YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 1

1
1Ó tharla go dtug mórán iarracht fá chunntas do chur le chéile ar na neithibh go bhfuil lán‐eolas againn ortha, 2de réir mar atá siad tabhartha dhúinn aca‐san dc chonnaic ó thosach le n‐a súilibh iad, agus do bhí ’n‐a seirbhíseachaibh do’n bhriathar, 3do mheasas féin, tar a éis dom gach uile nidh do bhreathnú go cruinn ó thosach, go mba dhual damh‐sa iad do scríobhadh i n‐eagar duit‐se, a Théofiluis uasail; 4chum go mbheitheá lán‐deimhnighthe de na neithibh do múineadh dhuit.
5Le linn loruaith, rí Iúdaea, do bhí sagart áirithe darbh ainm Sacharias, de roinn Abia: agus do bhí bean de shliocht Aaróin aige, agus Elisabet ab ainm dí. 6Agus do bhíodar, beirt, fíréanta i bhfiadhnaise Dé, ag siubhal gan locht de réir gach aithne agus reachta an Tighearna. 7Agus ní raibh aon chlann aca, óir do bhí Elisabet aimrid, agus do bhíodar beirt aosta go mór.
8Agus tharla, nuair do bhí sé ag déanamh a dhualgais sagairt i bhfiadhnaise Dé, 9de réir gnáta a ranna, gur thuit sé de chrann air, de réir nóis na sagart, dul isteach i sanctóir an Tighearna agus an túis do dhóghadh ann. 10Agus do bhí an pobal uile amuigh ag guidhe le linn uaire na túise. 11Agus do taidhbhrigheadh aingeal an Tighearna dhó ’n‐a sheasamh ar an taobh deas d’altóir na túise. 12Agus ar n‐a fheicsin do Shacharias; tháinig buaidhreadh agus eagla air. 13Acht adubhairt an t‐aingeal leis, Ná bíodh eagla ort, a Shachariais: óir do h‐éisteadh led’ ghuidhe, agus béarfaidh do bhean Elisabet mac duit, agus glaodhfair Eoin mar ainm air. 14Agus béidh áthas agus luthgháir ort; agus béidh gáirdeachas ar mhórán de bhárr a bhreithe. 15Óir béidh sé mór i bhfiadhnaise an Tighearna, agus fíon nó deoch meisneamhail ní ólfaidh sé; agus béidh sé lán de’n Spiorad Naomh ó bhroinn a mháthar. 16Agus iompóchaidh sé mórán de chlainn Israel chum an Tighearna, a nDia. 17Agus gluaisfidh sé roimhe i gcumhacht Éliais, chum croidhthe na n‐athar d’iompódh chum na clainne, agus chum an lucht easumhal d’iompodh chum eagna na bhfíréan, agus chum pobal fíréan d’ullmhú do’n Tighearna. 18Agus adubhairt Sacharias leis an aingeal, Cionnas bhéidh a fhios sin agam? Óir atáim‐se im’ sheanduine, agus atá mo bhean aosta go mór. 19Agus d’fhreagair an t‐aingeal agus adubhairt sé leis, Is mise Gaibrial bhíos im’ sheasamh i láthair Dé; agus do cuireadh mé chum labhartha leat‐sa, agus chum na deagh‐scéala so d’innsin duit. 20Agus féach, béid tú id’ thost, agus ní fhéadfair labhairt, go dtí an lá ’n‐a dtiocfaidh na neithe seo chum críche de chionn nár chreidis mo bhriathra‐sa cóimhlíonfar ’n‐a n‐am féin.
21Agus do bhí an pobal ag fuireach le Sacharias, agus do b’iongnadh leo é bheith ag déanamh moille sa teampall. 22Agus nuair tháinig sé amach, níor fhéad sé labhairt leo; agus do bhí a fhios aca go bhfaca sé aisling sa teampall: agus do lean sé ag déanamh cómhartha dhóibh, agus d’fhan sé balbh. 23Agus tharla, nuair do bhí laethe a dhualgais críochnuighthe aige, gur imthigh sé chum a thighe féin.
