Lúcás 15
15
Áthas ar neamh faoi Aithríoch
1Na poibleacánaigh agus na peacaigh, bhí siad uile ag teacht ina ghar chun a bheith ag éisteacht leis. 2Agus bhí na Fairisínigh agus na scríobhaithe ag monabhar: “Glacann an duine seo peacaigh chuige,” deiridís, “agus itheann sé ina gcuibhreann.” 3Agus labhair sé an parabal seo leo: 4“Cén duine agaibh a mbíonn céad caora aige agus go gcaillfidh sé aon cheann amháin acu, nach bhfágann an naoi nóchad eile sa bhfhásach agus dul ina diaidh siúd a bhí caillte nó go bhfaigheann í? 5Agus nuair a fhaigheann, buaileann ar a ghuaillí í go háthasach, 6agus ar theacht abhaile dó, glaonn sé a chairde agus a chomharsana le chéile, ag rá leo: ‘Déanaigí comh-ghairdeas liom, óir, an chaora a bhí caillte agam, fuair mé í.’ 7Deirim libh, is amhlaidh sin a bheidh níos mó áthais sna flaithis faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí ná faoin naoi bhfíréan nóchad nach mbíonn gá le haithrí acu.
8“Nó cén bhean a mbíonn deich ndrachma aici, má chailleann sí aon drachma amháin, nach lasann lampa agus an teach a scuabadh agus léirchuardach a dhéanamh nó go bhfaigheann é? 9Agus nuair a fhaigheann, glaonn sí a cairde agus mná a comharsan le chéile, ag rá: ‘Déanaigí comh-ghairdeas liom, óir, an drachma a bhí caillte agam, fuair mé é.’ 10Is amhlaidh sin, deirim libh, a bhíonn áthas i láthair aingil Dé faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.”
An Mac Drabhlásach
11Dúirt sé freisin: “Bhí fear ann a raibh beirt mhac aige. 12Agus dúirt an duine ab óige acu lena athair: ‘A athair, tabhair dom an chuid den sealúchas atá ag titim chugam.’ Agus roinn sé a mhaoin shaolta eatarthu. 13Agus i gcionn beagán laethanta, tar éis don mhac ab óige gach ní a bhailiú le chéile, dʼimigh sé ar an gcoigrích go tír i gcéin, agus scaip a shealúchas ansiúd, ag tabhairt a shaoil go drabhlásach. 14Nuair a bhí gach aon ní caite aige, tháinig gorta millteach sa tír sin, agus thosaigh sé féin a bheith in uireasa. 15Dʼimigh sé agus rinne fostú le duine de mhuintir na tíre sin, agus chuir seisean faoina chuid talún é ag aoireacht muc. 16Agus ba é ba mhian leis a bholg a líonadh de na féithleoga a dʼitheadh na muca, agus ní thugadh aon duine dó iad. 17Ach tháinig sé chuige féin agus dúirt: ‘Cá liacht de lucht tuarastail ag mʼathair a bhfuil fuílleach aráin acu, agus mise anseo ag fáil bháis den ghorta! 18Cuirfidh mé chun bóthair agus rachaidh mé chun mʼathar agus déarfaidh mé leis: A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthair-se; 19ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm; déan díom mar a bheadh duine de do lucht tuarastail.’ 20Chuir sé chun bóthair ag triall ar a athair. Ach le linn dó fós a bheith i bhfad uaidh, chonaic a athair é agus ghabh trua é, agus rith sé chuige, dá chaitheamh féin ar a bhráid agus dá mhúchadh le póga. 21Dúirt an mac leis: ‘A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthair-se; ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm.’ 22Ach dúirt an t-athair lena sheirbhísigh: ‘Beirigí amach gan mhoill an éide is uaisle agus cuirigí air í, agus cuirigí fáinne ar a mhéar agus cuaráin ar a chosa, 23agus tugaigí libh an lao biata agus maraígí é, agus bímis ag ithe agus ag aoibhneas; 24óir bhí an mac seo agam marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’ Agus thosaigh siad ag déanamh aoibhnis.
25“Bhí an mac ba shine aige ar fud na talún, agus nuair a tháinig sé i ngar don teach, chuala an ceol agus an rince. 26Ghlaoigh sé chuige duine de na giollaí agus dʼfhiafraigh de cad é an rud é seo a bhí ar bun. 27Dúirt seisean leis: ‘Do dheartháir a bheith tagtha, agus mharaigh dʼathair an lao biata de chionn go bhfuair sé ar ais slán é.’ 28Ach bhí fearg air agus níorbh áil leis dul isteach. Tháinig a athair amach ag achainí air. 29Ach dúirt sé lena athair dá fhreagairt: ‘Féach féin a bhfuilim de bhlianta ag seirbhís duit agus ní dheachaigh mé riamh thar do réir, agus riamh níor thug tú dom mionnán gabhair chun go ndéanfainn aoibhneas le mo chairde. 30Ach an mac seo agat nuair a tháinig sé, tar éis do mhaoin shaolta a ídiú le striapacha, mharaigh tú an lao biata dó.’ 31Ach dúirt sé leis: ‘A mhic, bíonn tusa liom i gcónaí, agus gach a bhfuil agam is leat é; 32ach bhí sé ceart aoibhneas a dhéanamh agus áthas, óir bhí an deartháir seo agat marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’”
Currently Selected:
Lúcás 15: ABN2012
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.