Gníomhartha 12
12
Séamas dá Bhású agus Peadar
dá chur i bPríosún
1Um an dtaca seo is ea a dʼimir Héaród rí an lámh throm ar chuid de bhaill na hEaglaise. 2Chuir sé Séamas deartháir Eoin chun báis leis an gclaíomh. 3Nuair a chonaic sé gur thaitin sin leis na Giúdaigh, chinn sé ar Pheadar a ghabháil chomh maith. Laethanta an tslim-aráin a bhí ann, 4agus tar éis dó é a ghabháil, chuir sé i bpríosún é agus dʼfhág ceithre scuad saighdiúirí dá choimeád agus é de rún aige é a thabhairt os comhair an phobail tar éis na Cásca. 5Fad a bhí Peadar dá choimeád sa phríosún, áfach, bhí urnaí dá déanamh gan staonadh chun Dé ar a shon ag an Eaglais.
6An oíche sula raibh Héaród chun é a thabhairt os comhair an phobail, bhí Peadar ina chodladh idir beirt saighdiúirí agus dhá shlabhra faoi agus bhí garda os comhair an gheata ag faire an phríosúin. 7Go tobann sheas aingeal ón Tiarna os a chomhair agus las solas sa seomra. Bhuail an t-aingeal Peadar sa chliathán agus dhúisigh é dá rá: “Éirigh i do sheasamh go tapa.” Leis sin thit na slabhraí dá lámha. 8“Fáisc ort do chrios agus cuir ort do bhróga,” arsa an t-aingeal leis, agus rinne sé amhlaidh. “Cuir umat do bhrat,” arsa an t-aingeal arís leis, “agus lean mise.” 9Lean sé amach é agus gan a fhios aige gur fíor a raibh dá dhéanamh ag an aingeal; cheap sé gur aisling a bhí dá feiceáil aige. 10Ghluais siad thar an gcéad gharda agus thar an dara garda nó gur tháinig siad go dtí an geata iarainn isteach chun na cathrach. Dʼoscail an geata dóibh uaidh féin agus amach leo. Shiúil siad rompu fad sráide agus ansin de phreab, dʼimigh an t-aingeal as a radharc.
11Nuair a tháinig Peadar chuige féin, dúirt sé: “Tá a fhios agam anois go fíor gur chuir an Tiarna a aingeal chugam agus gur fhuascail sé ó lámha Héaróid mé agus ó gach ní dá raibh an pobal Giúdach ag súil leis.” 12Nuair a tuigeadh an méid sin dó, chuaigh sé go dtí teach Mháire, máthair Eoin dar chomhainm Marcas, mar a raibh slua mór bailithe agus iad ag déanamh urnaí. 13Chnag sé ar dhoras an halla agus tháinig cailín aimsire darbh ainm ‘Rodae’ chun an doras a oscailt dó. 14Nuair a dʼaithin sí guth Pheadair, le méid an áthais a bhí uirthi, in ionad an doras a oscailt, rith sí isteach ag fógairt dóibh go raibh Peadar ina sheasamh ag an doras. 15“Ag rámhaille atá tú,” ar siad-san léi, ach dhearbhaigh sise gurbh fhíor a scéal. “Is é a aingeal coimhdeachta atá ann,” arsa siad-san. 16Lean Peadar air ag bualadh ar an doras agus nuair a dʼoscail siad dó, chonaic siad é agus tháinig alltacht orthu. 17Ach rinne Peadar comhartha láimhe dóibh a bheith ina dtost agus dʼaithris dóibh mar a thug an Tiarna amach as an bpríosún é. “Insígí an scéal seo do Shéamas agus do na bráithre,” ar seisean ag imeacht uathu agus ag dul go háit eile.
18Nuair a bhí sé ina lá, bhí buairt nár bheag ar na saighdiúirí i dtaobh cad ba chor do Pheadar. 19Chuir Héaród lorg air agus nuair nach raibh aon fháil air, scrúdaigh sé na gardaí agus dʼordaigh iad a chur chun báis. Ansin chuaigh sé síos ó Iúdáia go Caesairia agus thug tamall ann.
Bás Héaróid
20San am seo bhí colg ar Héaród le muintir na Tuíre agus Shiodón, ach tháinig an dá mhuintir le chéile ar thoscaireacht chuige. Tar éis dóibh Blastas, maor teallaigh an rí, a thabhairt ar a dtaobh, dʼiarr siad síocháin ar an rí de bhrí gur ón dúiche ríoga a tháinig lón bia a dtíre féin. 21An lá a bhí ceaptha dó bhí Héaród cóirithe ina éide rí, shuigh sé faoi ar an suí breithimh agus thug óráid dóibh. 22Thosaigh an pobal ag béiceadh: “Ní guth duine é seo ach guth Dé.” 23Agus ar an mball bhuail aingeal an Tiarna ar lár é de chionn nár thug sé onóir do Dhia. Fuair sé bás agus é dá ithe ag péisteanna. 24Lean briathar Dé ag fás agus ag leathnú. 25Tar éis dóibh a misean a chur i gcríoch dʼfhill Barnabas agus Sól go hIarúsailéim agus thug siad Eoin Marcas leo.
Currently Selected:
Gníomhartha 12: ABN2012
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.