Eoin 6
6
1I n‐a dhiaidh sin do chuaidh Íosa trasna mar Galilé, is é sin muir Thibérias. 2Agus do lean sluagh mór daoine é, mar do chonnacadar na míorbhailtí do‐rinne sé ortha‐san do bhí breoite. 3Agus do chuaidh Íosa suas an cnoc, agus do shuidh sé annsin i bhfochair a dheisceabal. 4Agus do bhí an cháisc, féile na nIúdach, i bhfogas. 5Agus nuair d’árduigh Íosa a shúile, agus do chonnaic sé sluagh mór ag teacht chuige, adubhairt sé le Pilib, Cá gceannóchaimíd arán dóibh‐sean le n’ithe. 6G‐á thriail adubhairt sé sin: óir do bhí a fhios aige féin créad do‐ghéanadh sé. 7D’fhreagair Pilib dó, Níor leor dóibh luach dhá chéad pinginn d’arán chum go mbéadh blúire beag de ag gach duine aca. 8Adubhairt duine d’á dheisceablaibh, Aindrias, dearbhráthair Shíomóin Peadar, leis, 9Atá gasúr annso, go bhfuil cúig bollóga eornan agus dhá iasc aige, acht cad is fiú an méid sin idir an oiread sin daoine? 10Adubhairt Íosa, Cuiridh na daoine ’n‐a suidhe. Agus do bhí flúirse féin san áit sin. Do shuidh na daoine síos, mar sin, tuairim agus cúig míle a líon. 11Agus do thóg Íosa na bollóga; agus iar mbreith buidheachais dó, do roinn sé iad ortha‐san do bhí ’n‐a suidhe; agus na h‐iasca, chómh maith, an oiread díobh do theastuigh uatha. 12Agus nuair fuaradar a sáith, adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Bailighidh an sprúilleach atá fágtha, chum nach rachaidh éinnidh amugha. 13Agus do bhailigheadar, agus do líonadar dhá chiseán déag de sprúilleach na gcúig mbollóg eornan do bhí fágtha i ndiaidh na ndaoine do bhí ag ithe. 14Agus nuair do chonnaic na daoine an mhíorbhail do‐rinne sé, adubhradar, Go fírinneach is é seo an fáidh atá le teacht ar an saoghál.
15Ar n‐a fheicsin d’Íosa, ámh, go rabhadar ar tí teacht, agus breith air le h‐éigean, chum rí do dhéanamh dhe, d’imthigh sé ’n‐a aonar arís suas an cnoc.
16Agus nuair do bhí sé ’n‐a thráthnóna, do chuaidh a dheisceabail síos fá dhéin na fairrge; 17agus do chuadar isteach i mbád, agus bhíodar ag dul trasna na fairrge go Cafarnaúm. Agus do bhí dorchadas ann an t‐am sin, agus ní tháinig Íosa chucha. 18Agus do bhí an fhairrge ag éirghe le neart gaoithe móire do bhí ag séideadh. 19Agus nuair do bhí fá thuairim cúig staid fichead nó deich staid fichead d’iomramh déanta aca, do chonnacadar Íosa ag siubhal ar an bhfairrge, ag tarraing i ngar do’n bhád: agus do bhí scannradh ortha. 20Acht adubhairt seisean leo, Mise atá ann; ná bíodh eagla oraibh. 21Annsin do b’áil leo a ghlacadh isteach chuca sa mbád: agus ar an láthair do bhí an bád ag an tír chum a rabhadar ag dul.
