Gníomhartha Gníomhartha na nASPAL
Gníomhartha na nASPAL
BROLLACH
An Dara hImleabhar
“Sa chéad leabhar …” Cuireann na focail seo de chuid Lúcáis i dtús an leabhair seo an bhuntreoir do thuiscint Ghníomhartha na nAspal i gcuimhne don léitheoir. Ní sheasann Gníomhartha ar leithligh leis féin. Is é an dara ceann é de dhá imleabhar agus le chéile is aon saothar amháin iad. Glactar sa cheann seo leis gur ghabh an t-imleabhar eile, Soiscéal Lúcáis, roimhe.
Insíonn na soiscéil eile scéal Íosa agus dúnann siad leis an aiséirí. Cé gur páirtí dóibh siúd soiscéal Lúcáis, tá aidhm bhreise aige nach bhfuil acu-san; is ullmhúchán freisin é do Ghníomhartha. Is cuma tosú ag léamh an scéil le Gníomhartha nó dul isteach in amharclann ag féachaint ar an dara cuid de mhórscannán tar éis an tsosa. Anois agus arís tugann an dara himleabhar seo achoimre an-ghairid dá bhfuil sa chéad cheann e.g. sna gearrinsintí ar bheatha, ar bhás agus ar aiséirí Íosa a fhaighimid in aithisc Pheadair agus Phóil, ach tá na himeachtaí sa siúl cheana féin sa chéad imleabhar, agus tá bunsraith an scéil leagtha síos; na pearsana a bhfuil a oiread sin tábhachta leo i gcéad chaibidlí an dara himleabhair, bhí páirt acu in imeachtaí an chéad imleabhair ó thús geall leis.
Tá an chéad imleabhar gan a bheith iomlán agus sin dʼaon ghnó, amhail is dá mba réamhphictiúr é don dara ceann. Ina thús fógraíonn an fáidh Simeon gur “solas chun na náisiúin a shoilsiú é” an leanbh Íosa. Fógraíonn Eoin Baiste níos déanaí “go bhfeicfidh an uile cholainn slánú Dé”. Ach faoi chlabhsúr an leabhair níl dea-scéala shlánú Dé fógartha ach i gcríocha na nGiúdach, agus níor theagmhaigh Íosa féin ach le dornán gintlithe.
Treisíonn cosúlachtaí struchtúir le haontas an dá leabhar. Tá an cuntas ar mhineastrálacht Íosa ina dhá chuid atá dʼaon fhad, geall leis; baineann an chéad chuid leis an gcraobhscaoileadh sa Ghailíl, agus leis an dáréag ar shlí faoi leith; dúnann sí leis an misean a thabhairt dóibh. An dara cuid, cuireann sí síos ar an turas go hIarúsailéim; tosaíonn leis an seachtó dá gcur amach, agus tá ábhar inti nach bhfuil ag Matha ná Marcas. Tá Gníomhartha ina dhá chuid chomh maith; tá Peadar i lár baill sa chéad chuid agus Iarúsailéim mar lárphointe (1:15–15:35); tá Pól i lár baill sa dara cuid; téitear go fada thar na seanteorainneacha, agus is í an Róimh an sprioc (15:36–28:31).
Scéal
Is í an aidhm chéanna atá ag dhá imleabhar an tsaothair; is “soiscéal” é Gníomhartha chomh maith céanna leis an gcéad imleabhar; tá sin amhlaidh mar gurb é dea-scéal céanna an tslánaithe atá dá fhógairt aige, fág nach sa chló a bhunaigh agus a dhealbhaigh Marcas é. Is féidir an dea-scéal a chur in iúl in iliomad gnéithe liteartha, rud a léiríonn réimse liteartha an Tiomna Nua. Sa chéad imleabhar leanann Lúcás an sampla a thug Matha ag insint scéal bheatha, bhás agus aiséirí Íosa; ach sa dara himleabhar rinne sé rud eisceachtúil, mar gur trí scéal dheichniúir luatha shaol na hEaglaise a dʼfhógair sé an dea-scéala. Faoi mar a bhailigh Marcas cuntais, ráitis agus scéilíní, agus a dʼfhigh sé scéal leanúnach bheatha Íosa astu, déanann Lúcás an sórt céanna ábhair a chnuasach agus scéal na luath-Eaglaise a insint lena chabhair.
