YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 3

3
Eoin Baiste ag Fógairt Aithrí
1Sa chúigiú bliain déag de réimeas Thibir Caesar, nuair a bhí Pointias Píoláit ina ghobharnóir ar Iúdáia, agus Héaród ina rí cúige ar an nGailíl, agus Pilib a dheartháir ina rí cúige ar cheantar Iotúráia agus Thrachóiníteas, agus Lusáinias ina rí cúige ar Aibiléiné, 2faoi ard-sagartacht Annas agus Cháiafas, tháinig briathar Dé chun Eoin mac Zacairiá sa bhfhásach. 3Agus ghabh sé ar fud na tíre go léir timpeall na hIordáine ag fógairt baiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh, 4mar atá scríofa i leabhar ráite Íseáia fáidh:
“Glór duine ag éamh sa bhfhásach:
‘Réitígí bóthar an Tiarna,
déanaigí díreach a chosáin.
5Líonfar gach cumar,
agus ísleofar gach sliabh agus cnocán;
déanfar na camshlite díreach
agus na bóithre anacra réidh,
6agus feicfidh an uile cholainn slánú Dé.’”
7Dúirt sé ansin leis na sluaite a bhí ag teacht amach chun baiste a fháil uaidh: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh teitheadh ón díbheirg atá le teacht? 8Tugaigí, más ea, torthaí uaibh is dual don aithrí. Agus aire daoibh gan a rá libh féin: ‘Tá Abrahám ina athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann a thógáil dʼAbrahám as na clocha seo. 9Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.”
10Agus bhí na sluaite ag fiafraí de: “Cad tá le déanamh againn, más ea?” 11Dúirt sé leo dá bhfreagairt: “An té a bhfuil dhá chóta aige, tugadh sé cóta don té atá ina uireasa, agus an té a bhfuil rud le hithe aige, déanadh sé a leithéid chéanna.” 12Tháinig poibleacánaigh freisin chun baiste a fháil agus dúirt siad leis: “A mháistir, cad tá le déanamh againne?” 13Dúirt sé leo: “Gan níos mó a éileamh ná a bhfuil ordaithe daoibh.” 14Dʼfhiafraigh saighdiúirí de, freisin: “Agus cad tá le déanamh againne?” Agus dúirt sé leo: “Gan éigean a dhéanamh ar dhuine ar bith, ná dearbhú éithigh; agus sibh a bheith sásta le bhur bpá.” 15Ó bhí an pobal ar fionraí, agus cách ag machnamh ina gcroí i dtaobh Eoin, go mbʼfhéidir gurbh é an Críost é, 16dʼfhreagair Eoin dá rá leo uile: “Táim-se do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine. 17Tá a cháiteog ina láimh aige chun a láithreán a léirghlanadh agus an t-arbhar a chruinniú isteach ina scioból, ach dóifidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”
Eoin Baiste dá Chur i bPríosún
18Agus trína lán nithe eile fós a rá leo dá spreagadh, bhí sé ag fógairt an dea-scéil don phobal. 19Héaród an rí cúige, áfach, a fuair milleán uaidh faoi Héaróidias, bean a dhearthár, agus faoi na droch-bhearta uile a bhí déanta aige, 20chuir sé an drochbheart seo i gceann an iomláin: Eoin a chur faoi ghlas i bpríosún.
21Ach tar éis don phobal uile a bheith baiste, tharla, nuair a bhí Íosa féin baiste agus é ag guí, gur osclaíodh na flaithis, 22agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”
23Agus bhí Íosa féin, ag tosú dó, timpeall tríocha bliain: ina mhac–mar a síleadh–do Iósaef mac Héilí, 24mhic Mhatat, mhic Léiví, mhic Mheilchí, mhic Iannáí, mhic Iósaef, 25mhic Mhataitias, mhic Ámós, mhic Nahúm, mhic Easlaí, mhic Nagáí, 26mhic Mhát, mhic Mhataitias, mhic Sheiméín, mhic Iósaech, mhic Ióda, 27mhic Réasa, mhic Zarabáibil, mhic Shéailtiéil, mhic Néirí, 28mhic Mheilchí, mhic Aidí, mhic Chósam, mhic Ealmádam, mhic Éar, 29mhic Iósua, mhic Eiliasar, mhic Ióirím, mhic Mhatat, mhic Léiví, 30mhic Shimeon, mhic Iúdá, mhic Iósaef, mhic Iónam, mhic Eiliáicím, 31mhic Mheilé, mhic Mheanná, mhic Mhatata, mhic Nátán, mhic Dháiví 32mhic Ieise, mhic Óbaed, mhic Bhóaz, mhic Shalá, mhic Náiseon, 33mhic Aimineadab, mhic Aidmin, mhic Arnáí, mhic Heasrón, mhic Pheiris, mhic Iúdá, 34mhic Iacób, mhic Íosác, mhic Abrahám, mhic Thearach, mhic Náchór, 35mhic Shearúg, mhic Réú, mhic Pheilig, mhic Éibear, mhic Shéala, 36mhic Cháineam, mhic Arfacsad, mhic Shéam, mhic Naoi, mhic Laimeich, 37mhic Mhatúsalach, mhic Eineoc, mhic Iaireid, mhic Mhahalalael, mhic Cháineam, 38mhic Eanós, mhic Shéat, mhic Ádhaimh, mhic Dé.

Currently Selected:

Lúcás 3: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in