22Ar n‐a bhárach na daoine do bhí ’n‐a seasamh ar an taobh thall de’n fhairrge, do chonnacadar nach raibh aon bhád eile ann, acht bád amháin, agus nach ndeachaidh Íosa i n‐éinfheacht le n‐a dheisceablaibh isteach sa mbád sin, acht gur imthigh na deisceabail leo féin 23(tháinig báid, ámh, ó Thibérias i n‐aice na h‐áite ’n‐ar itheadar an t‐arán tar éis altuighthe an Tighearna): 24nuair do chonnaic an sluagh nach raibh Íosa ná a dheisceabail annsin, do chuadar féin isteach ins na bádaibh, agus thángadar go Cafarnaúm ar lorg Íosa. 25Agus nuair fuaradar é ar an taobh thall de’n fhairrge, adubhradar leis, A Rabbí, cá h‐uair tháinig tú annso? 26D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Ní mar gheall ar na cómharthaibh do chonnacabhar atá sibh ’gam’ lorg, acht de chionn gur itheabhar na bollóga, agus gur sásuigheadh sibh. 27Ná saothruighidh an biadh théigheas amugha, acht saothruighidh an biadh mhaireas go dtí an bheatha shíorraidhe, an biadh bhéarfas Mac an Duine dhaoibh: óir is airsean do chuir an t‐Athair, Dia, a shéala. 28Uime sin adubhradar leis, Créad atá le déanamh againn, ionnas go ndéanfaimís oibreacha Dé? 29D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Is é obair Dé, go gcreidfeadh sibh san té do chuir sé uaidh. 30Annsin adubhradar leis, Créad é an cómhartha do‐ghní tusa chum go bhfeicfimís é, agus go gcreidfimís ionnat? 31Créad é an gníomh do‐ghní tú? D’ith ár n‐aithreacha an manna sa bhfásach; mar atá scríobhtha, Thug sé arán ó neamh le n’ithe dhóibh. 32Annsin adubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, Níorbh é Maois thug an t‐arán ó neamh daoibh; acht is é m’Athair do‐bheir an fíor‐arán ó neamh daoibh. 33Óir is é arán Dé an t‐arán thig ó neamh anuas agus do‐bheir beatha do’n tsaoghal. 34Annsin adubhradar leis, A Thighearna, tabhair an t‐arán sin dúinn i gcómhnaidhe. 35Adubhairt Íosa leo, Is mise arán na beathadh: an té thig chugam‐sa, ní bhéidh ocras go bráth air, agus an té chreideas ionnam‐sa, ní bhéidh tart go bráth air. 36Acht adubhairt mé libh go bhfaca sibh mé agus nach gcreideann sibh. 37Gach a dtugann an t‐Athair dhom, tiocfaidh sé chugam, agus an té thig chugam ní chuirfidh mé uaim é ar chor ar bith. 38Óir ní chum mo thoil féin do dhéanamh tháinig mé anuas ó neamh, acht chum toil an té do chuir uaidh mé do dhéanamh. 39Agus is é toil an té do chuir uaidh mé nach gcaillfinn aoinneach díobh‐san atá tabhartha aige dhom, acht go dtógfainn suas é an lá deiridh. 40Óir is é toil m’Athair, an uile dhuine do‐chí an Mac, agus chreideas ann, go bhfaigheadh sé an bheatha shíosraidhe, agus tógfad‐sa é an lá deiridh.
41Agus do bhí na h‐Iúdaigh ag ceisneamh ’n‐a thaobh, toisc go ndubhairt sé, Is mise an t‐arán tháinig anuas ó neamh. 42Agus adubhradar, Nach é seo Íosa mac Sheosaimh, go bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? cionnas, d’á bhrigh sin, adeir sé, Tháinig mé anuas ó neamh? 43D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Ná bidhidh ag ceisneamh eadraibh féin. 44Ní féidir le h‐aon duine teacht chugam‐sa, muna dtarraingidh an t‐Athair do chuir uaidh mé, é: agus tógfad‐sa suas é an lá deiridh. 45Atá scríobhtha ins na fáidhibh, Agus béidh siad uile d’á dteagasc ag Dia. Gach duine d’éist leis an Athair, agus d’fhoghlaim, tagann sé chugam‐sa. 46Ní h‐é go bhfaca aon duine an t‐Athair, acht amháin an té atá ó Dhia, do chonnaic seisean an t‐Athair. 47Go fírinneach adeirim libh, An té chreideas, atá an bheatha shíorraidhe aige. 48Is mise arán na beathadh. 49D’ith bhúr n‐aithreacha an manna sa bhfásach, agus fuaradar bás. 50Is é seo an t‐arán tháinig anuas ó neamh, go n‐íosfadh duine é, agus nach bhfaigheadh sé bás. 51Is mise an t‐arán beo tháinig anuas ó neamh: má itheann duine an t‐arán so, mairfidh sé go deoidh: agus an t‐arán do‐bhéarfad‐sa, is é m’fheoil é, tugadh chum beathadh an tsaoghail.