“Scéal” is ea Gníomhartha, cuntas leanúnach ar imeachtaí ina bhfuil gluaiseacht, coinbhliocht, agus athrú. Fíonn Lúcás cuntais agus scéalta faoi dhaoine agus faoi chuallachtaí ar a chéile agus buaileann cló mórscéil ar an iomlán. Ar an tslí sin is féidir dó ábhar dá lán sórt a úsáid. Tá samplaí dʼargóintí réasúnta in-churtha le litreacha Phóil aige i sraith aitheasc–a bhaineann feidhm as an scrioptúr lena chruthú gurb é Íosa an Meisias–fág gurb é atá i gcuid mhaith de na haithisc chéanna ná “scéal” fhearta Dé anallód. Tá sraith scéilíní, cuntais ar mhíorúiltí leighis agus deamhandíbeartha aige atá in-churtha leis na scéalta sa chéad imleabhar, agus is dea-scéal beag ann féin gach ceann díobh, a ndála siúd. Tá cuntais aige ar dhaoine a fuair an creideamh, ar eachtraí misinéireachta, ar bhunú cuallachtaí, agus samplaí dʼurnaí luath na hEaglaise, agus de ráitis a fáithe.
Ní mór cuimhneamh i gcónaí ar nádúr seanchaíochta agus scéalaíochta Ghníomhartha dʼfhonn míthuiscint a sheachaint. Tá éileamh, agus an-éileamh, ag Lúcás ar an teideal “staraí”, ach mar sin féin is é a phríomhchúram “scéal” a insint. Is trí ghné liteartha an scéil a mhúineann sé. Baineann sé feidhm as cleasa liteartha, scaoileann sé lena éirim nádúrtha, cuireann béim ar ghnéithe ar leith dʼeachtra nó dʼagallamh, seachnaíonn sé seoraí a chuirfeadh isteach ar an mórthéama ach cuireann sé béim ar a chiall bhunúsach le comhbhá, le híoróin, agus le híogaireacht. Ar na slite sin osclaíonn sé súile an léitheora le go bhfeicfidh sé iontas ré an Spioraid .i. Sátan dá dhíchur go hiomlán agus grásta Dé ag teacht i réim go huilechumhachtach. Is ea, insíonn Lúcás a “scéal” ar mhórán bealaí, ach i gcónaí bíonn an dea-scéal dá fhógairt aige.
Cuireann scoláirí áirithe nádúr na scéalaíochta seo i dtuiscint ar shlite eile. Déantar Lúcás a chur i gcomparáid ar uairibh le healaíontóir nó le drámadóir. Tá an-chumas ann pictiúr beoga a dhearadh agus an dea-scéal a fhógairt i sraith tablónna mar a dhéanfadh péintéir. Ní hamhlaidh a chuireann sé roimhe gach mionsonra a chur os ár gcomhair go cruinn grianghrafach, ach spléachadh a thabhairt dúinn ar rúndiamhair na beatha daonna trí scáth agus ghile, trí dhath agus léithe, agus trí dhearadh radharcra. Labhraíonn Lúcás le lucht éisteachta a linne faoi mar a dhéanfadh drámadóir, le cabhair na n-imeachtaí ar an stáitse; spreagann an scéal ón sean-saol an lucht éisteachta chun gnímh sna cúinsí ina mbíonn siad.
Fógraíonn Lúcás an dea-scéal dá bhrí sin sa mhéid go ngriogann sé an léitheoir chun é féin a fheiceáil i nduine den phearsanra ar an stáitse, agus a chás féin a dhéanamh den chás a léirítear, agus tuiscint níos fearr a fháil ar bheatha na cuallachta Críostaí ar an saol seo. Ní insíonn sé “scéal” Pheadair agus Eoin agus na nAspal ná Stiofáin agus na Heilléanach, ná Philib agus Bharnabais agus Phóil, le mioncháiréis agus cruinneas sonraí faoi am agus láthair, ná le leanúnachas de réir staire, ach le tuiscint an ealaíontóra agus an drámadóra dá lucht éisteachta ar an leibhéal is doimhne dá ndearcadh ar an saol, agus dá ndúthracht i leith na hoibre céanna atá idir lámha aige féin, is é sin an dea-scéal a fhógairt don saol mór.