24Agus tar éis na laethe sin, do ghabh Elisabet, a bhean, gein; agus d’fhan sí fá cheilt ar feadh cúig mí, g‐á rádh, 25Mar so do‐rinne an Tighearna liom ins na laethibh ’n‐ar fhéach sé orm, ó thóg sé dhíom an aithis do bhí orm i measc na ndaoine.
26Agus sa sémhadh mí do cuireadh an t‐aingeal Gaibrial ó Dhia go cathair sa nGalilé darbh ainm Nasair, 27ag triall ar mhaighdin do bhí luaidhte le fear darbh ainm Seosamh, duine de shliocht Dáibhi; agus Muire ab ainm do’n mhaighdin. 28Agus tháinig sé chúichi isteach, agus adubhairt sé léi, Go mbeannuighthear duit‐se atá lán de ghrása, atá an Tighearna id’ fhochair. 29Acht do bhí buaidhreadh mór uirthi de bharr na cainnte, agus do bhí sí ag machtnamh ’n‐a h‐intinn ar cad ba chiall do’n bheannú sin. 30Agus adubhairt an t‐aingeal léi, Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuarais grás ó Dhia. 31Agus féach, geobhair gein id’ bhroinn, agus béarfair mac, agus glaodhfair ÍOSA mar ainm air. 32Béidh sé mór, agus goirfear Mac an Té is Aoirde dhe; agus do‐bhéarfaidh an Tighearna Dia dhó rí‐chathaoir Dháibhi, a athair: 33agus béidh sé ’n‐a righ ar theaghlach Iácóib go deoidh; agus ní bhéidh deireadh le n‐a ríoghacht. 34Agus adubhairt Muire leis an aingeal, Cionnas bhéidh sin amhlaidh agus gan aithne fir agam? 35Agus d’fhreagair an t‐aingeal agus adubhairt sé léi, Tuirlingeochaidh an Spiorad Naomh ort, agus clúdóchaidh cumhacht an Té is Aoirde thú: agus, d’á bhrigh sin, an té béarfar, glaodhfar naomhtha air, Mac Dé. 36Agus féach, Elisabet, do shiúr, do ghabh sise gein ’n‐a sean‐aois, agus is é seo an sémhadh mí aici‐se go dtugadh bean aimrid uirthi. 37Óir ní bhéidh éinnidh do‐dhéanta do Dhia. 38Agus adubhairt Muire, Féach, mise banóglach an Tighearna; go ndéantar dom de réir t’fhocail. Agus d’imthigh an t‐aingeal uaithi.
39Agus d’éirigh Muire ins na laethibh sin, agus do chuaidh sí le deifir fá dhéin na gcnoc, go cathair i nIúda; 40agus do chuaidh sí isteach i dtigh Shachariais, agus do bheannuigh sí d’Elisabet. 41Agus tharla, nuair do‐chuala Elisabet beannachadh Mhuire, gur bhíodhg an naoidheanán ’n‐a broinn; agus do líonadh Elisabet de’n Spiorad Naomh; 42agus do ghlaodh sí amach de ghuth árd, Is beannuighthe tú idir mhnáibh, agus is beannuighthe toradh do bhroinne. 43Agus cionnas d’éirigh dhamh‐sa go dtiocfadh máthair mo Thighearna chugam? 44Óir féach, chómh luath agus táinig guth do bheannachta im’ chluasaibh, do bhíodhg an naoidheanán le h‐áthas im’ bhroinn. 45Agus is aoibhinn di‐se do chreid; óir cóimhlíonfar ar h‐inniseadh dhí ó’n Tighearna. 46Agus adubhairt Muire,
Adhmholann m’anam an Tighearna,
47Agus do‐rinne mo spioraid gáirdeachas i nDia mo Shlánuightheoir.
48Óir d’fhéach sé ar isleacht a bhan‐óglaighe:
Óir féach, as so amach déarfaidh na geinealaigh uile gurb aoibhinn dom,
49Óir an té atá cumhachtach, do‐rinne sé neithe móra dhom;
Agus is naomhtha a ainm.
50Agus bíonn a thrócaire ó aois go h‐aois.
51Do‐rinne sé móir‐ghníomh le neart a láimhe:
Do scaip sé lucht intinne an uabhair.
52Do leag sé lucht ceannais ó n‐a rí‐chathaoireachaibh,
Agus d’árduigh sé lucht na h‐umhlaidheachta.
