YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 2

2
Teacht an Spioraid Naoimh
1Nuair a tháinig Lá Cincíse bhí siad go léir le chéile ar aon láthair. 2Agus de phreab tháinig glór ón spéir mar a bheadh séideán gaoithe móire agus líon sé an teach ar fad ina raibh siad ina suí. 3Agus chonacthas dóibh mar a bheadh teangacha tine ag scaradh ó chéile nó gur shuigh an tine ar gach duine acu; 4agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh.
5Bhí Giúdaigh dhiaganta ó gach cine faoin spéir ag cur fúthu in Iarúsailéim 6agus nuair a chualathas an glór úd chruinnigh an slua agus iad ar mearbhall de bhrí gur chuala gach duine a theanga féin dá labhairt acu-san. 7Bhí ionadh agus alltacht orthu: “Féach,” ar siad, “nach Gailíligh iad seo go léir atá ag caint? 8Conas a tharlaíonn go gcloiseann gach duine againne iad ag labhairt inár dteanga dhúchais féin? 9Táimid Pairtiaigh ann agus Méidigh agus Éalámaigh, áitritheoirí na Measpatáime agus Iúdáia agus Chapadóice, agus Phontas agus na hÁise, 10na Frigia agus Phaimfilia, áitritheoirí na hÉigipte agus chríocha na Libia thart faoi Chíréiné, cuairteoirí ón Róimh 11idir Ghiúdaigh agus iompaithigh, Créataigh agus Arábaigh, agus cloisimid iad seo ag cur síos inár dteangacha féin ar éachtaí Dé.”
12Bhí alltacht agus mearbhall orthu go léir agus deiridís le chéile: “Cad is ciall leis seo?” 13Ach is é a deireadh cuid eile acu le teann fonóide: “Lán dʼfhíon úr atá siad-san.”
Aitheasc Pheadair
14Ansin mʼéirigh Peadar ina sheasamh i gcuideachta an Aon Duine Dhéag agus labhair leo de ghuth ard:
“A fheara Iúdá,” ar seisean, “agus a mhuintir uile Iarúsailéim, bíodh a fhios agaibh é seo agus tugaigí cluas dá bhfuil dá rá agam-sa: 15Ní ar meisce atá na daoine seo mar is dóigh libh-se, mar nach bhfuil sé ach a naoi a chlog ar maidin. 16Ní hea, ach is é seo an ní ar thrácht Ióéil fáidh air:
17‘Tarlóidh sna laethanta deireanacha,’
arsa an Tiarna,
‘go ndoirtfidh mé amach mo spiorad ar an uile dhuine,
agus déanfaidh bhur gclann mhac agus bhur n-iníonacha tairngreacht.
Feicfidh bhur bhfir óga aislingí,
agus déanfar taibhreamh do bhur seanóirí.
18Doirtfidh mé mo Spiorad sna laethanta sin
fiú amháin ar mʼóglaigh agus ar mo bhan-óglaigh,
agus déanfaidh siad tairngreacht.
19Déanfaidh mé éachtaí sa spéir in airde
agus iontais ar an talamh thíos.
Beidh fuil ann agus tine agus gal deataigh.
20Iompóidh an ghrian ina dorchadas
agus an ghealach ina fuil,
sula dtiocfaidh lá mór taibhseach an Tiarna.
21Ach cibé duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna, slánófar é.’
22“A fheara Iosrael, éistigí leis na briathra seo: Fear ab ea Íosa Nazórach ar thug Dia féin teastas daoibh air leis na míorúiltí agus na héachtaí agus na fearta a rinne Dia tríd fad a bhí sé in bhur measc, mar is eol daoibh féin. 23Nuair a tugadh suas daoibh é de réir chomhairle chinnte agus réamheolas Dé, chuir sibh chun báis é, dá thairneáil ar an gcros trí lámha mallaitheoirí. 24Ach thóg Dia ó mhairbh é agus dʼfhuascail ó arraingeacha an bháis é, mar níorbh fhéidir go gcoinneodh an bás faoina smacht é. Mar is é a deir Dáiví faoi:
25“Choinnigh mé mo shúile ar an Tiarna de shíor.
Tá sé ar mo dheaslámh, i dtreo nach suaithfear mé.
26Tá gliondar ar mo chroí dá chionn
agus tá meidhir ar mo theanga.
Tá mo cholainn féin faoi shuaimhneas le dóchas,
27mar ní fhágfaidh tú mé i riocht na marbh
ná ní ligfidh tú do do neach naofa an meathlú a fhulaingt.
28Thaispeáin tú dom bóthar na beatha
agus líonfaidh tú mé le háthas i do láthair.
29“Ní miste a rá libh go neamh-bhalbh, a bhráithre, go bhfuair ár n-ardathair Dáiví bás, gur adhlacadh é agus go bhfuil a thuama anseo againn go dtí an lá inniu. 30Ach ó tharla gurbh fháidh é agus a fhios aige gur mhionnaigh Dia dó go gcuirfeadh sé duine dá shliocht ar a rí-chathaoir, 31is ag cur síos a bhí sé, as a réamheolas, ar aiséirí Chríost mar ‘níor fágadh i riocht na marbh é agus níor fhulaing a cholainn an meathlú’. 32Thóg Dia an tÍosa seo ó mhairbh, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air. 33Agus tar éis a ardaithe ar dheis Dé, fuair sé óna Athair an Spiorad a bhí geallta agus dhoirt amach orainne é agus is é sin atá dá fheiceáil agus dá chloisteáil agaibh-se. 34Ní dheachaigh Dáiví féin suas ar neamh ach deir sé:
‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna:
Suigh ar mo dheis,
35go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.’
36“Más ea, bíodh a fhios go dearfa ag teaghlach Iosrael ar fad go ndearna Dia Tiarna agus Meisias den Íosa seo a chéas sibh-se ar chros.”
37Chuaigh an chaint sin go dtí an croí iontu agus dúirt siad le Peadar agus leis na haspail eile: “Cad atá le déanamh againn, a bhráithre?” 38Agus dʼfhreagair Peadar iad: “Déanaigí aithrí,” ar seisean, “déantar gach duine agaibh a bhaisteadh in ainm Íosa Críost chun maithiúnas na bpeacaí agus glacfaidh sibh tabhartas an Spioraid Naoimh; 39mar is daoibhse agus do bhur gclann atá an gealltanas úd agus dóibh siúd freisin atá i bhfad ar shiúl–don uile dhuine dá nglaofaidh ár nDia chuige.”
40Rinne sé mórán eile cainte ag áiteamh leo agus ag tathant orthu: “Sabháiligí sibh féin,” ar seisean leo, “ón nglúin chlaon seo.” 41An méid díobh a ghlac lena theachtaireacht, baisteadh iad agus cuireadh tuairim is trí mhíle duine lena líon an lá sin. 42Agus chloígh siad go daingean le teagasc na n-aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin agus leis na hurnaithe.
Na Críostaithe i gComhar le Chéile
43Is iomaí míorúilt agus éacht a bhí dá ndéanamh ag na haspail, rud a chuir uamhan ar chách. 44Bhí na creidmhigh go léir in aon bhuíon le chéile agus bhí gach ní i bpáirt acu; 45dhíolaidís a gcuid sealúchais agus a gcuid maoine agus roinnidís a luach ar chách de réir mar a bhíodh aon duine acu ar an gcaolchuid. 46Thagaidís le chéile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile le móráthas agus le sástacht chroí 47agus iad ag moladh Dé. Agus bhí gnaoi an phobail orthu. Agus ó lá go lá bhí an Tiarna ag cur le líon na ndaoine a bhí ar bhealach a slánaithe.

Currently Selected:

Gníomhartha 2: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in