Cuireann Lúcás roimhe i nGíomhartha scaipeadh caith-réimeach an tsoiscéil ar fud an domhain mhóir, ab eol dó, a léiriú. Tá plean a shaothair bunaithe ar threoracha Chríost Aiséirithe dá dheisceabail: “beidh sibh in bhur bhfinnéithe orm-sa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain” (Gníomh. 1:8). Tá spéis ar leith aige sa chraobhscaoileadh ag bogadh ó na Giúdaigh chuig na Gintlithe agus sa dul chun cinn a dhéanann an misean chuig na Gintlithe. Feiceann sé cumhacht an Spioraid Naoimh ar chúl leathadh seo an tsoiscéil trí chúigí Impireacht na Róimhe.
Bhí a fhios ag Lúcás nárbh é Pól a chuir tús leis an misean chun na nGintlithe, agus nárbh é amháin a chaith a dhúthracht le tógáil Eaglais na nGintlithe. Ach ba dheacair slí níos fearr ná níos drámatúla a aimsiú chun leathnú na hEaglaise a léiriú ná scéal Phóil a insint. Dʼfhág Pól misinéir agus Pól diagaire a rian go láidir ar an gCríostaíocht. Tá Críostaithe faoi chomaoin ag Lúcás toisc pearsa Phóil a léiriú chomh beoga sin dóibh, díreach mar atáid toisc Íosa a chur inár láthair chomh lách cneasta tarraingteach sin.
Stair
An mhuintir a mhaireann ag súil leis an parousia, an téarnamh, ar an tairseach, cad ab áil leo ag scríobh staire do ghlúin nach gcreideann siad a thiocfaidh? Sa mhéid gur scríobh Lúcás a scéal, taispeánann sé go gcreideann sé go bhfuil tábhacht lena lá féin agus go bhfuil sé ag súil leis go mbeidh a shaothar ina chabhair san am le teacht. Taispeánann Lúcás gur dóigh leis go raibh tábhacht le himeachtaí na luath-Eaglaise fiú sa mhéid gur chuir sé chun tuairisc a scríobh orthu. Tuigeadh dó go nochtann scéal na Luath-Eaglaise, dála bhriathra agus bhearta Íosa, cuspóir Dé. Nuair a deirimid nach foláir féachaint ar dtús ar Ghníomhartha mar scéal, ní hé atá i gceist againn nach bhfuil ann ach scéal béaloidis, nó fairy tale. Nuair a bhí Pól ag insint a scéil féin don rí Aigripe dúirt sé “ní i gclúid a tharla sé” (26:26); baineann Gníomhartha go léir le daoine beo beathacha, le caidreamh agus le coinbhleacht dhaonna, le nithe a tharla ar stáitse poiblí an tsaoil.
Is é Lúcás céad staraí na hEaglaise. Ina réamhrá don chéad imleabhar suíonn sé é féin i gcomhluadar staraithe a linne mar Livias, Flaivias Iósafas, agus Tacatas; bhí siad-san go léir ag scríobh de réir an traidisiúin staire a bhunaigh Héaródótas agus Túicídidéas cúig chéad bliain roimhe sin. Rinne Lúcás a thaighde agus chuir sé roimhe a chuid eolais “a scríobh i ndiaidh a chéile”. Dála na staraithe eile, chuir sé roimhe patrún a léiriú sna himeachtaí; an patrún a ndearna siad siúd eile iarracht ar é a bhunú ba é a bhí ann ná toradh an chomhraic idir bearta tomhaiste fear oirirc agus cinniúint scáilmhear éigin; ach tugann Lúcás léas dúinn ar phlean nó beartas nó toil an aon Dé ag tairiscint slánú don uile dhuine.
