Lúcás 7
7
1Agus nuair do bhí a bhriathra go léir críochnuighthe aige i n‐éisteacht na ndaoine, do chuaidh sé isteach i gCafarnaúm.
2Agus do bhí seirbhíseach ceanntúra áirithe, fear do b’ionmhain le n‐a mháighistir, do bhí sé breoite agus i riochtaibh báis. 3Agus nuair do‐chuala sé i dtaobh Íosa, do chuir sé chuige cuid de sheanóiribh na nIúdach, g‐á iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach do leigheas. 4Agus nuair thángadar‐san chum Íosa d’athchuingheadar go dian air, g‐á rádh, Is fiú é go ndéanfá an nidh sin dó; 5óir atá grádh aige d’ár gcineadh, agus do thóg sé féin ár sionagóg dúinn. 6Agus do‐chuaidh Íosa i n‐éinfheacht leo. Agus nuair nach raibh sé i bhfad ó’n tigh, do chuir an ceanntúir cáirde leis chuige, g‐á rádh leis, A Thighearna, ná cuir aon trioblóid ort féin: óir ní fiú mise go dtiocfá isteach fám’ dhíon: 7agus uime sin níor mheasas go mb’ fhiú mé féin teacht id airchis: acht abair an focal amháin, agus leigheasfar mo ghiolla. 8Óir is duine mise atá fá cheannas, agus atá saighdiúirí fá smacht agam: agus adeirim leis an bhfear so, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tig sé; agus lem’ sheirbhíseach, Déan so, agus do‐ghní sé é. 9Agus nuair do‐chuala Íosa an méid sin, ba iongnadh mór leis é, agus d’iompuigh sé agus adubhairt sé leis an sluagh do bhí g‐á leanamhain, Adeirim libh, Nach bhfuaras an oiread sin creidimh i nIsrael féin. 10Agus na daoine do cuireadh chuige, nuair d’fhilleadar chum an tighe, fuaradar an seirbhíseach slán, leigheasta.
11Agus tharla, tamall ’n‐a dhiaidh sin, go ndeachaidh sé go cathair ar a dtugtar Náin, agus do chuaidh a dheisceabail agus sluagh mór daoine i n‐éinfheacht leis. 12Agus nuair do bhí sé ag teacht i ngar do gheata na cathrach, féach, do bhí corp d’á bhreith amach, aon‐mhac a mháthar, agus ise ’n‐a baintreabhaigh: agus do bhí mórán de mhuinntir na cathsach ’n‐a fochair. 13Agus nuair do chonnaic an Tighearna í, do ghabh truagh dhí é, agus adubhairt sé léi, Ná bí ag gol. 14Agus táinig sé agus do chuir sé a lámh ar an gcróchar: agus do stad an lucht iomchair Agus adubhairt sé, A óigfhir, adeirim leat, Éirigh. 15Agus d’éirigh an duine marbh ’n‐a shuidhe, agus do thosnuigh sé ar labhairt. 16Agus thug sé d’á mháthair é. Agus tháinig crith‐eagla ar gach uile dhuine: agus thugadar glóir do Dhia, g‐á rádh, Atá fáidh mór éirighthe ’n‐ár measc: agus, Tháinig Dia ar cuairt chum a mhuinntire. 17Agus do leath an tuaraisc seo amach ar fud Iúdaea ar fad, agus ar fud na dúithche má gcuaird.
18Agus d’innis deisceabail Eoin na scéala sin go léir dó. 19Agus do ghlaodh Eoin chuige beirt d’á dheisceablaibh, agus do chuir sé chum an Tighearna iad, g‐á rádh, An tusa an té atá le teacht, nó an bhfuil orainn fanamhain le duine éigin eile? 20Agus nuair tháinig na fir chuige, adubhradar, Do chuir Eoin Baiste chugat‐sa sinn, g‐á rádh, An tusa an té atá le teacht, nó an bhfuil orainn fanamhain le duine éigin eile? 21Agus an uair chéadna sin do leigheas sé mórán daoine ó ghalaraibh, agus ó aicídibh, agus ó dhroch‐spioraidibh; agus thug sé radharc do mhórán dall, 22Agus d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo, Téighidh, agus innisidh d’Eoin gach a bfacabhar agus a gcualabhar; do‐gheibh na daill a radharc; siubhlann na bacaigh, glantar na lobhair, cluineann na bodhair, aiséirigheann na mairbh, craobhscaoiltear an soiscéal do na bochtaibh. 23Agus is aoibhinn do’n té nach bhfaighidh adhbhar scannail ionnaim‐se.