53Do líon sé lucht an ocrais d’oll‐mhaitheasaibh;
Agus do chuir sé folamh uaidh lucht an tsaidhbhris.
54D’fhóir sé ar Israel, a sheirbhíseach,
Ag cuimhniú dó ar a thrócaire
55(Fá mar adubhairt sé le n‐ár sinnsearaibh)
Ar Abracham agus ar a shliocht go deoidh.
56Agus d’fhan Muire ’n‐a fochair timcheall trí mí, agus d’fhill sí chum a tighe féin.
57Agus tháinig am seolta Elisabet; agus rug sí mac. 58Agus do‐chuala a cómharsana agus a gaolta i dtaobh na mór‐thrócaire do‐rinne an Tighearna uirthi; agus do‐rinneadar cómh‐gháirdeachas léi.
59Agus tharla ar an ochtmhadh lá, go dtáinig siad chum timcheall‐ghearradh do dhéanamh ar an leanbh; agus do bhíodar ar tí Sacharias, ainm a athar, do thabhairt air. 60Acht d’fhreagair a mháthair, agus adubhairt sí. Ní h‐eadh, acht Eoin glaodhfar air. 61Agus adubhradar léi, Ní fhuil aon duine ded’ ghaoltaibh‐se go bhfuil an t‐anim sin air. 62Agus d’fhiafruigheadar d’á athair le cómharthaibh cia an t‐ainm ba mhaith leis do ghlaodhach air. 63Agus d’iarr sé taibhléad scríobhnóireachta, agus do scríobh sé, Eoin is ainm dó. 64Agus do bhí iongnadh ortha go léir. Agus do foscladh a bhéal agus a theanga ar an láthair, agus do labhair sé, ag moladh Dé. 65Agus do ghabh eagla iad‐san do bhí ’n‐a gcómhnaidhe ’n‐a dtimcheall: agus do leath tuairisc na neithe sin go léir ar fud na sléibhte i nIúdaea ar fad. 66Agus gach uile dhuine do‐chuala iad, do thaisceadar ’n‐a gcroidheachaibh iad, g‐á rádh, Créad atá i ndán do’n leanbh so? Óir do bhí lámh an Tighearna leis.
67Agus do líonadh Sacharias, a athair, de’n Spiorad Naomh, agus do‐rinne sé fáidheadóireacht, g‐á rádh,
68Go moltar an Tighearna, Dia Israel;
Óir do chumhduigh sé a mhuinntear agus do‐rinne sé fuascailt dóibh,
69Agus do thóg sé fuascaltóir mór‐chumasach dúinn I dteaghlach Dháibhi, a sheirbhíseach
70(Fá mar labhair sé tré bhéal a fháidh naomhtha do bhí ann ó thosach an domhain),
71Le n‐ár saoradh ó n‐ár náimhdibh, agus ó láimh na ndaoine thug fuath dhúinn;
72Ag déanamh trócaire ar ár n‐aithreachaibh,
Agus ag cuimhniú ar a thiomna naomhtha;
73An mionn thug sé d’Abracham, ár n‐athair,
74Go dtiubhradh sé dhúinn go saorfaidhe sinn ó láimh ár námhad
Chum go ndéanfaimís seirbhís gan eagla dhó
75I naomhthacht agus i bhfíréantacht ’n‐a láthair gach lá d’ár saoghal.
76Agus tusa, a leinbh, glaodhfar ort fáidh an Té is Aoirde;
Óir rachair roimh an Tighearna ag réidhteach na slighe dhó:
77Chum eolas ar shlánú do thabhairt d’á mhuinntir
Tré mhaitheamhnas a bpeacadh,
78Tré mhór‐thrócaire ár nDé,
Tré n‐a dtiocfaidh gealadh gréine anuas orainn,
79Ag soillsiú ortha‐san atá ’n‐a suidhe i ndorchadas agus i scáile an bháis;
Ag seoladh ár gcos i slighe na síothchána.
80Agus d’fhás an leanbh, agus do neartuigh sé ’n‐a spioraid, agus d’fhan sé ins an bhfásach go dtí an lá ’n‐a raibh air a fhoillsiú féin d’Israel.

Currently Selected:

Lúcás 1: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in