Bhain Lúcás feidhm as foinsí scríofa agus as foinsí béil. Bíonn na scoláirí ag aighneas faoi mhéid agus faoi nádúr na bhfoinsí sin agus faoin tslí inar bhain Lúcás feidhm astu. Sa chéad imleabhar is féidir a fhoinsí agus an insint a bhunaigh sé orthu a chur i gcomparáid le chéile maidir le hábhar atá aige féin agus ag Marcas. Ní mhaireann aon chuid de na foinsí a bhí ar fáil aige do Ghníomhartha, agus níl teacht orthu ach sa mhéid gur féidir iad a athchruthú ar bhonn an téacs féin. Ní hionann tuairimí na scoláirí sa ghnó seo; is é is mó faoi deara sin ná cumas Lúcáis mar ealaíontóir agus mar dhrámadóir chun eilimintí ó fhoinsí iomadúla scaipthe a thógáil ina n-aonad dea-eagair dʼainneoin téarma tríocha bliain agus aistear ó Iarúsailéim go dtí an Róimh a bheith i gceist.
Dealraíonn sé go raibh mapa bóthair (itinerarium) a thug mionchuntas ar an dara turas agus ar an tríú turas misinéireachta ar fáil dó. Is é an míniú is nádúrtha ar na “sinn-shleachta” (16:10-17; 20:5-15; 21:1-8; 27:1–28:16) gur bloghanna iad de chuntas cín lae duine éigin a bhí ag taisteal i gcuideachta Phóil–Lúcás féin is dócha. Dhealródh sé gur bhain sé feidhm as cáipéisí agus as cuimhní cinn chuallacht Aintíoch, agus go bhfuil a leithéid sin leis mar bhonn leis an gcuntas a thugann sé ar an Eaglais in Iarúsailéim.
Fág nach féidir Gníomhartha a mheá ar bhonn a fhoinsí, is féidir eolas as foinsí eile a úsáid dá phromhadh–eolas ó scríbhinní eile cosúil le scrollaí Chumrán, ó scríbhinní Iósaefas; ó scríbhinní dlí Giúdacha atá beagán níos déanaí ach a thugann a lán faisnéise; ó scríbhinní Críostaí eile, go háirithe litreacha Phóil a thugann a lán eolais faoi scéal a iompaithe, a phlé leis na haspail in Iarúsailéim, agus a thurais mhisinéireachta. Tugann foinsí saolta fianaise ar chruinneas Lúcáis maidir le teidil oifigeach Rómhánach, dlí, agus rialacha imeachta.
Na hAithisc
Is mór an chabhair na haithisc chun brí na n-imeachtaí ar a dtugtar cuntas a shoiléiriú. Ag gach céim mhór i bhforbairt na hEaglaise faighimid aitheasc a nochtann forbairt an mhachnaimh Chríostaí ag an bpointe sin.
I bhfíorthús an imleabhair déanann Críost Aiséirithe a gcúraimí a bheachtú do na haspail; taispeánann caint Pheadair sa seomra uachtair ionad tábhachtach an dáréag. Nochtann a aitheasc sa Chincís cén chiall atá leis an taom eacstaiseach agus dáileadh fial an Spioraid Naoimh. Ba é an t-aitheasc sin leis an chéad teachtaireacht a thug an dáréag do na Giúdaigh. Déantar an teachtaireacht sin le Peadar a fhorbairt níos doimhne fós sna haithisc a thug sé níos déanaí (3:12-26; 4:8-12; 5:29-32; 10:34-43). Pointe an-tábhachtach i bhforbairt na hEaglaise ab ea glacadh le Coirnéilias mar nár mhór ansin a mhíniú conas go mbeadh cead isteach ag Gintlithe sa chuallacht (11:5-17; 15:7-11). Nochtann óráid Stiofáin dearcadh na Heilléanach; taispeánann sé leis go rabhthas ag éirí mífhoighneach le héilimh dhlí Mhaois, le searmanais an Teampaill, agus gurb é críoch a bheadh leis an scéal seo i bhfad na haimsire go scarfaí leis an nGiúdachas agus go dtuigfeadh na Críostaithe gur dream leo féin iad glan amach. Déanann Pilib Críost a aithint go beacht mar Ghiolla na Fulaingthe in Íseáia c. 53.
