YouVersion Logo
Search Icon

Marcas 12

12
Máistir an Fhíonghoirt
agus na Curadóirí Mallaithe
1Thosaigh sé ar labhairt leo i bparabail. “Rinne fear fíon-ghort a phlandáil, fál a chur timpeall air, cantaoir a thochailt ann agus túr a thógáil, chuir ar cíos ansin chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigríoch. 2Nuair a bhí an séasúr ann chuir sé seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun a chion de thoradh an fhíonghoirt a fháil. 3Ach rug siad air, bhuail é, agus chuir chun siúil folamh é. 4Agus arís chuir sé seirbhíseach eile chucu; ghoin siad é sin sa cheann agus thug siad easonóir dó. 5Agus chuir sé duine eile; mharaigh siad eisean; agus mórán eile; bhuail siad cuid acu, mharaigh siad cuid eile. 6Bhí aon duine amháin aige fós, a mhac muirneach. Chuir sé é sin chucu ar deireadh, dá rá: ‘Tabharfaidh siad ómós do mo mhac.’ 7Ach dúirt na curadóirí úd le chéile: ‘Is é seo an t-oidhre; seo, maraímis é, agus beidh an oidhreacht againn.’ 8Agus rug siad air, mharaigh é, agus chaith amach as an bhfíon-ghort é. 9Anois, cad a dhéanfaidh máistir an fhíonghoirt? Tiocfaidh sé agus cuirfidh sé na curadóirí chun báis, agus tabharfaidh sé an fíon-ghort do dhaoine eile. 10Nár léigh sibh an scrioptúr seo:
‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir,
rinneadh di ceann an chúinne;
11obair an Tiarna é seo
agus is iontach inár súile é.’”
12Agus bʼfhonn leo é a ghabháil, ach bhí eagla orthu roimh an slua. Bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal. Agus dʼfhág siad ansin é agus dʼimigh siad leo.
Cion Chaesair agus Cion Dé
13Agus chuir siad chuige cuid de na Fairisínigh agus de na Héaródaigh chun breith air ina chaint. 14Tháinig siad chuige agus dúirt siad leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach thú, gan beann agat ar dhuine ar bith; óir ní fhéachann tú do phearsa seachas a chéile ach slí Dé a mhúineadh de réir na fírinne. An dleathach cáin a íoc le Caesar nó an mídhleathach? An dtabharfaimid í nó nach dtabharfaimid?” 15Ach bhí a fhios ag Íosa an fhimíneacht a bhí iontu agus dúirt sé leo: “Cad ab áil libh ag baint trialach asam? Tugaigí chugam déanar go bhfeicfidh mé.” 16Agus shín siad chuige é. Dúirt sé leo: “Cé hé arb iad seo a íomhá agus a inscríbhinn?” “Caesar,” ar siad leis. 17Dúirt Íosa leo: “Íocaigí le Caesar na nithe is le Caesar, agus le Dia na nithe is le Dia.” Bhain an freagra sin dá mboinn iad le hionadh.
Aiséirí na Colainne
18Ansin tháinig chuige Sadúcaigh–iad seo a shéanann an t-aiséirí a bheith ann–agus chuir siad ceist air: 19“A Mháistir,” ar siad, “scríobh Maois dúinn: ‘Má fhaigheann deartháir duine bás agus go bhfágann sé bean, ach nach bhfágann sé clann, go bpósfadh a dheartháir an bhaintreach, agus go dtógfadh sé sliocht dá dheartháir.’ 20Is ea, bhí seachtar deartháireacha ann. Phós an chéad duine bean agus fuair sé bás gan sliocht a fhágáil. 21Phós an dara duine an bhaintreach ansin agus fuair seisean bás gan sliocht a fhágáil; agus an tríú duine mar an gcéanna; 22níor fhág an seachtar aon sliocht. An bhean féin is déanaí a fuair bás. 23San aiséirí, nuair a éireoidh siad arís, cé acu a mbeidh an bhean ina bean chéile aige, óir bhí sí ina bean chéile ag an seachtar?” 24Dúirt Íosa leo: “Nach é atá do bhur gcur amú, nach eol daoibh na scrioptúir ná cumhacht Dé? 25Óir nuair a éireoidh siad ó mhairbh, ní bheidh fir ag pósadh ná mná dá dtabhairt le pósadh, ach beidh siad ar nós aingil Dé ar Neamh. 26Maidir leis na mairbh a éirí arís, nár léigh sibh i Leabhar Mhaois, sa dréacht faoin Tor, conas mar a labhair Dia leis agus a dúirt: ‘Is mise Dia Abrahám, agus Dia Íosác, agus Dia Iacób.’ 27Ní hé Dia na marbh é, ach Dia na mbeo. Tá dul amú mór oraibh.”
An Phríomhaithne
28Duine de na scríobhaithe, a bhí ag éisteacht leo ag aighneas, nuair a thug sé faoi deara a fheabhas a dʼfhreagair Íosa iad, tháinig sé chuige agus chuir sé ceist air: “Cén chéad aithne de na haitheanta go léir?” 29Dʼfhreagair Íosa: “Seo í an chéad cheann: ‘Cluin, a Iosrael, an Tiarna ár nDia is aon Tiarna atá ann 30agus gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán, agus ó dʼanam go hiomlán agus ó dʼaigne go hiomlán agus ó do neart go hiomlán.’ 31Seo í an dara ceann: ‘Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.’ Níl aithne eile is mó ná iad-san.” 32Dúirt an scríobhaí leis: “Maith mar a labhair tú, a Mháistir. Dúirt tú le fírinne gur aon é agus nach bhfuil aon neach eile ann ach é. 33É a ghráú ón gcroí go hiomlán, ón tuiscint go hiomlán, agus ón neart go hiomlán, agus an chomharsa a ghráú mar an duine féin, is mó sin go mór ná na híobairtí dóite agus na hofrálacha go léir.” 34Nuair a chonaic Íosa gur labhair sé go ciallmhar, dúirt sé leis: “Ní fada thú ó ríocht Dé.” Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine ceist a chur air as sin amach.
Conas is Mac do Dháiví Críost
35Fad is a bhí Íosa ag teagasc sa Teampall dʼfhreagair sé agus dúirt: “Conas is féidir leis na scríobhaithe a rá gur Mac do Dháiví an Críost? 36Is é Dáiví féin a dúirt faoi luí an Spioraid Naoimh: ‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna-sa: Suigh ar mo dheis, nó go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.’ 37“Glaonn Dáiví féin Tiarna air, agus cad a bheir ina mhac dó é?” Dʼéist an slua mór leis le háthas.
Na Scríobhaithe dá gCáineadh
38Dúirt sé ina theagasc: “Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo a bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, 39agus na príomhshuíocháin acu sna sionagóga, agus na príomhthoilg ag na fleánna; 40iad-san na daoine a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth a bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad.”
Cianóg na Baintrí
41Shuigh Íosa síos os comhair an chiste agus bhí sé ag faire ar an slua ag cur airgid isteach sa chiste, agus chuir a lán de na daoine saibhre mórán isteach ann. 42Agus tháinig baintreach dhealbh agus chaith sí isteach dhá chianóg, is é sin feoirling. 43Ghlaoigh sé chuige a dheisceabail, agus dúirt sé leo: “Deirim libh go fírinneach gur mó a chaith an bhaintreach bhocht seo isteach ná mar a chaith aon duine eile dár chaith ann. 44Óir is den iomarca a bhí acu a chaith an chuid eile isteach, ach chaith sise isteach as a huireasa a raibh aici go léir, a cuid den saol.”

Currently Selected:

Marcas 12: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in