YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 10

10
1I n‐a dhiaidh sin d’órduigh an Tighearna deichneabhar agus trí fichid eile, agus do chuir sé roimhe amach iad ’n‐a mbeirt agus ’n‐a mbeirt go dtí gach cathair agus áit ’n‐a raibh sé féin le teacht. 2Agus adubhairt sé leo, Is mór é an fóghmhar, acht is suarach iad an lucht oibre: uime sin guidhidh Tighearna an fhóghmhair buanaidhthe do chur amach chum a fhóghmhair. 3Imthighidh rómhaibh: féachaidh, cuirim uaim amach sibh amhail caoirigh i measc madadh allta, 4Ná tógaidh libh sparán, ná mála, ná bróga: agus ná beannuighidh d’aon duine ar an mbóthar. 5Agus cibé teach ’n‐a rachaidh sibh isteach, abraidh ar dtús, Síothcháin ar an tigh seo. 6Agus má atá mac síothchána ann, fanfaidh bhúr síothcháin air: acht muna bhfuil, fillfidh bhúr síothcháin oraibh féin. 7Agus fanaidh sa tigh céadna sin, ag ithe agus ag ól a dtugtar duit: óir is fiú an t‐oibridhe a thuarastal. 8Ná bidhidh ag dul ó thigh go tigh. Agus cibé cathair ’n‐a rachaidh sibh, agus go nglacfar sibh, ithidh a gcurfar rómhaibh: 9agus leigheasaidh na daoine breoite sa gcathair sin, agus abraidh leo, Atá ríoghacht Dé druidthe libh. 10Acht cibé cathair ’n‐a rachaidh sibh isteach, agus nach nglacfar sibh, téighidh amach ar shráidibh na cathrach, agus abraidh, Luaithreadh bhúr gcathrach féin ghreamhuigheas d’ár gcosaibh, 11croithimís dínn é ’n‐bhúr n‐aghaidh: acht cheana, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríoghacht Dé druidthe libh. 12Adeirim‐se libh gur sócamhlaighe do Shodom, an lá sin, ’ná do’n chathair sin. 13Is mairg duit, a Chórasin! is mairg duit, a Bhétsáida! óir dá ndéantaidhe i dTuire agus i Sídóin na míorbhailte do rinneadh ionnaibh‐se, is fada ó bhéadh aithrighe déanta aca, agus iad ’n‐a suidhe i n‐éadach róin agus i luaith. 14Acht, cheana, ba shócamhlaighe do Thuire agus do Shídóin sa mbreitheamhnas ’ná dhaoibh‐se. 15Agus tusa, a Chafarnaúm, an dtógfar thú suas go neamh? síos go h‐ifreann cuirfear thú. 16An té éisteas libhse, is liom‐sa éisteas sé; agus an té dhiúltuigheas daoibh, is damh‐sa dhiúltuigheas sé; agus an té dhiúltuigheas damh‐sa, diúltuigheann sé do’n té do chuir uaidh mé.
17Agus d’fhill an deichneabhar agus trí fichid ar ais, agus áthas ortha, g‐á rádh, A Thighearna, atá na deamhain féin fá smacht againn tré t’ainm‐se. 18Agus adubhairt seisean leo, Do chonnacas Sátan ag tuitim ó, neamh mar scail teinntrighe. 19Féachaidh, atá cumas tabhartha agam daoibh chum nathracha nimhe agus scairpeanna do bhrúghadh fá chois, agus buaidh ar gach neart na námhad: agus ní dhéanfaidh éinnidh anachain ar bith oraibh. 20Acht cheana, ná bíodh áthas oraibh toisc na spioraidí bheith fá smacht agaibh; acht toisc bhúr n‐ainmneacha bheith scríobhtha ar neamh.