Déanann aithisc eile ciall mhisean Phóil a léiriú. Nuair a léann duine Gníomhartha 13:16-41, bíonn sé lán-deimhin de go bhfuil Aspal na nGintlithe ag tnúth le díograis le hiompú Ghiúdaigh an Diaspóra; is macalla é an t-aitheasc seo ar chaint Pheadair. Taispeánann a óráidí i Liostra (14:15-17) agus i láthair chomhairle an Airéapagas (17:22-51) go bhféadfadh sé é féin a chur i dtiúin leis an stíl seanmóra creidimh Heilléanach a raibh a oiread sin tionchar ag an Stóchas uirthi. Is é aitheasc ceiliúrtha Phóil do sheanóirí Eifeasas i Míléatas (20:18-35) a thiomna roimh bhás. Is apologiae (cosaintí) pearsanta na haithisc a thug sé ina dhiaidh sin in Iarúsailéim (22:1-21; 23:1-6), i gCaesairia (24:10-21; 26:2-23), agus sa Róimh (28:17-20, 25-28); ach san am céanna is féidir dúinn tuiscint bhreise a fháil uathu ar chás na gCríostaithe agus na Giúdaigh agus na Rómhánaigh ag bagairt orthu.
An Spiorad Naomh
Taispeánann saothar Lúcáis, ar a lán slite, láithreachas Chríost dá réadú i mineastrálacht agus i saol na hEaglaise. Nuair a ghlaotar ar a ainm le barr creidimh, cuireann Íosa Aiséirithe a shlánú i bhfeidhm. Nuair a ghlaonn na hAspail ar a ainm, déantar an slánú a thairiscint. Feictear éifeacht an tslánaithe sin i leigheasanna, i ndíbirt deamhan, agus i dtabhartas an Chreidimh féin (3:6, 16). Bíonn sé i láthair nuair a bhíonn scéal a bheatha, a bháis, agus a aiséirí dá fhógairt (10:33-43; 13:16-41). Taispeánann Lúcás go bhfuil Íosa i láthair i mbeatha a fhinnéithe nuair a bhuaileann sé séala Íosa i gcló chomh trom ar na haspail Peadar agus Pól agus é ag cur a bhfearta cumhachta i gcomparáid le fearta Íosa. Déanann Pól leis páirt Íosa a thógáil air féin agus é ag fulaingt mar a éilíonn a mhisean (9:15-16); agus é ag taisteal suas go hIarúsailéim lena thriail a sheasamh ann faoi mar a rinne Íosa. Feicimid páis Chríost dá cur i ngníomh arís i mbású Stiofáin.
Tá Íosa Aiséirithe i láthair freisin ina dheisceabail trí thabhartas an Spioraid Naoimh, an té a leanann iontu leis an misean a spreag sé agus a chothaigh sé in Íosa féin. Tugtar “Leabhar an Spioraid Naoimh” ar Ghníomhartha, agus sin le ceart. Tá teacht an Spioraid Naoimh Domhnach Cincíse mar lárphointe aige. Rinne an tAthair Íosa a ungadh leis an Spiorad Naomh ina bhaisteadh le haghaidh a mhineastrálachta mar fháidh in Iosrael (10:38); ar an tslí chéanna seolann Íosa Aiséirithe an Spiorad ar a dheisceabail le haghaidh a mineastrálachtasan mar fháithe go himeall an domhain (2:33). Is é an Spiorad a dhéanann “finnéithe” ar Íosa Aiséirithe de na haspail, a thugann cumhacht don Eaglais an soiscéal a fhógairt, atá ina cheangal idir uain Íosa agus uain na hEaglaise.
Déanann Lúcás an chumhacht dhiaga seo a cheangal leis an Athair agus le hÍosa. Déanann Íosa Aiséirithe baisteadh leis an Spiorad (1:5; 11:16), agus is é an Spiorad “Spiorad Íosa” (16:6-7); san am céanna is é an Spiorad gealltanas an Athar (1:4), agus déanann an tAthair é a chur amach ar an uile dhuine (2:17-18). Cuireann Lúcás caidreamh agus gaol seo an Athar agus an Mhic leis an Spiorad in iúl, ach fágann sé gan beachtú é. Cuireann sé a lán beart i leith an Spioraid (cf. 2:4; 5:32; 8:39; 16:7), ach ar uairibh is é a dhealraíonn a bheith i gceist ná cumhacht Dé, síneadh dá phearsa mar a chuirtí in iúl sa Sean-Tiomna, agus é ar uairibh eile do-scartha ó bhearta Íosa Aiséirithe (cf. 10:14, 19).
