YouVersion Logo
Search Icon

Matha 19

19
1Agus tharla, nuair do bhí na cómhráidhte sin críochnuighthe ag Íosa, gur imthigh sé ó’n nGaililé, agus go dtáinig sé isteach i gcríochaibh lúdaea ar an taobh thall de Iórnán; 2agus do lean sluaighte móra é; agus do leigheas sé annsin iad.
3Agus tháinig Fairisínigh chuige g‐á thriail, agus iad g‐á rádh, An dleaghthach do dhuine a bhean do chur uaidh ar adhbhar ar bith? 4Agus d’fhreagair seisean, agus adubhairt, An é nár léigheabhar, an té do chruthuigh na daoine ó thús, gur chruthuigh sé fireann agus baineann iad, agus go ndubhairt sé, 5Ar an adhbhar sin, fágfaidh fear a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n‐a mhnaoi; agus béidh an bheirt ’n‐a n‐aon fheoil amháin? 6Uime sin, ní beirt iad feasta, acht aon fheoil amháin. D’á bhrigh sin, an nidh do cheangail Dia, ná scaoileadh duine é. 7Adubhradar‐san leis, Cad chuige, má’s eadh, ar órduigh Maois billéad scaramhna do thabhairt dí, agus a cur chum bealaigh? 8Adubhairt seisean leo, Do cheaduigh Maois daoibh, mar gheall ar dhúire bhúr gcroidhe, bhúr mná do chur uaibh: acht ní mar sin do bhí an scéal ó thús. 9Agus adeirim‐se libh, An té chuirfeas uaidh a bhean, acht amháin mar gheall ar striapachas, agus phósfas bean eile, go ndéanann sé adhaltranas: agus an té phósas an bhean do díbrigheadh, go ndéanann seisean adhaltranas. 10Adubhairt na deisceabail leis, Má’s é sin an cás ag fear i dtaobh mhná, do b’fhearr gan póshadh. 11Acht adubhairt seisean leo, Ní h‐é gach aon duine gur féidir leis na briathra so do ghlacadh, ach iad‐san amháin dár tugadh é. 12Óir atá coillteáin ann do rugadh mar sin ó bhroinn a máthar: agus atá coillteáin ann gur choill daoine iad: agus atá coillteáin ann do choill iad féin ar son ríoghachta na bhflaitheas. An té gur féidir leis a ghlacadh, glacadh.
13Annsin tugadh chuige leanbhaí beaga, chum go gcuirfeadh sé a lámha ortha, agus go nguidhfeadh sé ortha: agus do chuir na deisceabail cosc leo. 14Acht adubhairt Íosa, Leigidh do na leanbhaibh beaga teacht chugam‐sa, agus ná cuiridh cosc leo: óir is le n‐a leithéidibh sin ríoghacht na bhflaitheas. 15Agus do chuir sé a lámha ortha, agus d’imthigh sé ó’n áit sin.
16Agus féach, tháinig duine chuige, agus adubhairt sé, A Mháighistir, créad é an gníomh maith do‐ghéanadsa, chum go saothróchad an bheatha shíorraidhe? 17Agus adubhairt seisean leis, Cad chuige dhuit ceist do chur orm‐sa i dtaobh maitheasa? Ní maith aoinneach acht Aon amháin: acht má’s mian leat dul isteach sa mbeathaidh, coimhéad na h‐aitheanta. 18Adubhairt seisean leis, Ciaca? Agus adubhairt Íosa leis, Na déan marbhadh, Ná déan adhaltrannas, Ná déan goid, 19Ná tabhair fiadhnaise bhréige, Tabhair onóir dot’ athair agus dod’ mháthair, agus, Grádhuigh do chómharsa mar thú féin. 20Adubhairt an t‐ógánach leis, Do chóimhlíonas iad sin go léir: créad eile atá d’uireasbhaidh orm? 21Adubhairt Íosa leis, Má’s maith leat bheith gan locht, imthigh, díol a bhfuil agat, agus tabhair a luach do na bochtaibh, agus béidh maoin ar neamh agat: agus tar, lean mise. 22Acht nuair do‐chuala an t‐ógánach na briathra sin, d’imthigh sé agus cumha air, óir ba dhuine é ag a raibh rachmas mór.
23Agus adubhairt Íosa le n‐a dheisceablaibh, Go fírinneach adeirim libh, Is ar éigean a rachas duine saidhbhir isteach i ríoghacht na bhflaitheas. 24Agus adeirim arís libh, Is fusa do chamall gabháil tré chró snáthaide, ná do dhuine saidhbhir dul isteach i ríoghacht na bhflaitheas. 25Agus nuair do‐chuala na deisceabail sin, do ghabh iongnadh mór iad, agus adubhradar, Má’s eadh, Cia h‐é gur féidir a shlánú? 26Agus ag féachaint d’Íosa ortha, adubhairt sé leo, Ní féidir do dhaoinibh é, acht is féidir le Dia an uile nidh. 27D’fhreagair Peadar annsin, agus adubhairt sé, Féach, do thréigeamair‐ne gach uile nidh, agus do leanamar thusa; créad bhéas againn d’á bhárr? 28Agus dubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, nuair shuidhfeas Mac an Duine i gcathaoir a ghlóire, san aith‐gheineamhain, sibh‐se do lean mé, suidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag, ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel. 29Agus gach duine do thréig tighthe, nó dearbhráithre, nó deirbhsheathracha, nó clann, nó taltaí, ar son m’anma‐sa, gheobhaidh sé a gcéad oiread, agus béidh an bheatha shíorraidhe mar oighreacht aige. 30Acht is iomdha duine d’á bhfuil ar tosach bhéas ar deireadh; agus d’á bhfuil ar deireadh bhéas ar tosach.

Currently Selected:

Matha 19: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in