21Le linn na h‐uaire céadna sin do líonadh é de gháirdeachas mór tríd an Spiorad Naomh, agus adubhairt sé, Do‐bheirim a bhuidheachas leat, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, gur cheilis na neithe sin ar Lucht eagna agus tuigseana, agus gur nochtais do leanbhaibh iad: do‐rinnis é, a Athair; óir ba é do thoil féin é. 22Atá gach uile nidh tabhartha ag m’Athair damh‐sa; agus ní fhuil a fhios ag aoinneach, acht ag an Athair amháin, cia h‐é an Mac; agus cia h‐é an t‐Athair, acht ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a nochtadh dhó. 23Agus ag iompodh chum a dheisceabal dó, adubhairt sé ós íseal, Is aoibhinn do na súilibh do‐chí na neithe do‐chí sibh‐se: 24óir adeirim libh gurab iomdha fáidh agus rí le n‐ar mian na neithe do‐chí sibh‐se d’fheicsin, agus nach bhfacadar iad; agus na neithe do‐chluin sibh‐se do chlos, agus nach gcualadar iad.
25Agus féach, d’éirigh fear dlighe ’n‐a sheasamh, agus do bhain sé triail as, g‐á rádh, A Mháighistir, créad atá le déanamh agam chum na beathadh síorraidhe d’fhágháil mar oighreacht. 26Agus adubhairt sé leis, Créad atá scríobhtha sa dlighe? cionnas léigheas tú? 27Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt. Grádhfaidh tú do Thighearna Dia ód’ chroidhe go h‐iomlán, agus ód’ anam go h‐iomlán; agus ód’ aigne go h‐iomlán; agus do chómharsa mar thú féin. 28Agus adubhairt sé leis, Is maith an freagra thugais: déan é sin, agus mairfir. 29Acht adubhairt seisean le h‐Íosa, agus fonn air a fhíréanú féin. 30Agus cia h‐é mo chómharsa? D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé, Do bhí duine ag dul síos ó Iarúsalem go h‐Ierichó; agus theagmhuigh sé le gadaidhthibh, do shlad agus do bhuail é, agus d’imthigheadar, tar a éis dóibh a fhágáil leath‐mharbh. 31Agus tharla go raibh sagart ag gabháil síos an bealach céadna: agus nuair do chonnaic sé é do ghabh sé thairis ar an taobh eile. 32Agus mar an gcéadna, tháinig Lébhíteach chum na h‐áite, agus nuair do chonnaic sé é, do ghabh sé thairis ar an taobh eile. 33Acht Samáritánach áirithe, do bhí ag gabháil na slighe, tháinig sé chum na h‐áite ’n‐a raibh sé: 34agus nuair do chonnaic sé é, do ghabh truagh mhór dó é, agus do chuaidh sé chuige, agus do cheangail sé a chneadhacha, ag dortadh ola agus fíona ortha; agus do chuir sé ar muin a bheithidhigh féin é, agus thug sé leis é go tigh ósta, agus thug sé aire dhó. 35Lá ar n‐a bhárach do thóg sé amach dhá phinginn agus thug sé do’n óstóir iad, agus adubhairt sé, Tabhair aire dhó; agus cibé méid chaithfeas tú sa mbreis, cúiteochadsa leat é, nuair thiocfas mé arís. 36Cia aca de’n driúr úd, an measann tú, ba chómharsa do’n duine do theagmhuigh leis na gadaidhthibh? 37Agus adubhairt seisean, An té thug truagh dhó. Agus adubhairt Íosa leis, Imthigh‐se, agus déan mar an gcéadna.
38Agus sa tslighe dhóibh, do chuaidh sé isteach i mbaile beag: agus do ghlac bean darbh ainm Marta isteach ’n‐a tigh é. 39Agus do bhí deirbhshiúr aici darbh ainm Máire, do shuidh ag cosaibh an Tighearna ag éisteacht le n‐a bhriathar. 40Agus do bhí Marta an‐bhroideamhain ag friotháileamh; agus tháinig sí chuige, agus adubhairt sí, A Thighearna, nach cás leat gur fhág mo dheirbhshiúr orm‐sa an friotháileamh do dhéanamh im’ aonar? abair léi bheith ag cuidiú liom. 41Acht d’fhreagair an Thighearna agus adubhairt sé léi, A Mharta, a Mharta, atá a lán neithe ag cur imnidhe agus buaidheartha ort: 42acht ní fhuil gábhadh acht le h‐aon nidh amháin: óir do thogh Máire an chuid is fearr, agus ní tógfar uaithi é.

Currently Selected:

Lúcás 10: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in