Is cumhacht agus fuinneamh leis an aonarán a ath-nuachan ó laistigh é an Spiorad Naomh de réir Phóil agus Eoin. Cuireann Lúcás an Spiorad i láthair go háirithe mar fhoinse an Chreidimh agus mar údar a fhoilsithe don saol. Ní chuireann sé maithiúnas peacaí i leith an Spioraid Naoimh, ná ní fheiceann sé ag teacht é de thoradh an bhaiste. De réir Lúcáis, tagann an Spiorad Naomh dʼfhonn é a chur ar chumas na hEaglaise an soiscéal a fhógairt agus a chur ina luí, le feabhas seanmóra is teagaisc, agus le fearta is míorúiltí iontacha, agus dʼfhonn gach gné dá saol a dhíriú ar a misean.
Sa Chincís le teacht an Spioraid Naoimh saolaítear pobal Dé an chonartha nua. Thug Eoin Baiste rabhadh nárbh aon deimhniú é stádas Iosrael mar chlann Abrahám air go mbeadh páirt acu sa phobal nua seo (Lúc. 3:8). Chuir Lúcás in iúl ó thús go mba gheall le ding é Íosa, ding a scoiltfeadh clann Iosrael de réir mar a thabharfaidís freagra ar a ghlao agus a mhisean (Lúc. 2:34-35). Rinne sé idirdhealú idir pobal Dé agus a gceannairí. Sa chéasadh feicimid an próiseas seo tagtha chun buaice (23:35). Is trí bhás Íosa a fuair Dia seilbh ar a phobal féin de réir Lúcáis (Gníomh. 20:28).
Rinneadh fáithe an chonartha nua de na haspail trí chumhacht an Spioraid Naoimh. Lena mbriathra tugann siad cuireadh chun aithrí do dhaoine, cuireadh chun teacht ar mhalairt aigne faoi Íosa a céasadh agus a dʼaiséirigh, agus a admháil gurb é go deimhin “an Tiarna agus an Críost” é. An mhuintir a ghlacann leis an gcuireadh seo, éisteann siad leis an bhfáidh a gheall Maois agus “a dʼardaigh Dia suas”, agus scarann siad iad féin “ón ghlúin chlaon seo” agus sábháiltear iad (Gníomh. 2:40). An dream a dhiúltaíonn éisteacht “dísceofar as an bpobal” iad (3:23).
Insíonn Gníomhartha scéal bhearta Dé ag tógáil chlann Abrahám as na clocha féin. Nochtar de réir a chéile cé hiad pobal Dé dáiríre de réir mar a thugann Giúdaigh, Samáraigh, agus págánaigh freagra ar theachtaireacht na n-aspal. Fógraíonn Séamas in Iarúsailéim cé chomh hiontach is atá beartas Dé .i. pobal dá bhailiú dó féin as Giúdaigh is págánaigh, agus iad a dhlúthú le chéile san aon chuallacht amháin a níodh sa chreideamh (15:14).
Sin é, i mbeagán focal, teagasc Lúcáis ar an Spiorad, tabhartas Dé dúinn trí Íosa Aiséirithe. Bhraith na luath-Chríostaithe go raibh Spiorad Dé ag treorú a saoil go socair daingean ar shlí speisialta. Cad fúinn féin sa lá inniu, agus aird chomh mór sin dá díriú arís ar an Spiorad Naomh? An bhfuil teachtaireacht ar leith ag Lúcás dúinn? An mhuintir go léir a bhfuil aithne curtha acu ar an Spiorad agus ar a chumhacht, is cabhair agus griogadh chun céimniú ar aghaidh i mbeatha an Spioraid acu diagacht Lúcáis. Cuireann an diagacht sin ina luí go daingean orainn nach tabhartas pearsanta amháin dúinn an Spiorad, ach gur le haghaidh ár misin chun ár gcomharsana is chun an chine dhaonna é, múineann sí dúinn conas an Spiorad a fheiceáil agus a aithint ag obair sa saol, sa chuallacht Chríostaí, agus i mbuanna is i léirthuiscintí a chéile.
Currently Selected:
Gníomhartha Gníomhartha na nASPAL: ABN2012
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.