YouVersion Logo
Search Icon

Matha 6

6
1Seachnaidh agus ná déanaidh bhúr ndeagh‐ghníomhartha i bhfiadhnaise na ndaoine i dtreo go bhfeicfidís sibh, nó ní bhéidh aon luach saothair le fágháil agaibh ó bhúr nAthair atá ar neamh.
2Ar an adhbhar sin, nuair bhíos tú ag tabhairt déirce, ná séid aon adharc rómhat, mar do‐ghní lucht an fhuar‐chrábhaidh ins na sionagógaibh agus ar na sráidibh, d’fhonn onóir d’fhágháil ó na daoinibh. Go fírinneach adeirim libh go bhfuil a luach saothair fághálta aca. 3Acht nuair do‐bheir tusa déirc uait, ná bíodh a fhios ag do láimh chlé créad do‐ghní do lámh dheas: 4chum go mbéidh do dhéirc fá cheilt, agus go gcúiteochaidh t’Athair, do‐chí a bhfuil fá cheilt, thú.
5Agus nuair bhíos sibh ag déanamh urnaighe, ná bidhidh mar lucht an fhuar‐chrábhaidh, gur maith leo urnaighe do dhéanamh agus iad ’n‐a seasamh ins na sionagógaibh agus ag cúinnibh na sráideann, chum go bhfeicfeadh na daoine iad. Go fírinneach adeirim libh, go bhfuil a luach saothair fághálta aca. 6Acht nuair bhíos tusa ag déanamh urnaighe, téir isteach id’ sheomra, agus dún an doras, agus cuir do ghuidhe chum t’Athar do‐fheicsiona, agus t’Athair do‐chí a bhfhuil fá cheilt, cúiteochaidh sé leat.
7Agus nuair bhíos sibh ag déanamh urnaighe, ná bidhidh ag siollaireacht cainnte ar nós na bPágánach, gur dóigh leo go n‐éistfear leo as méid a mbíonn le rádh aca. 8Uime sin ná bidhidh cosmhail leo‐san; óir is eol d’bhúr n‐Athair gach a mbíonn uaibh sara n‐iarrfaidh sibh air é. 9D’á bhrigh sin déanaidh‐se urnaighe mar seo: Ár nAthair atá ar neamh, go naomhuightear t’ainm; 10go dtigidh do ríoghacht; go ndéantar do thoil ar an talamh mar do‐ghnítear ar neamh; 11tabhair dhúinn indiu ár n‐arán le h‐aghaidh an lae; 12agus maith dhúinn ár bhfiacha, mar do mhaitheamair‐ne d’ár bhféicheamhnaibh féin; 13agus ná leig sinn i gcathú, acht saor sinn ó olc. 14Óir, má mhaitheann sibh do dhaoinibh a gcionnta, maithfidh bhúr n‐Athair neamhdha bhúr gcionnta dhaoibh‐se mar an gcéadna; 15acht muna maithfidh sibh do dhaoinibh a gcionnta, ní mhaithfidh bhúr n‐Athair bhúr gcionnta dhaoibh‐se.
16Agus nuair bhíos sibh i n‐bhúr dtroscadh, ná bidhidh gruamdha ar nós luchta an fhuar‐chrábhaidh: óir dorchuighid‐sean a gceann‐aighthe chum go bhfeicfidh na daoine go bhfuilid ’n‐a dtroscadh. Adeirim libh go fírinneach go bhfuil a luach‐saothair fághálta aca. 17Acht nuair bhíos tusa ag déanamh troscaidh, cuir ola ar do cheann, 18agus nigh t’aghaidh; i dtreo nach bhfeicfidh na daoine go bhfuilir id’ throscadh, acht go bhfeicfidh t’Athair, atá fá cheilt, thú: agus t’Athair do‐chí a bhfuil fá cheilt, cúiteochaidh seisean leat. 19Ná soláthruighidh stór daoibh féin ar an talamh so, mar a milleann an leamhan agus an mheirg é, agus mar a mbíonn bitheamhnaigh ag briseadh isteach agus ag goid: 20acht soláthruighidh stór ar neamh, an áit nach mbíonn an leamhan agus an mheirg ag milleadh, agus nach mbíonn bitheamhnaigh ag briseadh isteach agus ag goid: 21óir, cibé áit ’n‐a bhfuil do stór, is ann bhéas do chroidhe mar an gcéadna.
22Is í an tsúil lóchrann an chuirp: d’á bhrigh sin, má bhíonn do shúil glan, soillsighthear do chorp ar fad. 23Acht má bhíonn do shúil go h‐olc, béidh do chorp ar fad sa dorchacht. D’á bhrigh sin, má’s dorchacht an solas atá ionnat, cad é mar dhorchacht í!
24Ní féidir d’aoinneach seirbhís do dhéanamh do dhá mháighistir: óir béidh fuath aige do dhuine aca, agus grádh do’n duine eile: nó claoidhfidh sé le duine aca, agus béidh droch‐mheas aige ar an duine eile. Ní féidir dhaoibh seirbhís do dhéanamh do Dhia agus do Mhammon. 25D’á bhrigh sin adeirim libh, Ná bíodh imnidhe oraibh i dtaobh bhúr mbeathadh, mar gheall ar a n‐íosaidh sibh, nó mar gheall ar a n‐ólfaidh sibh; ná i dtaobh bhúr gcuirp, mar gheall ar an gclúdach bhéas oraibh. Nach mó an t‐anam ’ná an biadh, agus an corp ’ná an t‐éadach? 26Breathnuighidh éanlaithe na spéire: ní chuireann siad síol, agus ní bhaineann siad fóghmhar, agus ní chruinnigheann siad éinnidh i sciobólaibh; agus cothuigheann bhúr n‐Athair neamhdha iad. Nach mó is fiú sibh‐se go mór ’ná iad‐san? 27Agus cia agaibh d’fhéadfadh, le méid a imnidhe, bannlámh amháin do chur le n‐a aoirde féin? 28Agus cad chuige dhaoibh imnidhe bheith oraibh i dtaobh éadaigh? Breathnuighidh lilí an bháin, cionnas fhásas siad; ní dhéanaid saothar, agus ní dhéanaid sníomh: 29acht adeirim libh, nach raibh Solamh féin ’n‐a ghradam go h‐iomlán, clúduighthe mar cheann aca sin. 30Má chlúduigheann Dia ar an gcuma sin féar an bháin, atá ann indiu, agus caithtear isteach san tsorn i mbárach, nach mó go mór chlúdóchas sé sibh‐se, a lucht an chreidimh bhig? 31Ná bíodh imnidhe oraibh, d’á bhrigh sin, agus sibh g‐á rádh, Créad íosaimíd? nó, Créad ólfaimíd? nó, Cionnas clúdóchar sinn? 32Óir is iad sin na neithe go mbíonn tóir ag na Págánachaibh ortha; óir is eol d’bhúr nAthair neamhdha go bhfuil gábhadh agaibh leis na neithibh sin go léir. 33Acht loirgidh ar dtús ríoghacht Dé agus a fhíréantacht, agus do‐bhéarfar daoibh sa mbreis na neithe sin go léir. 34D’á bhrigh sin, ná bíodh imnidhe oraibh i dtaobh an lae amárach: óir béidh a chúram féin ar an lá amárach. Ní beag do’n lá a chion féin de’n olc.

Currently Selected:

Matha 6: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in