52Annsin d’éirigh aighneas idir na h‐Iúdaigh, agus adubhradar, Cionnas is féidir do’n fhear so a chuid feola do thabhairt dúinn le n’ithe? 53D’á bhrigh sin adubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, Muna n‐ithidh sibh feoil Mhic an Duine, agus muna n‐ólaidh sibh a fhuil, ní fhuil aon bheatha ionnaibh. 54An té itheas m’fheoil agus ólas m’fhuil, atá an bheatha shíorraidhe aige, agus tógfad‐sa é an lá deiridh. 55Óir is fír‐bhiadh m’fheoil‐se, agus is fír‐dheoch m’fhuil‐se. 56An té itheas m’fheoil agus ólas m’fhuil, cómhnuigheann sé ionnamsa, agus cómhnuighim‐se ann. 57Fá mar chuir an t‐Athair sír‐bheo mise uaidh, agus gur tríd an Athair mhairimse: mar an gcéadna an té itheas mise, is tríom‐sa mhaireas sé. 58Is é seo an t‐arán tháinig anuas ó neamh: ní h‐ionann é agus an t‐arán d’ith bhúr n‐aithreacha agus fuair bás: an té itheas an t‐arán so, mairfidh sé go deoidh. 59Adubhairt sé an méid sin sa tsionagóig agus é ag teagasc i gCafarnaúm.
60Ar an adhbhar sin, a lán d’á dheisceablaibh nuair do‐chualadar é, adubhradar, Is cruaidh an chainnt í sin, cia d’fhéadfadh éisteacht léi? 61Acht, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a dheiseabail ag cannrán ’n‐a thaobh so, adubhairt sé leo, An bhfuil sin ’n‐a chás oraibh? 62Agus dá bhfeiceadh sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé ar dtús? 63Is í an spioraid do‐bheir beatha; ní fhuil tairbhe ar bith sa bhfeoil: na briathra atá ráidhte agam libh, is spioraid agus is beatha iad. 64Acht atá cuid agaibh nach gcreideans. Óir do bhí a fhios ag Íosa ó thosach cia’rbh iad nár chreid, agus cia’rbh é do bhí chum é do bhraith. 65Agus adubhairt sé, Is ar an adhbhar sin adubhairt mé libh nach féidir le h‐aoinneach teacht chugam muna bhfuil tabhartha ag m’Athair dhó teacht.
66Ó’n uair sin amach do thréig mórán d’á dheisceablaibh é, agus níor shiubhladar a thuilleadh leis. 67Adubhairt Íosa, d’á bhrigh sin, leis an dáréag, Arbh áil libh‐se imtheacht, leis? 68D’fhreagair Síomón Peadar é, A Thighearna, cia chum a rachaimís? is agat‐sa atá briathra na beathadh síorraidhe. 69Agus creidimíd‐ne, agus atá a fhios againn gur tusa Aon Naomhtha Dé. 70D’fhreagair Íosa dhóibh, Nár thoghas‐sa sibh‐se, dáréag, agus duine agaibh ’n‐a dhiabhal? 71Agus is do Iúdás Shíomóin Iscariót do bhí sé ag tagairt, óir ba eisean do bhí chum é do bhrath, agus gur duine de’n dáréag é.
Currently Selected:
Eoin 6: ATN1951
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932