Eoin 17
17
An Sagart Íosa ag Guí
1Dúirt Íosa an chaint sin agus ar thógáil a shúl chun na bhflaitheas dúirt sé:
“A Athair, tá an uair tagtha.
Tabhair glóir do do Mhac,
ionas go dtabharfaidh do Mhac glóir duit:
2faoi mar a thug tú cumhacht dó ar an uile dhuine,
ionas, gach duine a thug tú dó,
go dtabharfaidh sé an bheatha shíoraí dóibh.
3Is í seo an bheatha shíoraí:
iad a chur aithne ort-sa, an t-aon Dia fírinneach amháin,
agus ar Íosa Críost, a chuir tú uait.
4Thug mise glóir duit ar talamh;
tá an obair déanta agam a thug tú dom le déanamh.
5Agus anois mar sin, a Athair,
tabhair-se glóir dom-sa i do láthair
leis an nglóir chéanna a bhí agam i do láthair,
sula raibh an domhan ann.
6Dʼfhoilsigh mé dʼainm
do na daoine a thug tú dom as an saol;
ba leat-sa iad, agus thug tú dom-sa iad,
agus tá do bhriathar coinnithe acu.
7Tá a fhios acu anois gur uaitse,
gach ní dár thug tú dom;
8óir na briathra a thug tú dom, thug mé dóibh iad,
agus ghlac siad iad agus thuig siad go fíor
gur uaitse a tháinig mé,
agus chreid siad gur tú a chuir uait mé.
9Ar a son atáim ag guí; ní ar son an tsaoil
atáim ag guí ach ar son na muintire
a thug tú dom, mar is leat-sa iad.
10Leatsa gach ní is liom-sa
agus liom-sa gach ní is leat-sa,
agus tá glóir faighte agam iontu.
11Nílim ar an saol feasta
ach tá siad-san ar an saol
agus táim ag dul ag triall ort-sa
A Athair naofa, coinnigh iad i dʼainm–
an t-ainm a chuir tú faoi mo chúram,
ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne.
12Fad a bhí mé faru,
choinnigh mé iad i dʼainm
–an t-ainm a chuir tú faoi mo chúram,
agus thug mé aire dóibh,
agus níor imigh íde ar aon duine acu,
ach ar mhac na híde,
ionas go gcomhlíonfaí an scrioptúr.
13Ach anois táim ag teacht ag triall ort,
agus tá an chaint seo dá rá agam ar an saol,
ionas go mbeidh an lúcháir is liom-sa
go hiomlán acu iontu féin.
14Thug mé dóibh do bhriathar,
agus thug an saol fuath dóibh,
óir ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise.
15Nílim dá ghuí go dtógfá as an saol iad,
ach go gcoinneofá ón Olc iad.
16Ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise.
17Déan iad a naomhú sa bhfírinne.
Is fírinne do bhriathar.
18Faoi mar a chuir tusa mise uait isteach sa saol,
chuir mise iad-san isteach sa saol.
19Naomhaím mé féin ar a son,
ionas go mbeidh siad-san, chomh maith,
naomhaithe sa bhfírinne.
20Ní ar a son-san amháin atáim ag guí,
ach, mar an gcéanna, ar son na ndaoine
a chreidfidh ionam trína mbriathar;
21ionas gurb aon iad go léir,
faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa
agus mise ionatsa;
go mbeidh siad seo ina n-aon ionainn
i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mé.
22Agus an ghlóir a thug tú dom,
thug mise dóibh-sean é,
ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne;
23mise iontu-san, agus tusa ionam-sa,
ionas gurb aon iad go foirfe,
agus go mbeidh a fhios ag an saol
gur chuir tú uait mé,
agus gur thug tú grá dóibh seo
faoi mar a thug tú grá dom-sa .
24A Athair, an mhuintir a thug tú dom,
is mian liom, an áit ina bhfuilim-se,
iad-san a bheith ann mar aon liom,
ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir,
an ghlóir a thug tú dom;
mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain.
25A Athair na córa, ní raibh aithne ag an saol ort;
ach bhí aithne agam-sa ort,
agus bhí a fhios acu seo gur chuir tú uait mé.
26Agus thug mé dóibh, agus tabharfaidh, eolas ar dʼainm,
ionas, an grá a thug tú dom,
go mbeidh sé iontu seo, agus mise iontu.”
Currently Selected:
Eoin 17: ABN2012
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.