leataobh ón slua, dʼfhiafraigh a dheisceabail de faoin bparabal. 18Dúirt sé leo: “Nach bhfuil tuiscint agaibh-se ach a oiread? An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a rachadh isteach sa duine ón taobh amuigh, nach bhféadfadh sé é a dhéanamh neamh-ghlan, 19de bhrí nach ina chroí a théann sé ach ina ghoile agus go ngabhann sa leithreas?” (Sin mar a dʼfhógair sé gach bia a bheith glan.) 20Dúirt sé: “An rud a thagann amach as an duine, sin é a dhéanann neamh-ghlan an duine. 21Óir is ón taobh istigh, amach as croí na ndaoine, a thagann drochsmaointe, bearta drúise, gadaíochtaí, dúnmharuithe, 22bearta adhaltranais, sainteanna, mallachtaí, cealg, ainriantacht, formad, ithiomrá, díomas, amadántacht. 23Is ón taobh istigh a thagann na drochnithe sin uile, agus déanann siad neamh-ghlan an duine.”
Leigheas Iníon na Mná Sirifhéinící
24Chuir sé chun siúil as sin agus dʼimigh go críocha na Tuíre agus Shiodón. Agus ar dhul isteach i dteach dó, níorbh áil leis go mbeadh fios ag aon duine faoi, ach níorbh fhéidir leis fanacht as aithne. 25Óir bean a raibh a hiníon bheag agus spiorad míghlan inti, chuala sí scéala air láithreach agus tháinig sí dá caitheamh féin ag a chosa. 26Bean Ghréagach í, Sirifhéiníceach ó dhúchas. Rinne sí achainí air an deamhan a chaitheamh amach as a hiníon. 27Dúirt sé léi: “Fan go dtugtar a sáith do na leanaí ar dtús, mar níl sé oiriúnach arán na leanaí a thógáil agus é a chaitheamh chun na gcoileán.” 28Ach dúirt sí leis dá fhreagairt: “Cinnte, a Thiarna, agus na coileáin féin a bhíonn faoin mbord, itheann siad grabhróga na leanaí.” 29Agus dúirt sé léi: “Mar gheall ar an bhfocal sin, imigh leat: tá an deamhan tar éis imeacht as dʼiníon.” 30Chuaigh sí abhaile agus fuair sí an leanbh ina luí sa leaba agus an deamhan imithe.
Duine Bodhar Balbh dá Leigheas
31Ar dhul amach dó arís as críocha na Tuíre, chuaigh sé trí Shiodón go farraige na Gailíle trí lár chríocha Dheacapoil. 32Agus thug siad chuige duine bodhar a raibh bascadh ar a chaint agus dʼiarr siad air a lámh a chur air. 33Thug sé i leataobh ón slua é ar leithligh agus chuir a mhéara ina chluasa, le seile as a bhéal bhain sé lena theanga, 34agus, ag breathnú suas ar neamh dó, rinne sé osna agus dúirt leis: “Eafatá!”–focal a chiallaíonn: “Osclaítear thú.” 35Agus osclaíodh a chluasa láithreach, agus scaoileadh an sreangán dá theanga agus labhair sé i gceart. 36Agus dʼordaigh sé dóibh gan a insint do dhuine ar bith, ach dá ghéire a dʼordaigh sé dóibh is ea ba mhó a bhí siad dá fhógairt, 37agus bhí ionadh saoil orthu ag rá: “Rinne sé gach aon ní go maith: thug sé éisteacht do bhodhráin agus caint do bhalbháin.”

Currently Selected:

Marcas 7: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in