24Agus nuair do bhí deisceabail Eoin imthighthe, do thosnuigh sé ar a rádh leis an sluagh i dtaobh Eoin, Créad é go ndeachabhar amach sa bhfásach le n’fheicsin? giolcach d’á luascadh ag an ngaoith? 25Acht créad é go ndeachabhar amach le n’fheicsin? Duine agus éadaighe míne air? Féach, iad‐san go mbíonn éadaighe maiseacha umpa, agus go mbíonn saoghal sócamhlach aca, is i dtighthibh na ríogh bhíd. 26Acht créad é go ndeachamar amach le n’fheicsin? Fáidh an eadh? Is eadh adeirim libh, agus duine is mó go mór ’ná fáidh. 27Is é sin an té go bhfuil scríobhtha ’n‐a thaobh,
Féach, cuirim mo theachtaire ar d’aghaidh amach,
Agus réidhteochaidh sé do shlighe rómhat.
28Adeirim libh, Ar a rugadh ó mhnáibh ní fhuil aoinneach is mó ’ná Eoin; acht cheana an té is lugha i ríoghacht Dé is mó é ’ná eisean. 29(Agus nuair do‐chuala na daoine go léir agus na poibleacáin an méid sin d’admhuigheadar fíréantacht Dé, d’á mbaisteadh féin le baisteadh Eoin. 30Acht do dhiúltuigh na Fairisínigh agus ollamhain na dlighe de’n chómhairle do chinn Dia ’n‐a dtaobh féin gan baisteadh do ghlacadh uaidh.) 31Cia leis, d’á bhrigh sin, go samhlóchad muinntear an chinidh seo, agus cia leis gur cosmhail iad? 32Is cosmhail iad le leanbhaibh ’n‐a suidhe ar áit an mhargaidh, agus iad ag glaodhach ar a chéile g‐á rádh, Do‐rinneamar ceol ar an bfeadán daoibh, agus ní dhearnabhar damhsa; do‐rinneamar caoineadh, agus ní dhearnabhar gol. 33Óir tháinig Eoin Baiste gan bheith ag ithe aráin ná ag ól fíona; agus adeir sibh, Atá deamhan ann. 34Tháinig Mac an Duine, agus é ag ithe agus ag ól; agus adeir sibh, Féach, an duine craosach, pótaire an fhíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacach! 35Agus fíoruightear an eagna tré n‐a clainn féin go léir.
36Agus d’iarr duine de na Fairisíneachaibh air biadh do chaitheamh ’n‐a fhochair. Agus do chuaidh sé isteach i dtigh an Fhairisínigh, agus do shuidh sé síos chum bidh. 37Agus féach, bean de’n chathair, peacach, nuair do bhí a fhios aici go raibh sé ’n‐a shuidhe chum bidh i dtigh an Fhairisínigh, thug sí léi crúsca alabástair d’uinneimint, 38agus ’n‐a seasamh dhí taobh thiar de i n‐aice a chos, do thionnscain sí ag fliuchadh a chos le n‐a deoraibh, agus do thiormuigh sí le gruaig a cinn iad, agus do bhí sí ag pógadh a chos, agus g‐á n‐ongadh leis an uinneimeint. 39Agus an Fairisíneach thug an cuireadh dhó, nuair do chonnaic sé sin, adubhairt sé ’n‐a inntinn féin, Dá mba fáidh an fear so, do bhéadh a fhios aige cia h‐í an bhean so atá ag baint leis, agus caidé an sórt í, gur peacach í. 40Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, A Shíomóin, atá focal agam le rádh leat. Agus adubhairt seisean, Abair leat, a Mháighistir. 41Do bhí iasachtaidhe ann agus beirt i bhfiacha aige: do bhí cúig céad pinginn aige ar dhuine aca, agus deich is dá fhichid pinginn ar an duine eile. 42Agus nuair nach raibh ar chumas dóibh íoc, do mhaith sé dhóibh araon é. Cia aca dhíobh is mó grádh dhó? 43D’fhreagair Síomón agus adubhairt, Measaim gurb é an té d’ár mhaith sé an chuid is mó. Agus adubhairt seisean leis, Is maith í do bhreith. 44Agus ag casadh chum na mná dhó, adubhairt sé le Síomón, An bhfeiceann tú an bhean so? Tháinig mise isteach id’ thigh‐se, ní thug tú uisce dom’ chosaibh dhom: acht d’fhluich sise mo chosa le n‐a cuid deor, agus do thiormuigh sí le n‐a gruaig iad. 45Ní thugais‐se póg dom, acht ó tháinig mise isteach níor stad sí de bheith ag pógadh mo chos. 46Níor ongais‐se mo cheann le h‐ola: acht d’ong sise mo chosa le h‐uinneimeint. 47D’á bhrigh sin adeirim leat, Atá a peacaidhe, a lán mór peacaidhe, maithte dhí; óir ba mhór é a grádh: acht an té d’á maithtear beagán, is beag é a ghrádh. 48Agus adubhairt sé léi‐se, Atá do pheacaidhe maithte dhuit. 49Agus na daoine do bhí ’n‐a suidhe chum bidh ’n‐a fhochair, do thosnuigheadar ar a rádh eadortha féin, Cia h‐é seo mhaitheas fiú amháin peachaidhe? 50Agus adubhairt sé leis an mnaoi, Do shlánuigh do chreideamh thú: imthigh i síothcháin.
Currently Selected:
Lúcás 7: ATN1951
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932